LÉIRMHEAS: Mo Pheann ag Rince

Ba léiriú ar chomh tógtha is a bhí daoine leis an ócáid seo, gur árdaigh siad lámha i mbualadh bos i dtreo grianghraif de Sheán Ó Ríordáin.

10648394_1532249280344080_8951115952021160428_o

Bhraitheamar go raibh Seán Ó Ríordáin inár láthair i scoil na mbuachaillí, Amharclann Smock Alley, oíche Déardaoin seo caite.

A bhuíochas sin do ‘Mo Pheann ag Rince—Tionscadail an Ríordánaigh’.

Tugadh focail, gruaim agus acmhainn grinn an fhile ina mbeatha.

Bhí slua deas cluthair bailithe do cheann de bhuaichphointí Féile IMRAM na bliana seo.

Ócáid a rinne comóradh ar dhá nua fhoilseachán de chuid Chló Iar-Chonnacht; dialann an Ríordánaigh in Anamlón Bliana (eag. Tadhg Ó Dúshláine) agus Selected Poems (eag. Frank Sewell).

Cuireadh tús leis an oíche le ceol ón snagamhránaí Melanie O’Reilly agus a banna cumasach.

Chas siad cúig dhán de chuid an Ríordánaigh, véarsaí i nGaeilge agus véarsaí aistrithe go Béarla ag Séan Ó Nualláin le cóiriú snagcheoil orthu. Is fearr a d’éirigh leis na liricí béarla ná na liricí Gaeilge sa mhír seo.

Tar éis briseadh gairid, bhí Liam Ó Muirthile, Louis de Paor agus an giotáraí Enda Reilly romhainn.

D’aithris Ó Muirthile sleachta as dialann an Ríordánaigh a choinnigh sé ó 1940 go dtí go gairid sular cailleadh ón eitinn é i 1977. Léigh Louis de Paor na dánta a tháinig leis na sleachta dialainne.

Is léir ón tslí thomhaiste inar láimhseáil Ó Muirthile téacs na dialainne, an meas atá aige ar an Ríordánach. Is toradh an tionscadail seo ar na blianta atá caite aige tumtha i scríbhneoireacht a chomh-Chorcaígh.

I nglórtha na reacairí seo, labhraíonn Ríordánach príobháideach na dialainne agus Ríordánach poiblí na ndánta leis na daoine.

Rinne an bheirt uainíocht ar a chéile, ag gluaiseacht go deas réidh trí aigne shuaite an Ríordánaigh.

Tugann an tionlacan giotáir toise breise do bhrí na ndánta. Toise a leagann béim ar an ngné tharchéimiúil den fhilíocht.

Ag trácht ar an gceol, dúirt Louis de Paor gur thug sé deis dó féin meadaracht na filíochta a mhoilliú.

Tugann an polka atá mar thionlacan le Fill Arís an lucht féachana leis siar amach go ‘Mecca’ Dhún Chaoin.

Ar bhallaí scoil ársa na mbuachailí, taobh thiar d’fhilí Chorcaí agus giotáraí Bhaile Átha Cliath, bhí íomhánna agus léaráidí den fhile leis an ealaíontóir físe Margaret Lonergan.

Bhí roinnt de na heitseálacha cosúil le breacairecht ar chiumhais chóipleabhair scoile. Bhí na grianghraif aitheanta, dubh is bán, den Ríordánach mar chuid den taispeántas agus cuma dhifriúil anois orthu le focail an fhir féin ag neadú i do chluasa.

Chuir Ó Muirthile clabhsúr ar an oíche le sliocht deiridh na dialainne.

Sheas an lucht féachanna ó na binsí scoile ag bualadh bos ó chroí amach. Ba shárthaispeántas aithriseoireachta, filíochta agus ceoil é seo a d’fhág daoine corraithe agus deora le corrshúil.

Ba léiriú ar chomh tógtha is a bhí daoine leis an ócáid seo, gur árdaigh siad lámha i mbualadh bos i dtreo grianghraif de Sheán Ó Ríordáin.

I ndiaidh achair chainte eatarthu féin, osclaíodh taobhdhoras scoil na mbuachaillí agus scaip na daoine — file Bhaile Bhúirne á thabhairt abhaile leo ina gcroíthe.

Ba bhreá é dá dtiocfadh Tionscadail an Ríordánaigh ar cuairt gealaí arís go luath. Camchuairt gealaí ar fud na tíre a mholfainn.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Mo Pheann ag Rince'