LÉIRMHEAS: Imithe ón gcairt ar fad

Ag snámh in aghaidh easa atá na haisteoirí i Gone Girl agus faraor tá David Fincher dulta amú an turas seo

gone-girl

Gone Girl
Stiúrthóir: David Fincher
Cliar: Ben Affleck, Rosamund Pike, Neil Patrick Harris, Tyler Perry, Carrie Coon.

Is beag duine a d’áiteodh go bhfuil a dhintiúirí stiúrtha ag David Fincher mar is liosta le háireamh é na scannáin shuaithinseacha atá tagtha óna cheárta. Tá nach mór fiche bliain caite ó raid Se7en i lár an aonaigh é agus chuir Fight Club an dlaoi mhullaigh ar a cháil cúpla bliain dár gcionn. Ina dhiaidh sin arís tháinig scannáin cosúil le Zodiac (2007), The Social Network (2010) agus The Girl with the Dragon Tattoo (2011), scannáin a mheall lucht féachana agus léirmheastóirí araon. Ina theannta sin ar fad, is é a bhí ar an stiúir don chéad dá chlár den tsraith House of Cards. Nuair a chualathas go raibh sé chun an leabhar Gone Girl le Gillian Flynn, leabhar ar éirigh leis a shlí a ghuailleáil isteach i liosta leabhar móréilimh an New York Times, a chur ar an scáileán mór, bhí tine ar chraiceann na léirmheastóirí agus lucht féachana céanna.

Tá deasghnáth scannánaíochta againn ag tús an scannáin mar a chuirtear tosach an chaidrimh idir an bheirt phríomhcharachtar Amy (Pike) agus Nick (Affleck) os ár gcomhair ar shlí sheanchaite, liobarnach. Seo linn ar aistear an ghrá ar feadh tamaill agus iad ag titim i ngrá le chéile, ag pósadh agus ag bogadh isteach i gceann de ‘Brown Stones’ cáiliúla Nua Eabhraic. Bogann siad go fód dúchais Nick in Missouri nuair a bhuailtear máthair Nick le hailse. Is ansan a thosnaítear ag léiriú dúinn, le cabhair na tráchtaireachta agus na n-iardhearcaí go bhfuil caidreamh na lánúine in umar na haimléise. Shamhlófa gur gineadh an scannán as an seanfhocal “Níl aon leigheas ar an ngrá ach pósadh.”

Nuair a théann Amy ar iarraidh, ní dhéanann Nick é féin a iompar mar is cóir agus, diaidh ar ndiaidh, tarraingíonn sé amhras ar féin.

I gcaitheamh an scannáin, déantar iarracht cíoradh a dhéanamh ar an tsiceolaíocht a bhaineann leis an gcaidreamh pósta nuair atá an grá ag teip agus an mhímhacántacht sa treis. I ndóthair, ní féidir leis sin a bheith róchríochnúil nuair atá duine den bheirt imithe le craobhacha, mar atá anseo. Déantar iarracht chiotach léiriú a thabhairt ar ról agus cumhacht na meán in eachtraí den sórt seo. An tslí gur féidir leo tuairim an phobail a mhúnlú slí amháin nó slí eile agus bíodh sa diabhal ag oibiachtúlacht.

Chun a cheart a thabhairt don scannán, éiríonn leis atmaisféar an teannais agus na mistéire a chothú nuair a théann Amy ar iarraidh, leis an lucht féachana idir dhá chomhairle faoi phearsantacht Nick. Téann an scannán amach ón gcairt ar fad sa 40 nóimint deireanach nó mar sin agus an lucht féachana ag gáirí in áiteanna gur dóichí go rabhthas ag súil go mbeadh alltacht nó teannas le brath.

Déanann Pike agus Affleck a ndícheall leis na rólanna ach nuair atá na carachtair agus an scríbhinn chomh heasnamhach sin, tá siad ag snámh in aghaidh easa.

Ní éireoidh leis an táirge seo tnútháin lucht leanta an leabhair a shásamh agus ní rachaidh sé i bhfeidhm in aon chor orthu siúd nár léigh an leabhar. Tá coiscéim bhacaí i gcreatlach an scéil agus na gcarachtar agus is é críoch agus deireadh na mbeart nach bhfuil an scéal inchreidte agus níl bá againn leis na carachtair.