Daonnacht Vaclav Havel – ‘We are all a little bit what we were yesterday and a little bit what we are today…’

LÉIRMHEAS LAEBHAIR: B’é Václav Havel an t-aon pholaiteoir mór le rá ar an Mór-Roinn ó 1990 i leith a dhiúltaigh ómós a thabhairt do thaibhsí na staire. Ba thábhachtaí leis cruacheisteanna an tsaoil, a deir ár léirmheastóir

Václav Havel

Havel: A Life  le Michael Zantovsky (Atlantic)

Polaiteoir neamhghnách ab ea Václav Havel. D’fhoghlaim sé a chuid polaitíochta ón ndrámaíocht agus ón aisteoireacht. B’fhearr leis beoir ná bolscaireacht, agus bhain sé níos mó sásaimh as mná dathúla ná meastúcháin cháinfhaisnéise. Agus más ea, chaill sé leath dá ríocht le linn an “cholscaraidh shéimh” i 1992 nuair a d’imigh an tSlóvaic ón tseanríocht. Ba chuma le formhór an domhain, áfach, faoi na laigheachtaí agus tubaistí seo. D’éist Gorbachev agus Bush père le Havel nuair a labhair sé mar gheall ar NATO nó ballraíocht a thíre san Aontas Eorpach, agus ba mhór an meas a bhí ag Mrs Thatcher air. Faightear cur síos iontach i mbeathaisnéis bhreá nua Michael Zantovsky, Havel: A Life (Atlantic), ar chuairt Phríomh-Aire na Breataine go dtí Prág i 1990. Níor léir do lucht Havel cad as ar tháinig an cuairteoir seo: “…she hardly put her handbag down before she gave Havel a stern lecture on everything he had done right so far and a few things he had done wrong. There was a slightly extraterrestrial air about her, but Havel admired her no less for that.”

HAVEL.A_LIFETeastaíonn ó Zantovsky pearsantacht Havel a scagadh, agus úsáid á baint aige as an ndlúthchairdeas eatarthu le blianta fada. Tugann sé droim láimhe leis an áiteamh nach féidir le húdar beathaisnéis a scríobh ar sheanchara aige gan claontacht ná maoithneachas a bheith ann. Dar leis, is féidir ceol a bhaint as an ngrá atá aige do Havel. “My own relationship with Havel can best be described by a word that I use with the utmost reluctance. But if love means not just liking another person and enjoying his company, but caring for him, worrying about him, dwelling in one’s thoughts with him over considerable distances and periods of time, and being keen on his approval and reciprocation, then love it was”.

Ní minic a fhaightear réamhrá cosúil leis an gceann sin. Cén fáth a bhfuil tábhacht ar leith fós ag baint le huachtarántacht Havel? D’fhéadfaí éachtaí ilghnéitheacha a lua (imeacht síochánta na saighdiúirí Rúiseacha, a leithscéal dos na clanna Gearmánacha a díbríodh ón tSeicslóvaic tar éis 1945, an bhéim a chur sé ar mhacántacht sa pholaitíocht), ach braithfidh an léitheoir Éireannach rud éigin breise ann. B’é Havel an t-aon pholaiteoir mór le rá ar an Mór-Roinn ó 1990 i leith a dhiúltaigh don pholaitíocht stairiúil. Labhair sé go minic fé na deacrachtaí a bhaineann le tíortha a bhunaíonn córais pholaitiúla ar sheanchas, ar thraidisiúin, ar ghuthanna na marbh. Scríobh sé i ndráma amháin, The Garden Party, “we are all a little bit what we were yesterday and a little bit what we are today…”. Dar le Havel, ba é príomhdhúshlán na polaitíochta ná “whether we are really and unreservedly able to vouch for ourselves”, seachas ómós a thabhairt do thaibhsí na staire.

Chuir scoláire ceist air cúpla bliain sular toghadh ina uachtarán é mar gheall ar dhlisteanacht stairiúil an aitheantais Sheicigh. Chuir Havel in iúl dó go raibh cúrsaí níos tábhachtaí ná an náisiúnachas ag déanamh tinnis dó. “Personally I don’t bother myself with such questions… These matters have already been decided by others. In any case I have other worries. And the main worry is one common to all people everywhere: how to deal with one’s life, how to bear and sort out one’s dilemmas, whether they be human, existential, moral or civic.”

Ba í an daonnacht seo a phríomhbhua, agus an tréith is mó a samhlaíodh leis.

Fág freagra ar 'Daonnacht Vaclav Havel – ‘We are all a little bit what we were yesterday and a little bit what we are today…’'

  • Larry Phelan

    N’fheadar an dtabharfainn ‘ríocht’ ar an tSeicslóvaic. Is maith léirmheasanna den sórt seo, bíodh a thuilleadh mar é agaibh, le bhur dtoil, a Thuairisc.

  • MBM

    Mhair mise sa tSeicslóvaic le linn Réabhlóid na Veilbhite agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an chéad óráid phoiblí a thug VH ar an teilifís 1 Eanáir 1990: https://www.cainteoir.com/Default.aspx?alt=nil_ar_dtir_faoi_bhlath

  • padraig o donnchu

    Ni bheidh a leitheid aris ann! ‘Macantacht’ sa pholaitiocht, a la machiavelli is docha? Ni fior ar fad a ra nar bhadrail se le ceisteanna faoin naisiunachas, ni bhionn aon dul as/astu againn oir feach gur ghaibh se a leithsceal leis na clanna Gearmanacha a ruaigeadh agus rinneadh dha lom-leath da thir ar an mbonn naisiunach ceanna. Ach bhi ardmheas agam air mar ealaiontoir agus thar aon rud eile mar dhuine. Ceist: an feidir a bheith i do dhuine agus i do pholaiteoir no an gcealaionn ceann amhain an ceann eile?

  • Conor Ó Briain

    Is beag daonnachta a léirigh Havel do na céadta míle básaithe ag escaudrones de la muerte thar cheann Uncail Sam i Meiriceá Láir nuair a rinne sé madra lathaí de fhéin os comhair Congress i 1990.