LÉIRMHEAS DRÁMAÍOCHTA: Ní bhíonn a fhios agat riamh le George Bernard Shaw…

Tá mórán le moladh agus le foghlaim ó léiriú Amharclann na Mainistreach ar ‘You Never Can Tell’ le George Bernard Shaw a bhí laigí ann chomh maith, ach deir ár léirmheastóir

Caoimhe O'Malley, Eleanor Methven, James Murphy agus Genevieve Hulm
Caoimhe O’Malley, Eleanor Methven, James Murphy agus Genevieve Hulm

Ba nós le GBS ligint don bhfeachtasóir tiomanta ann an ceann is fearr a fháil ar an drámadóir. Is míorúilt í nach n-éiríonn leis an údar féin ‘You Never Can Tell’ a chur go tóin poill sa chéad mhír lena chuid praeitseála.

Ar a shon sin, ní gach coiméide bhéasa a thosaíonn amach le bean óg i gcathaoir fiaclóra, fear ina sheasamh ós a cionn – a Thiarcais – agus déad á tharraingt aige. Ná ní i ngach máinliacht fiaclóra a thiocfadh leat fiacail a chailliúint agus athair a aimsiú san aon mhaidin amháin. Is gléas coitianta í an chomhtharlúint i dtraidisiún inste na scigdrámaíochta. Agus ní haon eisceacht ‘You Never Can Tell, Duel of the Sexes’ George Bernard Shaw san Abbey.

Dailtín deisbhéalach beo bocht is ea Mr. Valentine (Paul Reid), ‘The Five Shilling Dentist, the gum architect, the man of ivory and gold’. É ar tinneall i gcónaí don chéad choncas eile. Má bhuailtear marc maith an doras chuige isteach, ní leasc leis an deis sin a thapú.

Matrarc scríbhneora nua-aoiseach mná is ea Mrs. Clandon (Eleanor Methven), atá fillte in éineacht lena clann mhac is iníon ar Shasana i ndiaidh dóibh ocht mbliana déag a chaitheamh ar oileán grianbháite Madeira. Beag beann ar bhéasa Victeoiriacha na sochaí ónar éalaigh siad. Mí-úsáid a fir chéile a thiomáin Mrs. Lanfrey Clandon is a cúram an cuan amach an chéad lá.

Eamon Morrissey agus Paul Reid
Eamon Morrissey agus Paul Reid

D’fhág sí na páistí dall ar fad ar cérbh é an t-athair. Níl ainm acu air, fiú. Ach anois, agus iad geall le bheith fásta suas, filleann siad abhaile á chuardach.

Tá Gloria (Caoimhe O’Malley), an cailín is sine, lán de phrionsabail ardaigeanta na máthar. Róchainteoir is ea Philip déagóra (James Murphy), frois frais gan stad idir é agus a leathchúpla – Dolly béalscaoilte (Genevieve Hulme-Beaman), páiste gleoite glas girsí. Idir gach uile shórt, cuirtear rothaí móra an tsaoil sa tsiúl i máinliacht Mr. Valentine. Agus siúd chun mire plota casta meidhreach ‘You Never Can Tell’.

Tá sé de bhua ag léiriú Conall Morrison go n-éiríonn leis an lámh in uachtar d’fháil, formhór an ama, ar na laigí scríbhneoireachta a luadh ó chianaibh. Is mór an logha dó seit niamhrach Liam Doona – oileán beag, go litriúil, lár stáitse. Uisce reatha agus uile – iontach samhailteach, solúbtha, feidhmiúil. Mar an gcéanna le dearadh feistis Joan O’Clery agus péintéireacht solais Ben Ormerod.

Ach ní cabair i gcónaí, is baolach, éagothromaíocht stíle na n-aisteoirí.

Ní dreidire é Eamon Morrissey. Ní as na préamha aníos a thagann a Mr Crampton siúd, agus is trua sin. Ar a shóchúlacht, níl éinne ionchurtha le Morrissey. Ach ní oireann an páirt seo dó, faraor. 

Agus cad é faoi oiliúint aisteoirí óga an tachtú gutha a thagann orthu, agus an scread a ghabhann leis, a luaithe agus iad faoin bhfeisteas ardnósach? Laige atá ar aos óg uile an phíosa, is baolach. Ná dúnaigí isteach an scórnach mar sin, in ainm Chroim, a aisteoirí óga. D’aithneodh na mairbh scileanna cumasacha ghrinn Genevieve Hulme-Beaman (Dolly) agus maitheann a bua an galar coiteann.

Fágann sin na seanfhonndúirí, Niall Buggy, Nick Dunning, Denis Conway agus Eleanor Methven. Is fiú iontu féin amháin an cead isteach.

James Murphy, Niall Buggy, Nick Dunning agus Genevieve Hulme Beaman
James Murphy, Niall Buggy, Nick Dunning agus Genevieve Hulme Beaman

Níl ribe as áit in aturnae Dunning, abhcóide Conway ná máthair thuinfhoirfe Methven. Ach baineann ‘Walter the Waiter’ Niall Buggy an sméar mhullaigh. Beagáinín ‘rómhór’ domsa, b’fhéidir, ar uairibh, ach oireann an cur chuige sin don léiriú seo. Ní locht ar Buggy é má bhraitheas uaim taispeántas ‘beag’ Cyril Cusack (1978). Níl sa mhéid sin ach cúirialtacht phearsanta.   

Le teann fuinnimh an oíche fá dheireadh, tarraingíodh pobal IPhone an Aonú Aois Fichead, tóin thar ceann, mar is gá, isteach i milieu, i mbéasa agus i nathaíocht aicmí scíthe na Naoú hAoise Déag – an cleas sin gan oiread de chúram orthu ach béasaíocht fholamh na linne sin. Iad ar saoire síoraí i mbólaí faiseanta Londan, nó cois farraige na dtonn ar chósta theas Oileán Sheáin Bhuí thall – a bhuíochas sin do chóras traenach gaile Southern Rail agus an G.W.R.

I gcead do Shaw, seachas a nemesis Wilde, ní sheachnaíonn sé na mórcheisteanna, fiú más iontu san a luíonn formhór na laigí scríbhneoireachta thuasluaite.

Ach, in ainneoin mórchúis agus ceanndánaíocht Shaw, bhíomar, aicmí cabaireachta na tvuíteanna agus na ngiolc, agus ár macsamhail Victeoireach – cleas na bhfocal cliste seomraí chaidrimh an Marine Hotel –  tugtha i bhfianaise shamhlaíoch a chéile. Áit inar fhoghlaimíomar nach mór iad na difríochtaí atá eadrainn.

Molann an toradh an beart. Ardoíche go deo, ar m’anam.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS DRÁMAÍOCHTA: Ní bhíonn a fhios agat riamh le George Bernard Shaw…'