LÉIRMHEAS LEABHAIR: Ná bímis soiniciúil faoi! Commit!

B’fhéidir gurb í an chuid is iontaí faoi leabhar an iar-pheileadóra Enda McNulty ná gur fhág sé ábhar machnaimh ag iriseoir soiniciúil Gaeilge.

LÉIRMHEAS LEABHAIR: Ná bímis soiniciúil faoi! Commit!

Dá ndéarfainn leat go raibh leabhar scríofa ag iar-imreoir peile de chuid CLG, níor dheacair duit cur síos a dhéanamh air: ‘Ó, clábar, caid, droch-chaint!’ Ní bhíonn muid ag súil le mórán as an nua le leabhair CLG, an mbíonn? Cur síos ar chluichí, caint gharbh an tseomra feistis, botúin an réiteora, feall na gcomrádaithe, an bua mór i ndeireadh thiar thall. Tá an cur chuige chomh seanchaite le, bhuel, chomh seanchaite leis an nath seanchaite.

Ach seo an eisceacht – leabhar le Enda McNulty, iarpheileadóir de chuid Ard Mhacha, a bhfuil Commit! (Penguin Ireland) air agus fotheideal a gheallann ‘Make your mind and body stronger and unlock your full potential.’ Is leabhar é atá scríofa ag fear spóirt, a luann spórt, ach nach leabhar spóirt é. Ó, a Thiarna, a deir tú, tá sin níos measa ná clábar, caid agus droch-chaint. Tá cuma air sin go bhfuil fear Ard Mhacha i ndiaidh éirí iontach, bhuel, Poncánach. Commit? Sin an cineál ruda a chluinfeá ag Barack Obama agus a gháir chatha bhaoth ‘Yes, we can!’. Sea, bhí toradh maith air sin, nach raibh?

B’éagórach an cur síos é sin ar leabhar McNulty nó tá céim aige sa tsíceolaíocht agus iarchéim in eolaíocht an spóirt. Is den tsaol, den taithí, den teip, den staidéar, den tsoineantacht an ghaois atá sa leabhar seo ag McNulty. D’imir sé peil Ghaelach le glúin sin na bua in Ard Mhacha agus tá bonn uile-Éireann aige de bharr a chuid iarrachtaí. Ó d’éirigh sé as an pheil, bhunaigh sé comhlacht, McNulty Performance, a chuireann comhairle ar fáil do chomhlachtaí móra gnó agus do dhaoine aonair leis an dóigh is fearr lena gcumas féin a bhaint amach, a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Tá tú ag smaoineamh go bhfuil sé rud beag Poncánach ina chur chuige go fóill, nach bhfuil? Is i bhfad óna leithéid a tógadh thú. Is i bhfad óna leithéid a tógadh McNulty féin i ndeisceart Ard Mhacha ach… Bhuel, bhí gaois agus dea-shampla na seanfhondúirí ann, dhá thréith a d’aithneodh mórán Éireannach, an dea-chomhairle agus an dea-shampla a spreagann an duine chun cinn. Mol an óige… Níor chaill fear an mhisnigh… Is fearr rith maith ná…

Ní leabhar mór trom é seo. Is furasta a léamh caibidil ar chaibidil agus tá lear mór línte beaga ann a chuirfeas ag machnamh nó ag gáire thú – ag brath ar do mheon féin, is dócha: ‘Status or fame don’t matter. It’s all about the passion. Meaning is the source of passion, and passion is what will sustain you in the journey towards your mission.’ Agus é seo: ‘If you mean it, write it down.’ (Beatha teanga í a labhairt, buanú teanga…)

Scríobhann McNulty faoi eachtraí beaga le pearsana móra spóirt, an tionchar a d’imir sé orthu agus an tionchar a d’imir siadsan airsean. Tá boic mhóra an rugbaí anseo, lúthchleasaithe Oilimpeacha agus laochra na peile Gaelaí mar aon le lucht gnó. Scríobhann McNulty nach n-aithníonn muid go minic na deiseanna atá romhainn de bharr na haigne a bheith reoite; nach dtuigeann muid go minic gur féidir leis an athrú meoin is lú an toradh is fearr a bhaint amach. Níl sé ag caint ar a bheith míréalaíoch ach níl sé á rá ach an oiread gur cheart duit glacadh leis na coinníollacha saoil a chuireann daoine eile romhat.

Cuireann sé síos ar a thaithí féin, ar ndóigh, mar dhuine, mar pheileadóir, mar fhear gnó. Briseadh a sciathán go holc agus é ina dhéagóir agus dúradh leis nach n-imreodh sé peil go deo arís – ach d’imir. Dúirt sé go mbainfeadh sé bonn uile-Éireann amach le hArd Mhacha – ábhar grinn ag mórán daoine in Ard Mhacha féin gan a bheith ag caint faoin chuid eile d’Ulaidh nó d’Éirinn – agus bhain. Chuaigh sé chun cainte le lucht bainc faoi mhaoiniú a fháil dá chomhlacht, thug siad cluas bhodhar dó ach d’éirigh leis gnó a bhunú agus a chuid spriocanna a bhaint amach ina n-ainneoin.

Treoirleabhar atá ann mar Commit! agus treoirleabhar a chuirfeadh i gcuimhne do bhainisteoir na foirne sóisearaí, don pheileadóir gan phaisean club, don oibrí gan aird sa chomhlacht, don ghníomhaí nó don fheidhmeannach san eagras teanga, go bhfuil ceachtanna le foghlaim, pleananna le cur i gcrích, deiseanna le tapú – ach do mhachnamh a dhéanamh agus an cur chuige ceart a aimsiú.

B’fhéidir gurb í an chuid is iontaí faoin leabhar ar fad go bhfágann sé ábhar machnaimh ag iriseoir soiniciúil Gaeilge. Commit! B’fhéidir go ndéanfainn go fóill.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS LEABHAIR: Ná bímis soiniciúil faoi! Commit!'