The Leisure Seeker
Stiúrthóir: Paolo Virzì
Cliar: Helen Mirren, Donald Sutherland, Janel Moloney, Christian McKay.
Is léir do mhadraí bhaile Hollywood nach bhfuil aon lé ag na ceártaí móra ansin leis an tseanaois. A luaithe is a shroicheann aisteoirí, mná ach go háirithe, aois áirithe déantar a saol aisteoireachta a chaitheamh fé thóin chártaí. Dá bharr is tearc agus is neafaiseach iad na táirgí a dhéanann cíoradh stuama ar théama na críonnachta. Eisceachtaí is ea leithéidí Driving Miss Daisy (1989), About Schmidt (2002), Gran Torino (2008) agus The Best Exotic Marigold Hotel (2011). Formhór an ama bímid i dtaobh le truflais nó fágtha ar an trá fholamh ar fad. Is féidir an saothar nua seo a raideadh isteach i gcúinne na truflaise.
Is aisteoirí ábalta iad Helen Mirren agus Donald Sutherland agus murach iad bheadh an táirge seo i ngalar na gcás ar fad. Is é Sutherland, atá trí bliana le cois na gceithre scór, a thugann fé ról Dan, fear atá gafa ag néaltrú aibithe. Den chuid is mó éiríonn leis tionchar an ghalair seo a léiriú go caolchúiseach, mothúchánach agus go nádúrtha. ‘Southern belle’ í a bhean chéile Ella (Mirren) atá ag iarraidh aire a thabhairt dá fear fad is atá a sláinte féin ag teip. Ní srathair na hainnise go dtí é. Ar uairibh éiríonn léi an frustrachas a bhaineann le ról an chúramóra a léiriú ach téann an chanúint sa bhfraoch uirthi go minic agus tríd is tríd ní mheasaim go bhfuil sí os cionn a buille.
Déanann siad, nó í is dócha, cinneadh go dtabharfaidh siad faoi thuras amháin eile ina seanghliogar de ‘Winnebago’ (go deimhin bhí mótar den saghas céanna lárnach in eachtraí Schmidt). Iad ag teitheadh ó chúram leighis, ó shrathair na seanaoise agus óna bpáistí féin atá á bplúchadh le dea-mhéin. Aghaidh á tabhairt acu ar thigh Ernest Hemingway in Key West. Laoch é leis an iarmhúinteoir Béarla Dan agus bíonn sé ag cur de faoi, agus faoi James Joyce, i rith an ama. Cuirtear abhaile orainn gur turas ar bhóithrín na smaointe é seo óir gur úsáid siad an mótar seo ar feadh na mblianta le hoilithreachtaí rialta a dhéanamh go háit dúchais na mná in South Carolina. Fágann sin go bhfuil an mótar agus na háiteanna difriúla fána slí lán le cuimhní cinn. Treisíonn na seanphictiúir, a bhíonn á dteilgean ar bhraillín bán acu go minic, an maoithneachas seo.
Thosaigh an scríbhinn ag imeacht ar bóiléagar amhail is go raibh carachtair, tús agus críoch ag an scríbhneoir agus nárbh eol dó cad ba cheart a dhéanamh lár báire. Bhí an chuairt a tugadh ar ionad na seanóirí áiféiseach amach is amach. Dhein sé beagán den ghalar, dar liom, gan trácht ar cé chomh tútach is a bhí sé maidir le ceist íogair na ngunnaí. Lena chois sin úsáideadh an galar go liobarnach, míchruinn le mídhílseacht a thabhairt go barr uisce go méaldrámata, áiféiseach.
Tagraítear cúpla babhta d’fheachtas thoghchán na huachtaránachta idir Trump agus Clinton; é á thaibhsiú dúinn go mbeadh ról éigin aige seo sa scéal ag pointe éigin. Ní hamhlaidh atá agus caitear an ghné sin thar claí i bhfad roimh an deireadh.
Is maith ann táirge a chíorann téama na seanaoise agus a thugann ardán d’aisteoirí a bhfuil na cúlfhiacla curtha go maith acu. Is mór an trua nach fiú an deich triuf an ceann seo.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Féadadh ‘The Leisure Seeker’ bailiú leis go dtí cúinne na truflaise'