LÉIRMHEAS: Is mór an phribhléid í an leathuair féin a chaitheamh le Leonardo da Vinci

Tá saothar de chuid Leonardo da Vinci ar taispeáint in Iarsmalann Uladh i mBéal Feirste

LÉIRMHEAS: Is mór an phribhléid í an leathuair féin a chaitheamh le Leonardo da Vinci

500 bliain ó shin a fuair Leonardo da Vinci bás. Fear mór de chuid na hAthbheochana a bhí ann, ealaíontóir, innealtóir, machnóir. Is iomaí sin bua atá luaite leis; ginias i mbeagán focal agus duine de na daoine is clúití a mhair riamh.

Tá saothar dá chuid anois ar taispeáint in Iarsmalann Uladh i mBéal Feirste, Leonardo da Vinci: a life in drawing, bailiúchán beag, is fíor, ach is mór an phribhléid í an leathuair féin a chaitheamh le bunsaothar an ealaíontóra seo.

Tá léarscáil den Arno ann, abhainn in aice Firenze, an chathair inar tógadh é, léaráidí den chorp inmheánach, léaráid d’fhir ag iomrascáil le gunna mór (ní deisceart Ard Mhacha atá ann!) agus pictiúr scáfar amháin de stoirm ag sciúrsáil an talaimh, Díle. Is é atá bagrach mar íomhá nó d’aimsigh da Vinci croí an oilc sa drochaimsir agus duine ar bith a bhí faoin tuath lá stoirme aithneoidh sé láithreach an fhírinne i saothar a lámh.

Ceann de na rudaí is mó a chuir iontas orm féin faoin taispeántas gur le cailc a rinneadh mórán de na réamhshaothair seo, sceitsí beaga oilte a bhí mar réamhullmhúchán sular thug sé faoi shaothair mhóra.

Cailc? Bainim leis an ghlúin sin a d’fhoghlaim teangacha, mata agus eile ar an chlár dhubh, cailc i gcónaí i ngreim ag múinteoirí agus iad ag scríobh leo. Má bhaineann tú leis an ghlúin sin, beidh cuimhne ar chailc agat agus ar an fhuaim ar leith a dhéanadh sí ar chlár de réir mar a mheall an múinteoir siombailí agus focail as an dorchadas leis an chailc gheal.

Níorbh eol dúinn, ar ndóigh, go raibh ár gcuid múinteoirí féin ag baint úsáid as na huirlisí céanna le Leonardo da Vinci.

Cuí go maith, thosaigh an taispeántas ar an chéad lá de mhí Feabhra agus beidh sé ar siúl go dtí an Luan, 6 Bealtaine. Ó thús an Earraigh go haoibhneas na Bealtaine i gcuideachta da Vinci. Ní holc an turas é sin. Níl costas ar bith i gceist leis an taispeántas agus tá leabhar breá le fáil i siopa na hiarsmalainne a dhéanfas cinnte de nach ndéanfaidh tú dearmad ar an lá a chaith tú i gcuideachta Leonardo.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Is mór an phribhléid í an leathuair féin a chaitheamh le Leonardo da Vinci'