LÉIRMHEAS: File lánoilte ar a ceird í Ní Ghearbhuigh

LÉIRMHEAS: Tá a dara cnuasach -Tost agus Allagar – seolta ag an bhfile Ailbhe Ní Ghearbhuigh. B’fhiú an fanacht fada…

Ailbhe

Ba leis an gcnuasach filíochta Péacadh (Coiscéim), a foilsíodh siar i 2008, a mheall Ailbhe Ní Ghearbhuigh léitheoirí na Gaeilge den chéaduair. Seans gurb é an dán is mó a bhfuil iomrá air ón gcnuasach sin ná an dán ‘Filleadh ar an gCathair’ a bhain áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’ anuraidh. Agus níor bheag an t-éacht é sin; ba í Ní Ghearbhuigh an file ab óige a roghnaíodh don ghearrliosta sin agus í ainmnithe i measc leithéidí Séamus Heaney, Eavan Boland agus Sheáin Uí Ríordáin. Sa dán úd, tarraingíonn sí líne le Máirtín Uí Dhireáin chuici le béim a leagan ar an suaimhneas a bhaineann sí as fuadar na cathrach i mBordeaux.

Faoiseamh a gheobhadsa,

ar mo ghrianán gealaí,

mo chluas le hamhrán tráchta.

Agus ocht mbliana caite anois ó foilsíodh an chéad chnuasach sin, sheol Ní Ghearbhuigh a dara cnuasach, Tost agus Allagar (Coiscéim), i nGaillimh an tseachtain seo. Is fada muid ag fanacht leis an dara cnuasach filíochta óna peann agus is cinnte gur gléine guth an fhile sna dánta nua seo agus í lánoilte ar a ceird. Mar a dúirt Diarmuid de Faoite agus é ina fhear tí ag an seoladh i gClub Áras na nGael Déardaoin, “ní dánta éadroma iad, tá cuid mhaith den tsaol iontu… Tá nuálacht i ngach aon dán. Ná spáráiltear an moladh.”

Mar a thugtar le fios i dteideal an chnuasaigh, Tost agus Allagar, baineann an 40 dán sa gcnuasach seo leis an teannas idir an ciúnas agus an chaint agus na modhanna teangmhála éagsúla atá ar fáil dúinn chun muid féin a chur in iúl.

tostclúdach

Téama amháin a thagann chun cinn sa gcnuasach ná teangacha neamhghnácha an domhain mhóir. Caitear súil ar theanga an druma a bhí ina modh cumarsáide idir bhailte sa gCongó fadó, agus sa dán ‘Deireadh na Feide’, tugtar ómós don teanga rúnda feadaíola a cleachtadh i bparóiste Aas na Fraince. Chabhraigh an teanga seo lies an bpobal sin roinnt Giúdach a thabhairt slán ó na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. Ach is baolach go bhfuil na teangacha sin a bhí fite fuaite le féiniúlacht agus beatha na bpobal sin tráth dá raibh ag saothrú an bháis anois. Tá teanga feadaíola mhuintir Aas imithe i ndísc cheana, agus ‘níor deineadh aon taifead’ uirthi.

Diarmuid de Faoite
Diarmuid de Faoite ag léamh dánta le hAilbhe Ní Ghearbhuigh ag seoladh Tost agus Allagar in Áras na nGael Déardaoin seo caite

Tuigtear dúinn, mar sin, gurb í an teanga a shainmhíníonn an duine agus cuirtear gairm orainn san eipeagraf le C.P Cavafy gan beag a dhéanamh de bhua na cainte, ‘Labhraímis, labhraímis – ní oireann an Tost dúinn!’ In ‘Dán do Thadhg’, ceiliúrann an reacaire an giob geab a dhéanann páiste, ach is fada léi go mbeidh cumas agus cead cainte aige, óir,

cé gur binn do bhéal ina thost,

níl agat sa saol seo ach do ghuth,

go labhrófaí tú od’ chroí amach.

Ach bíodh is go ndéantar ceiliúradh ar an teanga i gcuid mhaith de na dánta, seans gurb é bua an chnuasaigh seo ná nach bhfuil aon fhaitíos ar Ní Ghearbhuigh éagumas agus éigiall na teanga a chur in iúl chomh maith céanna. Sa dán ‘Nithe Ceilte’, feictear dúinn nach bhfuil sa teanga scaití ach díle chainte gan bhrí. Agus an reacaire i siopa grósaera in Harlem, diúltaíonn fear Easpáinneach an tsiopa aon Bhéarla a labhairt léi. Seasann an bheirt an fód dá dteanga dhúchais féin agus caitheann focail ar a chéile atá ó thuiscint ar an duine eile,

Ní bhacaim le stair choilíneach

ár dtíortha a phlé

mar go gceapann sé gur WASP

as Connecticut mé.

Déanaimid ár ngnó,

inár gcomhghibris,

labhraím as Gaolainn,

seisean as Spáinnis.

Táim buíoch nach dtuigim

a chuid slíomadóireachta

is nach dtuigeann seisean

mo mhaslaí gáiriteacha.

Ach os a choinne sin, meabhraítear dúinn tríd síos nach gá dul i muinín na bhfocal ar chor ar bith le dul i mbun ‘allagair’. Éiríonn cór guthanna as leathanaigh an leabhair – idir ‘snagarsach’ éan, ‘dhrúdáil’ na gcolúr agus ‘scread ait’ bumbóige – a thugann le fios nach bhfuil an chumarsáid ag brath ar an bhfocal labhartha amháin.

Feictear dúinn go bhfuil nithe ann sa saol freisin nach féidir cló focal a chur orthu.

An bhfuil gá le focail dáiríre nuair is geall le teanga rúnda ‘sméideadh cinn is spléachadh súl’ dheirféar, nuair is ‘friotal díchealta’ gach ‘aoibh is dreach’?

Fiú más í an chaint sainchomhartha na beatha daonna, adhmhaíonn Ní Ghearbhuigh go dtéann na focail ó mhaith orainn uaireanta. Sa dán ‘Grasse Matinée’, le grá agus mian do leannán a chur in iúl, is leor ‘an dúil sa tsúil’.

Is iomaí dúshlán a thugtar don léitheoir sna dánta allabhracha seo. Ceistítear an tuiscint chúng atá againn, b’fhéidir, ar céard is teanga ann agus meabhraítear dúinn cén tábhacht a bhaineann leis an ‘allagar’, fiú más amhlaidh go gcliseann an chaint orainn ó am go chéile. Mar a deir Marcus Mac Conghail ar chlúdach an leabhair, ‘Léigh. Agus ansin, léigh arís.’

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: File lánoilte ar a ceird í Ní Ghearbhuigh'

  • alan

    Ceannód!

  • Darragh Ua Caoimh

    Cé d’fhoilsigh é ?

    • Seán Tadhg Ó Gairbhí

      Coiscéim. Luaite sa léirmheas anois, a chara.