LÉIRMHEAS: Cathanna cultúrtha Raymond Williams

Tháining an-chuid dá bhfuil i leabhair Raymond Williams as an ullmhúchán a dhéanadh sé dos na ranganna liteartha a chuireadh sé ar fáil d’oibrithe fásta istoíche

raymond-williams

Politics and Letters: Interviews with New Left Review, le Raymond Williams (Verso).

Ina aiste bhreá Music into words, rinne Jacques Barzun, an saineolaí Meiriceánach ar cheol Berlioz, iarracht tábhacht na léirmheastóireachta a shainmhíniú. Cúram dearfach ab ea cúram na léirmheastóireachta, dar leis, cúram a raibh gá leis mar gheall ar easpa muiníne an ghnáthléitheora nuair a thagann smaointe úrnua aniar aduaidh orthu ó dhomhan eile:

“…either we reject the new alien world for good, or we adopt it by adapting to  it. In gifted or determined devotees of art, adaptation comes easily, of course, but most of us need help, and even the gifted ones occasionally find themselves face to face with art that looks impossible to assimilate. It is to help digestion by resolving doubts and dispelling mysteries that criticism exists.”

Braitear an cur chuige cabhrach céanna i bhformhór scríbhinní Raymond Williams (1921-88), an saineolaí cultúrtha sóisialach is mó tionchar sa Bhreatain tar éis 1945.

Tháining an-chuid dá bhfuil ina leabhair as an ullmhúchán a dhéanadh Williams dos na ranganna liteartha a chuireadh sé ar fáil d’oibrithe fásta istoíche. Theastaigh uaidh a chur in iúl do dhaoine nach raibh aon cháilíochtaí oideachais ón stát acu nár chóir eagla a bheith orthu agus Edmund Burke, Thomas Carlyle, Dickens, nó Eliot idir lámha acu.

Bhí ceacht lárnach amháin ag Williams sna ranganna seo: níor aithin ‘cultúr’ aon deighilt aicmeach, agus d’fhéadfadh gach aon saoránach ceol agus teoricí polaitiúla araon a bhaint as an litríocht ach í a chur ar fáil sa bhealach ceart dóibh.

Marxachas muiníneach ab ea í seo, fealsúnacht a thug dínit agus bród nua dos na mílte duine a léigh saothar Williams.

Ach ní saill gan fiacha é an Marxachas mar is léir sna hagallaimh seo. Fiú agus an oiread léite ag Williams agus réimse spéise chomh leathan sin ina chuid léitheoireachta aige, ba dheacair dó éalú ós na seanfhadhbanna a bhíonn ag lucht Marx agus smaointí teibí á scagadh acu, go háirithe smaointí a bhaineann leis an gcreideamh. Nuair a chuir lucht an New Left Review ceist ar Williams, “can we point to any major historical change in the structure of society ever brought about by any transformation in Christianity? Tugadh le fios go mba dheacair cuimhneamh ar aon athrú. Ar chuala siad riamh mar gheall ar an dlúthnasc idir, mar shampla, Críostaíocht Ghladstone agus a chuid leasuithe sóisialta?

Ach is fiú scrúdú a dhéanamh ar chruth na ceiste sin chun léargas a fháil ar shotal lucht an Mharxachais sna cathanna cultúrtha. Cheapadar go bhféadfaí dhá mhíle bliain a achoimriú trí bhéim a chur ar “a central tenet of historical materialism: the primacy, or determination in the last instance, of the economic within any social activity”. (l. 137).

Ní raibh Williams féin sásta leis an gcur chuige daingean docht sin, go mór mór agus an tsamhlaíocht ealaíonta á míniú aige. Ní cóir, dar leis, ealaín a chur i mbosca cúng na heacnamaíochta. “If the art is part of a society”, scríobh sé in The Long Revolution, “there is no solid whole, outside it, to which, by the form of our question, we concede priority. The art is there, as an activity, with the production, the trading, the politics…To study the relations adequately we must study them actively, seeing all the activities as particular and contemporary forms of human energy.” (l. 137).

Sin rabhadh tábhachtach cinnte, ach ní léir cad ba chúis lena ráiteas níos déanaí faoin “general necessity of terror in social liberation” (l. 393).

Ionsaí Williams ar chamailéireacht Orwell: “For the key point about the convention of the plain observer with no axes to grind…is that it cancels the social system of the writer.”

Williams ar bhail na heite chlé tar éis 1960: “Two traditions of the left had irretrievably broken down, Stalinism and Fabianism.”

Tacaíocht Williams do Ho Chi Minh: “So later I joined the Vietnam Solidarity Campaign. There were conflicts for some time in the anti-war movement between the call to end the American intervention, and the simple and correct line of solidarity and victory to the N.L.F.”

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Cathanna cultúrtha Raymond Williams'