LÉIRMHEAS: Críoch stuifiúil le clár ón tSúil Eile…

Ar eagrán speisialta uair an chloig de 7Lá an tseachtain seo deineadh comóradh ar bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta

LÉIRMHEAS: Críoch stuifiúil le clár ón tSúil Eile…

‘Stop the lights’ an frása cáiliúil a bhíodh ar an gclár siamsaíochta Quicksilver a chraoltaí ar RTÉ anallód.

Cothrom na seachtaine seo caoga bliain ó shin bhí an clár á thaifeadadh i dTeach Furbo (Óstán an Connemara Coast inniu).  N’fheadar fé na soilse ach is cinnte gur múchadh na ceamaraí ar feadh scaithimh nuair a thug meitheal de mhuintir na Gaeltachta ruathar faoi Theach Furbo agus conach orthu faoi chlár Béarla a bheith á thaifeadadh sa Ghaeltacht. Ba as sin, agus cruinniú i Seanscoil Sailearna tuairim is seachtain ina dhiaidh sin, a d’eascair Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Ar eagrán speisialta uair an chloig de 7Lá (TG4, Dé Máirt) deineadh comóradh ar bhunú na heagraíochta sin. Tugadh léargais ar an gcomhthéacs sóisialta, teanga is polaitíochta inar gineadh í mar aon le cíoradh a dhéanamh ar an méid a baineadh amach.

Bhí tuairiscí breátha ó Chatherine Ní Ghuairm, Seán Mac an tSíthigh agus Shane Ó Curraighín mar bhunchlocha leis an gclár. Gach ceann acu ag féachaint ar an gcorraíl i gceantar Gaeltachta fé leith.

’Sé Joe Steve Ó Neachtain a bhí i lár an aonaigh i dtuairisc Catherine Ní Ghuairm agus dhein sé athléiriú drámatúil ina stíl shainiúil féin ar agóid Quicksilver.  Thrácht sé ar dhrochstaid eacnamaíoch na Gaeltachta i rith na tréimhse agus threisigh go leor cainteoirí eile leis na tuairimí sin. Mhaígh Colm Ó Donnchadha gur caitheadh le muintir na Gaeltachta mar shaoránaigh den dara grád. Dúirt Seosamh Ó Cuaig gur chuir lucht na Gluaiseachta dua orthu féin a chinntiú gur eagraíocht shóisialta agus pholaitiúil a bheadh inti seachas eagraíocht teanga amháin ionas go meallfaí tacaíocht ón bpobal. Thagair Seosamh (ar an gclár agus ina alt tathagach faoin ábhar céanna ar an suíomh seo) don bhean Ghaelach as Cois Fharraige a dtagadh “ré roithleagán” ina cloigeann aon uair go mbítí “ag pápaireacht faoin nGaeilge”.

Ba iad Peadar Mac an Iomaire agus Máire Ní Fhlathartaigh na haíonna eile a bhí suite chun boird le Páidí Ó Lionáird sa chéad leath den chlár agus thugadar cuntais thomhaiste dúinn. Sa dara cuid ba iad Breandán Feiritéar agus Gearóid Ó Tuathaigh a bhí chugainn, beirt go seasfá sa sneachta chun éisteacht leo.

Thugas suntas don chíoradh a deineadh ar an nasc idir na gluaiseachtaí pobail sna ceantair éagsúla agus taibhsíodh dom gur ceangal tanaí go maith a bhí eatarthu cé gur dóichí go raibh tionchar áirithe acu ar a chéile. D’fhill Gearóid Ó Tuathaigh ar an ábhar céanna i gceann dá phaistí cainte deisbhéalacha, meáite.

Ceann de théamaí eile an chláir ná breith a thabhairt ar an méid a baineadh amach agus mar chuid de sin cíoradh a dhéanamh ar cá bhfuilimid anois, cé gur mhó den stair ná de chúrsaí reatha a bhí ann.

Díol spéise iad aidhmeanna na heagraíochta 50 bliain ó shin; ‘Iosrael in Iarchonnachta’ Dheasúin Fennell, údarás áitiúil pleanála, polasaí oideachais agus stáisiún raidió do Ghaeilgeoirí ina measc. Ba í tuairim na coitiantachta go raibh an-rath ar an eagraíocht maidir le cuid dá haidhmeanna. Fágann drochstaid na Gaeltachta sa lá atá inniu lorg trom ar gach comhrá faoin ábhar, áfach. Dar leis an bhFeiritéarach gur buadh an cath ach go mb’fhéidir gur cailleadh an cogadh. Ba é an trua nár iarradh air tógaint ar a ráiteas ríshuimiúil.

Faoi mar a tuairiscíodh cheana féin ar an suíomh seo níor chuir an staraí iomráiteach Gearóid Ó Tuathaigh aon fhiacail ann agus breith á tabhairt aige ar an gcóras pleanála teanga. Dar leis “go bhfuil sé éagórach ar fad ar fad a bheith ag iarraidh ar dhream áitiúil, ar bheagán airgid agus ar bheagán acmhainní, pobal iomlán a shlánú mar bhunphobal teanga.”

Críoch stuifiúil le clár ón tSúil Eile.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Críoch stuifiúil le clár ón tSúil Eile…'

  • Séamus

    Clár iontach spéisiúil a bhí ann.

    Agus go raibh maith agat as an bhfrása sin a d’úsáid Seosamh Ó Cuaig, ‘ré roithleagán’, a chur san alt. Níor thuig mé sin agus mé ag breathnú air.

    Tuigim céard atá i gceist ag an mbean sin, caithfidh mé a rá.

  • An Déaghnach

    Tá stíl scríbhneoireachta thar a bheith iontach agat, a Bhreandáin. Tá tú le moladh.