LÉIRMHEAS: Clár stuifiúil machnamhach faoi Leabhar Mór na hÉireann

Léargas a bhí sa gclár faisnéise seo ar shaothar tábhachtach agus ar conas mar a tugadh ar an bport é

LÉIRMHEAS: Clár stuifiúil machnamhach faoi Leabhar Mór na hÉireann

Ba i ndeireadh na n-ochtóidí a gineadh an smaoineamh do The Great Book of Ireland/Leabhar Mór na hÉireann i scioból samhlaíochta Theo Dorgan. Ba eisean a bhí ina stiúrthóir ar Éigse Éireann ag an am agus bheartaigh sé tionscnamh ceannródaíoch a chur sa tsiúl: leabhar ina mbeadh dánta ó fhilí na hÉireann, lámhscríofa acu féin, agus iad maisithe le callagrafaíocht agus saothar ealaíontóirí na hÉireann.

I ndeireadh na dála bhí 140 file agus 121 ealaíontóir páirteach san togra nuálach tábhachtach seo. Tá dánta sa leabhar ó leithéidí Seamus Heaney, Brendan Kennelly agus John Montague mar aon leis an dán deireanach ó Samuel Beckett.  Tá scóir cheoil agus chóiréagrafaíochta sa leabhar chomh maith.  Tháinig an obair chun críche i 1991 agus tá an leabhar ar coimeád i leabharlann Ollscoil Chorcaí ó 2013 nuair a thug an ollscoil milliún euro air.

‘Taisceadán todhchaí’, ‘Leabhar Cheanannais na haoise seo’ agus ‘bronntanas don todhchaí’ a bhaist cuid de na cloigne cainte ar an leabhar seo atá déanta as veilleam agus é ceangailte ar an modh traidisiúnta.

Is éard a chuir an clár faisnéise uair an chloig go leith seo roimhe ná cuntas a thabhairt ar na saothair filíochta agus ealaíonta atá sa leabhar, an cur chuige a bhí ag Dorgan is a chomhghuaillithe agus iad ag tabhairt faoin tionscnamh, mar aon le dreasanna cainte a dhéanamh le cuid de na filí agus na healaíontóirí faoin saothar leo agus na hathruithe atá tarlaithe sa saol ó shin.

Cuirtear abhaile orainn go raibh ceardaíocht agus scéal faoi leith ag baint le ceangal an leabhair agus déanamh an bhosca ina bhfuil an leabhar ar coimeád.

Is léir ó thús deireadh an chláir gur thuig gach duine ag an am cé chomh tábhachtach is a bhí an tionscnamh agus go bhfuilid ar fad an-bhródúil as an saothar a tugadh ar an bport. Saothar tábhachtach spéisiúil é an clár faisnéise seo mar sin agus b’ait liom nár craoladh clár chomh toirtiúil leis seo níos luaithe sa tráthnóna.

Bhog clár na hoíche aréir ar aghaidh ar a bhogstróc agus tugadh go leor ama do na rannpháirtithe lena dtuairimí a nochtadh agus deineadh raidhse dánta a aithris go hiomlán. Dar liom gur deineadh scéal mhadra na n-ocht gcos d’aistear an leabhair chuig Ollscoil Chorcaí, áfach.

Ag tús an chláir labhair Sebastian Barry go mothúchánach ionraic faoin dán a scríobh sé faoina chaidreamh lena dheartháir, fear nach raibh aon teagmháil aige leis le deich mbliana anuas. Go macánta géarchúiseach a labhraíonn cuid mhaith de na rannpháirtithe eile chomh maith. Bhí an iliomad filí Gaeilge páirteach sa tionscnamh nuálach seo,  Louis de Paor, Liam Ó Muirthile, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson agus Máire Mhac an tSaoi ina measc. Rinne an triúr ban a ndánta féin a aithris sa chlár. ach ba mhór an trua nach raibh tuilleadh de sin sa chlár agus b’ábhar díomá dom nár tugadh deis do na filí a saothar agus a gcur chuige a phlé as Gaeilge.

An scannánóir Alan Gilsenan a rinne an scannán stuifiúil seo a thug léargas ar shaothar tábhachtach agus mar a tugadh ar an bport é.

TEILIFÍS: Sprid ‘Leabhar Mór na hÉireann’ a léiriú an aidhm a bhí le scannán faisnéise nua

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Clár stuifiúil machnamhach faoi Leabhar Mór na hÉireann'