LÉIRMHEAS: ‘Náire’ ar TG4 – clár cumhachtach, slachtmhar faoi thír aineoil an idirlín

Ciara Ní É a dhein sinn a threorú tríd na scéalta gruama, tragóideacha a cuireadh os ár gcomhair san eagrán is déanaí den tsraith faisnéise thathagach dhátheangach Tabú ar TG4

LÉIRMHEAS: ‘Náire’ ar TG4 – clár cumhachtach, slachtmhar faoi thír aineoil an idirlín

Thugas suntas an tseachtain seo don séú gála den tsraith faisnéise thathagach dhátheangach Tabú ar TG4. ‘Náire’ an teideal a bhí ar an gclár seo agus cíorann sé an tslí a bhfuil na meáin shóisialta ag réabadh agus ag truailliú an phríobháideachais. Dúshaothrú gnéis (‘sexploitation’), bulaíocht ar líne, náiriú agus ciapadh,  grianghraif/míreanna físe á gcur ar shuíomhanna pornagrafaíochta agus a lán nithe gránna dainséaracha eile nach iad a bhí faoi chaibidil.

Is deas go mbíonn láithreoir difriúil againn do gach clár sa tsraith seo, láithreoir a bhfuil tuiscint acu ar an ábhar atá idir chamáin. Sa chlár seo ba í an spreagthóir ar na meáin shóisialta

Ciara Ní É a dhein sinn a threorú tríd na scéalta gruama, tragóideacha a cuireadh os ár gcomhair.

Deir sí linn ag tús an chláir go bhfuil nasc idirlín ag ceithre bhilliún duine ar fud na cruinne. Tá na billiúin acu sin nasctha leis na meáin shóisialta; tá breis agus dhá bhilliún ag Facebook iad féin. Tá taithí ag daoine anois ar gach gné dá saol a chraobhscaoileadh ar ardáin cosúil le Twitter, Facebook, Instagram srl. Ní haon ionadh ar shlí go bhfuilimid ar imeall na haimléise.

Ceann de na teachtaireachtaí sollúnta a bhí le sonrú sa chlár ná go gcaithfimid ar fad freagracht a ghlacadh as ár gcuid iompair ar líne. Labhair Paul Dwyer, ó Cyper Risk International, faoi ‘cyber hygiene’ agus tráchtadh ar an easpa smachta atá agat ar íomhánna/físeáin díot féin nuair a théann siad ar líne.

Labhair Carl O’Reilly agus Gary Stevens faoin sceimhle a bhaineann leis an dúshaothrú gnéis agus thug Mary O’Donnell cuntas ar an léasadh a fuair sí ar líne nuair a dhein sí botún le smideadh ar chlár teilifíse.

Tráchtadh arís agus arís eile ar fhearg gan dealramh agus ar chruálacht agus místuaim shaighdiúirí na méarchlár. Bhí alltacht ar an scríbhneoir Stephanie Preissner go raibh ár leanaí ag dul le báiní ar an idirlíon agus chuir sí an rud ar fad i gcomparáid le The Hunger Games.

Chuir Ciara Ní É bean anaithnid faoi agallamh agus dhein ‘Siobhán’ cur síos ar an bhfulaingt a bhaineann le pornagrafaíocht díoltais mar aon leis an bhfrustrachas a bhain lena cuid iarrachtaí cothrom na Féinne a fháil nuair nach bhfuil an dlí an-soiléir faoin gcúram.

Bhí deora i gceann mo chuid súl nach mór ag deireadh an chláir nuair a d’inis Jackie Fox scéal truamhéalach a hiníne Nicole. Deineadh bulaíocht chruálach ar Nicole ar líne agus chuir sí lámh ina bás féin níos luaithe i mbliana. Tá Jackie croíbhriste ach tá sí ag feachtasaíocht go dúthrachtach le go dtabharfaí isteach Dlí Coco, reachtaíocht a thabharfadh aghaidh ar an mbulaíocht ar líne.

Clár cumhachtach, slachtmhar.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: ‘Náire’ ar TG4 – clár cumhachtach, slachtmhar faoi thír aineoil an idirlín'

  • Pleidhce

    Ta suil agam go leann eagarthoir(i) Tuairisc.ie do chuidse alt freisin?