LÉIRMHEAS: Ní raibh Charlie gan cháim

Scigcharachtair seachas carachtair a bhí idir lámha ar an gclár Charlie ar uairibh ach saothar fónta a bhí ann leis.

Charlie
Nuair a fógraíodh an cliar don scannán Michael Collins (1996) bhí cad é bús faoi Liam Neeson agus Julia Roberts, ní nach ionadh. Ina theannta sin, áfach, tugadh suntas do roghnú Alan Rickman do ról Éamon de Valera.

Ba é Rickman a thug taispeántais gháifeacha mar na bithiúnaigh in Robin Hood: Prince of Thieves (1991) agus Die Hard (1988). Bhí tráchtairí ag maíomh gur thug seo éachtaint ar an léamh a dhéanfaí ar Dev sa scannán.

Tháinig an tuar faoin tairngreacht sin mar ní raibh an leiriú ar Dev chomh dearfach sin, go mórmhór i gcomparáid le laoch-adhradh an Choileánaigh.

An amhlaidh a bheadh le Charlie (RTÉ 1, aréir), a fiafraíodh? Tá aithne ag an saol Fódlach ar Aidan Gillen mar an gealt John Boy in Love/Hate agus mar an sleamhnánaí lán le scéiméireacht Little Finger in Game of Thrones. Sin ar fad gan trácht ar Nidge mar PJ Mara.

Dar liom gur tháinig an tuar faoin tairngreacht an athuair.

Carachtar sotalach, mórchúiseach, slítheanta, uaillmhianach a cuireadh os ár gcomhair le scéimeireacht a d’fhágfadh Little Finger in áit na leathphingne.

Ghin Charlie Haughey dílseacht agus gean dochreidte i measc sciar suntasach den phobal, mothúcháin a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – cuir ceist ar mhuintir an Daingin.

D’eascair an nasc seo as cumas grinn an duine mar aon lena mhealltacht agus tarraingteacht. Ar an drochuair, is beag de seo a bhí le feiscint sa chéad ghála den mhionsraith seo. Lena cheart a thabhairt d’Aidan Gillen agus Tom Vaughan-Lawlor a bhí fairis do chuid mhaith den chlár, tugann siad taispeantais chumasacha uathu ach chinntigh an scríbhinn gur scigcharactair a bhí idir lámha acu ar uairibh seachas carachtair.

Tosnaíonn an chéad chlár i 1979 agus Charlie i mbun aiseirí tar éis fothragadh Thriail na nArm. Éiríonn leis an glcár teannas a ghéarú in áiteanna agus comhrac an bhradáin idir Charlie agus George Colley is iad ag tóraíocht na ceannaireachta. Tá na pearsana cáiliúla ar fad le feiscint: Des O’Malley, Brian Lenihan, Sean Doherty, Ray Burke, Des Traynor etc.

Ní maith an léiriú a dhéantar ar chuid acu: is dul amú é Brian Lenihan agus cábóg
chríochnaithe é Seán Doherty. Ina theannta sin ní raibh an lucht déanta siúráilte faoi cad a dhéanfaidís le Geraldine Kennedy agus bhí sí á raideadh isteach i radharcanna go ciotach dá bharr.

Déantar iarracht inmholta eachtraí na linne a chíoradh: trioblóidí an Tuaiscirt, an caidreamh le Margaret Thatcher, an caidreamh le Terry Keane, coimhlint inmhéanach Fhianna Fáil, géarchéim eacnamaíochta na tíre mar aon le caidreamh Haughey le hairgead, fiacha agus fir ghó, gan amhras.

Chuir sé as dom ar uairibh gur cinneadh ar chúiseanna buiséid, nó eile, cúbadh ó radharcanna/seatanna áirithe a sholáthar; ní raibh aon radharc le Margaret Thatcher, rud a bhí ait óir bhí an oiread sin cainte fúithí agus ní raibh aon radharc Dála againn, easnamh tromchúiseach dar liom.

Ina theannta sin, bhí an clár, ar chúiseanna buiséid, b’fhéidir, ag streachtailt le radharcanna de shluaite (Ard Fheiseanna agus preasagallaimh) agus, ach oiread leis an scannán The Guarantee, bhí cuma bhréagach orthu amach is amach.

Is mór an trua nár baineadh níos mó úsáide as ábhar cartlainne leis na heasnaimh seo a chúiteamh. Saothar fónta nach bhfuil gan cháim ach, mar sin féin, táim ag súil leis an gcéad chlár eile.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Ní raibh Charlie gan cháim'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tagaim cuid mhór le léirmheas Bhreandáin anseo – theip ar an gcéad mhír sa sraith seo carachtair doimhin Charlie a thabhairt leis. Bhí sé an script thar fóir agus an aisteoireacht dá réir. Is mór an trua nár fágadh an clár seo fé dream níos cumasaí seachas RTÉ – cheapfainn féin gur fearr an jab a dhéanfadh TG4 de i bhfianaise feabhas leithéidí An Bronntanas, Na Cloigne, Corp agus Anam, The Running Mate…..