LÉIRMHEAS: Eastwood ag feacadh glúine os comhair bhrat Mheiriceá

Ní haon ionadh go bhfuil lucht na n-eití clé agus deas i bpiobáin a chéile faoin scannán American Sniper

American Sniper

Nuair bheidh feartlaoi Clint Eastwood á scríobh cé acu focal is túisce a ghreannfar: ‘Stiúrthóir’ nó “Aisteoir”? I ré órga na mbuachaillí bó, ba é máistir agus oidhre John Wayne é, gan aon agó.

Nuair a chaith sé uaidh an Stenson, rug sé ar Magnum Dirty Harry ba é an fear tiufáilte go smior é agus carúlacha á gcaitheamh go ciotrúnta. Cé go raibh go leor scannán stiúrtha aige roimhe sin, ba chlochmhíle agus athrú poirt é 1992 nuair a rug sé ar an gceamara agus d’fhág slán leis na buachaillí bó.

Thuill Unforgiven moladh thar na bearta dó mar aon lena chéad duais Oscar. Ó shin i leith, is liosta le háireamh na seoda atá tagtha óna cheárta: Invictus (2009), Letters from Iwo Jima (2006), Million Dollar Baby (2004), agus Mystic River (2003) ina measc. Ní haon dóithín an fear atá sa Táin agus a chnagfaidh an cúig bliana agus ceithre scór i gceann cúpla mí.

Fear eile atá sa Táin atá idir chamáin aige sa táirge is déanaí uaidh. Tá an saothar seo bunaithe ar dhírbheathaisnéis an naoscaire Mheiriceánaigh Chris Kyle. ‘Legend’ a bhaist a chomhghleacaithe san arm air le barr measa agus bróid. Thug an naoscaire seo ceithre chamchuairt chogaidh ar an Iaráic agus go hoifigúil mharaigh sé 160 duine (d’fhéadfadh an figiúr sin a bheith chomh hard le 255). Ní haon ionadh é gur bhaist a chéilithe comhraic ‘Devil of Ramadi’ air agus go raibh fiacha a chuid fola air.

In iardhearcaí fánacha ag tús an scannáin, ar cuma ann nó as iad, tugtar léargas ar óige Kyle agus tionchar a athar. Ina dhiaidh sin, tá formhór an scannáin dírithe ar láthair na cogaíochta agus in iarrachtaí Kyke éalú ón láthair chéanna agus dualgaisí an athar agus a fhir chéile a chomhlíonadh. Cruthaítear láthair na cogaíochta go réalaíoch agus leirítear mearbhall agus fiántas na coimhlinte. Ina theannta sin, déantar iarracht fhónta tionchar na cogaíochta ar an teaghlach a léiriú agus tá taispeántas Miller le moladh.

Téann Eastwood bog go maith ar a phríomhcharachtar. Léirítear é mar dhuine uasal agus cróga amach is amach. Níl aon rian den bhuaileam sciath agus fuilchríochracht atá le sonrú sa leabhar. Ní haon ionadh go bhfuil lucht na heití clé agus deas i bpiobáin a chéile faoi i Meiriceá. Nuair a fógraíodh gur thuill an scannán $105m ag na pictiúrlanna, figiúr a sháraigh go leor curiarrachtaí, cuireadh ola ar an tine.

Déanann Cooper a chúram go slachtmhar agus an chaint riachtanach sin faoin obair chapaill a dhein sé mar ullmhúchán le clos ar fud na mball. Ní nach ionadh fuair sé an t-ainmniúchán Oscar, ach dar liom nach bhfuil a thaispeántas inchurtha lena chéilithe comhraic.

Tá sé deacair léamh cuimsitheach a dhéanamh ar an gcarachtar mar go bhfuil sé chomh haontoiseach sin. Dar liom gur chúb Eastwood ó aon léiriú diúltach a dhéanamh. Cinnte tá radharcanna ann a léiríonn éigiall na cogaíochta agus carachtair a cheistíonn móráltacht a ngníomhartha ach tá sé deacair éalú ón tuairim go bhfuiltear, go comhfhiosach nó go neamh-chomhfhiosach, ag feacadh glúine os comhair bhrat Mheiriceá agus uaigh Kyle.

 

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Eastwood ag feacadh glúine os comhair bhrat Mheiriceá'