LÉIRMHEAS: Dúléim na guaise tugtha ag Charlie

Saothar d’anoraic na polaitíochta seachas anoraic na scannánaíochta a bhí sa tsraith Charlie ar cuireadh clabhsúr aréir uirthi

charlie_03-630x378
Tom Vaughan-Lawlor mar PJ Mara i radharc as Charlie

 

Bhí ceangal na gcúig gcaol ar lucht déanta Charlie (RTÉ 1), a tháinig chun críche aréir, ón nóiméad a chinneadar éachtaint a thabhairt ar shaol an pholaiteora is míchlúití a bhí in Éirinn ó bunaíodh an Stát.

Triail na nArm, GUBU, cúléisteacht teileafóin, próiséas síochána á ghiniúint, clúdaigh dhonna, léinteacha Charvet, an geilleagar in umar na haimléise agus ansin ag borradh. É sin ar fad mar aon le cúlbhinseoirí agus airí ag cothú mioscaise go leanúnach.

Bhí tuairim is ceithre uair an chloig acu le scéal a dhéanamh de na nithe sin, agus móran eile nach iad, agus é a chur os comhair an phobail ar shlí intuigthe agus drámata.

Thugadar dúléim na guaise agus cé go bhféadfadh léim an dá bhruach a bheith caillte acu, dheineadar táirge cumasach, machnamhach, cruinn a sholáthar.

Tá lucht na n-anorac sásta go raibh an tsraith cruinn den chuid is mó agus d’éirigh le Aidan Gillen dul i ngleic le Haughey ar shlí a mheall moladh ó lucht a chomhaimsire, Geraladine Kennedy agus a chéile comhraic Des O’Malley ina measc.

Is í an tréimhse 1989 – 1992 a bhí idir chamáin aréir agus saol polaitíochta Haughey in airde láin agus sna croití deireanacha.

Próiséas síochána á ghiniúint, rás na hUachtaránachta, Uachtaránacht ar Chomhairle na hEorpa agus an feall ag filleadh ar an bhfeallaire.

Ar uairibh bhí Gillen nótáilte, nuair a bhíodh an ghoimh air go mórmhór. Ar a shon sin ba charachtar aontoiseach a bhí le sonrú ar uairibh chomh maith agus é mustarach agus ina éan á chuimhriú féin i rith an ama.

B’iad na radharcanna lena ghiolla gualainne PJ Mara buaicphointí an chláir agus ba mhór an trua ná díríodh níos mó ar an ngaol seo leis an Meadhrach agus le roinnt carachtar eile le go mbeadh an táirgí níos teanntásaí.

An fabht a bhí san éide ón tús ná gur chuir an tsraith thar a fulaingt. Bhí an iomarca idir chamáin, rud a d’fhág luas na sraithe in aimhréidh agus a chuir lucht an aineolais ar luas lasrach chuig Vicipéid. Ní raibh sé chomh fáiscthe is ba cheart a bheadh.

Ní fál go haer é scéal scóipúil nó carachtar cigilteach, casta a bheith idir chamáin agat ach caithfidh tú na huirlisí, cleasanna agus an cur chuige cuí a bhreith chugat féin. Chabhródh iardhearcaidh, tráchtaire, fotheidil, grafaicí srl. le sonraí a thabhairt ar shlí ná cuirfeadh an drámaíocht dá buille.

Cleas eile ná carachtar a chumadh a d’fheidhmeodh mar chomrádaí/treoraí don lucht féachana, dála charachtar James McAvoy in The Last King of Scotland (2006).

É sin nó an t-ábhar a mhúnlú chun do shástachta trí dhíriú ar thréimhse/eachtra faoi leith cosúil le Invictus (2009), Lincoln (2012), Selma (2014) agus faoi mar atá á dhéanamh i láthair na huaire le Steve Jobs.

An t-aon rogha eile a bhí ann ná ligint do na heachtraí/carachtair forbairt ar a mbogstró, fearacht Borgen, ach bheadh i bhfad Éireann níos mó ná €4m ag teastáil chuige sin.

Polaiteoir agus carachtar ná tagann ach lá sna naoi n-airde. Éiríonn leis an táirge seo éachtaint a thabhairt air agus ar an tréimhse chorraitheach, chinniúnach inar mhair sé. Saothar d’anoraic na polaitíochta seachas anoraic na scannánaíochta.

 

 

 

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Dúléim na guaise tugtha ag Charlie'