LÉIRMHEAS: Gafa sa túr agus le Gallipoli

Rinneadh an stair a chíoradh go cumasach i gcláir ar TG4 agus RTÉ an tseachtain seo

RTE-Gallipoli-Irelands-Forgotton-Heroes-3

Cothrom an ama seo céad bliain thug fórsaí na comhghuaillíochta dúléim na guaise agus cuireadh feachtas tubaisteach Gallipoli sa tsiúl. De réir an phlean a bhí ceaptha ag Winston Churchill, ghabhfaidís tríd na Dardanelles, dhéanfaí Constantinople a ghabháil agus leis sin teacht i gcabhair ar na Rúisigh le fronta cogaíochta eile a chur ar bun. Ar an drochuair, níor fhéach siad an abhainn sara gcuadar ina cuilithe. Measadh fórsaí na Tuirce faoina gcumas, maraíodh breis agus 120,000 duine agus tar éis roinnt mhíonna theitheadar lena n-anamacha.

Sa chlár Gallipoli: Ireland’s Forgotten Heroes  (RTÉ 1, aréir), déantar iarracht cíoradh a dhéanamh ar thrí thoise dhifriúil den tréimhse.

Tugtar cur síos ó láthair na cogaíochta ar an gcoimhlint féin, soláthraítear cuntais Éireannacha agus déantar cíoradh ar an tslí nár tugadh, agus nach dtugtar fós, an t-aitheantas cuí dóibh siúd a seoladh ar shlí na fírinne go brúidiúil.

Déanann David Davin Power cúrsaí a stiúradh go slachtmhar agus tá nasc pearsanta aige leis an ábhar óir bhí a sheanathair páirteach san fheachtas.

Maraíodh 3,000 Éireannach agus tugann gaolta le cuid acu iad chun cuimhne go mothúchánach. Léirítear conas mar a ligeadh na daoine seo i ndearúd agus go raibh an choimhlint faoi scáth Chogadh an Somme agus Éirí Amach na Cásca.

An rud is mó  chuaigh i bhfeidhm orm ná gur maraíodh níos mó Éireannach ná Nua-Shéalannaigh i rith na coimhlinte agus déanann siad siúd lá ANZAC a cheiliúradh le bród fad is atá cuimhní na nÉireannach i mboscaí bróg san áiléar, faoi mar a deir Mháire Mhic Giolla Íosa. Éachtaint thráthúil ar stair chigilteach mhíleata na hÉireann.

Gafa sa TúrClár eile faoi bhrúidiúlacht na staire agus an gaol casta le Sasana atá in Gafa sa Túr (TG4, De Domhnaigh). I dtosach an chláir, fograítear go neamhbhalbh gurb é Túr Londain an caisleán is stairiúla agus is tábhachtaí i Sasana. Ar feadh tréimshí, bhíodh sé ag feidhmiú mar phálás ríoga, mar armlann, mar Zú agus mar áit stórála do sheoda na corónach ach is mar phríosiún a bhain an foirgneamh míchlú amach, go mórmhór i measc na nÉireannach.

Sa tsraith sé chlár seo, inseofar scéal na nÉireannach a cuireadh i ngéibheann sa bhfoirgneamh leis an scríbhneoir/staraí Séamas Mac Annaidh ár dtionlacan.

Sa chéad ghála, déantar scéal Thomás an tSíoda a ríomh. Tugtar cuntas ar chumhacht na nGearaltach in Éirinn agus longbhriseadh an teaghlaigh ina dhiaidh sin. Tugtar éachaint ar dtús ar scéimeireacht pholaitiúil Anraí VII a chur na heachtraí sa tsiúl agus na ciallachais pholaitiúla a bhain le treascairt na nGearaltach nuair a maraíodh Tomás i 1737.

Is séadchomhartha é an Túr anois a mheallann na milliúin turasóir gach aon bhliain ach ceilleann na ciútraimintí turasóireachta stair fhuilteach, bhrúidiúil an chaisleáin. Maraíodh 50,000 ar Chroch Tyburn thar 600 bliain. Seo an áit a gcrochtaí, a dtarraingítí agus a ndéantaí ceathrúna de chimí, cimí polaitiúla a bhformhór, a raibh coireanna polaitiúla tromchúiseacha curtha in leith. Ní nach ionadh, bhíodh cleatráil mhaith Éireannach ina measc i gcónaí.

Ar an lá a baineadh an ceann d’Anne Boleyn bhocht, bhí seisear Éireannach ag faire na tua ón Túr. Chaith Tomás an tSíoda breis agus bliain sa Túr sular crochadh é agus baineadh an ceann de.

Is láithreoir caithiseach é Mac Annaidh agus déanann sé a chuid reacaireachta go cumasach is é ag spaisteoireacht timpeall an chaisleáin; taispeánann sé an chloch ar a raibh Tomás ag greannadh a ainm, rud nach bhfuair sé deis a chríochnú.

Tá na míreanna beaga athchruthaithe snasta agus tá ionchar eolgaiseach ó chloigne cainte staire, a bhfuil Gaeilge ag triúr as an gceathrar. Is clár faisnéise foirmleach go maith atá anseo ach déantar an t-amhábhar a chíoradh go cumasach.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Gafa sa túr agus le Gallipoli'

  • Gearóid de Grás

    Leanann RTÉ agus a máistrí polaitiúla leo ag iarraidh “laochas” na nÉireannach a throid in Arm na Breataine a chur i gcion orainn. Níl laochas ná glóire ag baint le brú polaitiúil agus eacnamaíoch a bheith curtha ag coilínithe ar Éireannaigh dul ag troid i gcogadh impiriúlach agus dul ag marú go fuilteach barbarach ar son na hImpireachta dá réir go dtí go dtiocfadh bás fuilteach uafásach gan buíochas chucu féin.
    Ta fadhb mhór agam leis an teideal “Ireland’s Forgotten Heroes”. Ní bheadh fadhb ar bith agam le teideal mar “Ireland’s Forgotten Victims” mar íobartaigh a bhí iontu gan dabht ar bith.