LÉIRMHEAS: Babhta teiripe teanga le Bláthnaid Ní Chofaigh ar RTÉ

Bhí ábhar machnaimh i ‘Lig Liom’, ‘cri de coeur’ Bhláthnaid Uí Chofaigh ar RTÉ

LÉIRMHEAS: Babhta teiripe teanga le Bláthnaid Ní Chofaigh ar RTÉ

‘Chaith mé mo shaol ag míniú cén fáth go labhraím Gaeilge,’ a deir Bláthnaid Ní Chofaigh linn ag tús an chláir Lig Liom (RTÉ 1, Déardaoin). Ba é a chuir sí roimpi ná éachtaint a thabhairt ar na dúshláin agus an dris chosáin atá romhat agus tú ag iarraidh do shaol a chaitheamh mar chainteoir Gaeilge. Tráchtadh ar an drochmheas agus leithcheal i leith cainteoirí Gaeilge, rud atá go rábach ann ar na saolta seo. Maítear in áiteanna sa chlár seo go bhfuil rian den chiníochas, nó den ‘fhéinchiníochas’ ag baint leis an rud ar fad.

Is ar ghuaillí Bhláthnaid a thiteann sé go minic an fód a sheasamh don Ghaeilge in RTÉ.  Ba í a thug aghaidh ar rámhaillí Eoin Butler ar chlár Claire Byrne anuraidh agus thug sí aghaidh ar Rosita Boland an bhliain roimhe sin ar chlár Sean O’Rourke. 

Bhí nósanna teanga a teaghlaigh féin mar mháithreacha ag an gclár.

Bláthnaid ag maíomh go bhfuil uaigneas agus frustrachas ag baint le bheith ag iarraidh a bheith dílis don Ghaeilge agus tú timpeallaithe ag an mBéarla. Í scoite ón bpobal agus an teanga dár díobh í. Í pósta le fear, Ciarán Byrne, nach bhfuil Gaeilge aige; iad ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag na leanaí a bhfuil a dtuiscintí féin acu. Bhaineas súp as na coda seo mar a raibh Bláthnaid agus Ciarán breá sásta dul in adharca a chéile.

‘Tá sé seo cosúil le teiripe,’ a deir sí go seanbhlastúil agus a cuid páistí ag léiriú a dtuairimí go hionraic. Maíonn sí go mbeadh an saol teanga níos éasca dá mbeadh duine le Gaeilge pósta aici. Filltear ar théama na lánúineacha ‘leathGhaeilge’ cúpla babhta agus na dúshláin a bhaineann le do chlann a thógaint le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Bhain Rónán Mac Aodha Bhuí macalla as caint an láithreora nuair a deir sé gur “shantaigh” sé “comhluadar agus cuideachta Ghaelach” nuair a bhog sé go Baile Átha Cliath.

Bhíodh Rónán agus Bláthnaid fara a chéile ar Scaoil Amach an Bobailín sna nóchaidí agus tugadh sciuird thaitneamhach ar an gcartlann cúpla babhta. Thug Rónán le fios go mbíodh 500,000 ag faire ar an gclár. Ceacht anseo do RTÉ b’fhéidir: má dhéanann tú clár Gaeilge le dealramh agus é a chur amach ag am le dealramh beidh lucht féachana ann dó.

Chualamar giotaí cainte ansin ó Aodhán Ó Deá, Máire Treasa Ní Cheallaigh, Siún Ní Dhuinn agus Ursula Ní Shabhaois agus iad ag cur díobh faoina gceangal féin leis an teanga. Bhí blas ‘Níl sé Ceart go Leor’ ar an rud ar fad.

Fuaireas an-bhlas ar an dreas cainte leis an Ollamh Abdullahi El-Tom, fear a chaith tréimhse ag foghlaim na Gaeilge i mBaile an Fheirtéaraigh sna nóchaidí. Níor chuir sé fiacail ann is é ag caint ar an bhfuath don teanga, ar dhaoine a bheith ‘emulating the culture of the oppressor’ agus ar ‘the animalisation of people’. An ráiteas deireanach acu sin mar shlais orthu siúd nach mbíonn mórán ach nithe eacnamaíochta ag cur as dóibh. Tá daoine eile ann, dar leis, a dhéanfadh rud ar bith don teanga seachas í a fhoghlaim.

B’ait liom go raibh an clár á chraoladh ag an am céanna le Nuacht TG4 (clár eile de chuid RTÉ). Ní hé go bhfuil sceidil an dá stáisiún ag cur thar maoil le cláracha nua Gaeilge. Nach bhféadfaí bearna a aimsiú lena chinntiú nach mbeadh cláracha Gaeilge ag teacht salach ar a chéile, go háirithe nuair is ó cheárta RTÉ an dá cheann? Nach comhghuaillithe iad agus cad é bús inné féin faoi chomhpháirtíocht i dtaobh na nuachta? Nó b’fhéidir gur iomaitheoirí iad, tar éis an tsaoil. Cogadh na mba maol?

Pé scéal é clár suimiúil a bhí anseo. Ag a dheireadh, labhair Bláthnaid go mothúchánach faoi thodhchaí na teanga agus faoi cá mbeimis i gceann tríocha bliain.

Ceist mhaith a mbeadh clár nó dhó eile ag teastáil chun í a chíoradh.

Lean an chadráil ar chlár ar 2FM níos déanaí le hEoin McDermott ach theastaigh uaim féachaint ar chlár teilifíse eile a bhfuil cuid de na téamaí duairce céanna ann – The Walking Dead.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Babhta teiripe teanga le Bláthnaid Ní Chofaigh ar RTÉ'

  • Jimí

    Tuigim gur scéal pearsanta Bhláthnaid a bhí ann agus bhí an chuid sin den chlár a chaith sí ag caint lena teaghlach spéisiúl ach ba dheas liom dá rachadh sí siar go dtí an Ghaeltacht chun fadhbanna dáiríre a phlé leo siúd atá ag cosaint na teanga dáiríre agus atá ag streachailt len í a thabhairt go dtí an chéad ghlúin eile. N’fheadar faoi dhaoine eile ach níl aon rud a chuireann múisc níos mó orm ná lucht foghlama Bhleá Cliath ag caint faoina gcearta. Dá mbeidís chomh buartha sin faoin teanga labhróidís i gceart í. Maidir le Bláthnaid féin, an bhfuilimd dáiríre ag rá go bhfuil an duine seo atá fostaithe ag gcraoltóir náisiúnta agus atá chomh meánaicmeach is atá meánaicmeach ann faoi leatrom agus go bhfuil cos ar bolg déanta uirthi? Like seriously?! Middle-class navel-gazing dá raibh riamh ann

  • Breathnóir

    Bheadh sé deas dá mbeadh an clár seo ar fáil ar an Seinnteoir ag Gaeil na tíre ar fad, tá cuma an-spéisíúil go deo air, ach tá sé ´geobhlocáilte´ sna Sé Chontae.
    Cén fáth sin, RTÉ?

  • Eoghan ONeill

    Clár an-mhaith a bhí ann inar nocht Blaithnid a croí i dtaobh rud a bhí fíor-thábhachtacht dá spiorad. In Éireann an lae inniu tá cultúr na n-Anglos i mbárr réime mar a bhfuil sé ina lán tíortha ar fud na cruinne ach tá difríocht – san NZ, Astráil, Stáit Aontuithe srl, baineadh an talamh ó na bundúchasaigh ach sa tír seo, bíodh gur meon na n-Anglos atá againn den chuid is mó, baineadh an talamh d’ár sinsir rud a fhágann rud comónta eadrainn leis na Maori, Abos, Cherokee srl. Féach a rinne lucht Trumpa an chéad lá agus iad i gcumhacht – bhain siad an spáinís as suíomh An Tigh Bháin. Ar an dóigh chéanna tá lucht na gcaiplí árda ag iarraidh go mbeadh béarla amháin sa tír seo agus go mbeadh ina dtost Bláithnid agus an pobal stuama ar fud an oileáin nár ghéill riamh ach TÁ RÉ AN TOSTA THART -NO PASARÁN!

  • Mánus

    Ba léir míthuiscint uafásach in RTÉ nuair a eagraíodh clár dhá uair a chloig ar Radio 2 díreach i ndiaidh “Lig Liom” inar iarraidh ar dhaoine glaoch isteach faoi “what the Irish language means to you” ar Radio 2 RTE. Ní faoi dearcadh an Bhéarlóirí ar an nGaeilge a bhí “Lig Liom” go príomha ach ar na dúshláin a bhíonn ar dhuine le Gaeilge atá ag iarraidh clann a thógaint le Gaeilge nuair nach bhfuil an pairtnéir eile in ann Gaeilge a labhairt.
    Maidir le ceist páistí a thógáil le Gaeilge (fiú agus an bheirt tuismitheoir le Gaeilge líofa acu araon) mholfainn d’éinne dul ar saoire le Teallach Gaelach sa tír seo. “What are you all talking Irish for?.srl”
    Bíonn faoiseamh íontach ar fáil ag teallaigh Gaelacha thar lear toisc nach mbíonn duine ag bith ag caint go magúil nó le drochmheas faoin teanga atá á labhairt acu lena chéile. Tá tuismitheoirí ar aithne agam a roghnaíonn áiteanna thar lear le dul ar saoire go cúramach – ie. ceantracha nach bhfuil aon Éireannaigh iontu!
    Is cuimhin liom Cartlannaí sinsearach mná ón Chartlann Náisiúnta ar chlár teilifíse RTÉ deich mbliain ó shoin agus í ag labhairt go tarcaisneach faoi dhuine mór i stair na tíre toisc “he was a real Galegore”… An duine céanna a labhrann faoi cearta na Xanna agus na Yanna níor léir di gur caint mhaslach chiníoch a bhí ar siúl aici. Staraí mór RTÉ ar an gcéapar céanna cúpla bhliain ó shin!

  • léitheoir

    Éireannaigh thar lear, is iontach an dream sinn! Is Gaelaí go mór thar lear sinn ná sa bhaile. Bíonn na fáiltí geala romhainn pé áit a théimid mar is dream deas umhal rabairneach sinn. Bímid sásta teanga iasachta .i. Béarla (ciotach) a bhrú ar mhuintir na hEorpa toisc nach bhfuil aon teanga eile ar domhan againn. Ní gá..an dtuigeann tooo?
    Cuirimid na gloiní pínt (iliomad acu) ar ais ar an gcúntar. Ní thosaimíd aon achrann, de ghnáth. Agus bímid sásta a dhá nó a thrí oiread den ghnáthphraghas a íoc. Ó, bíonn clab go cluasa ar na tábhairneoirí go háirithe d’éis imeacht dúinn. Ó is sinne na haonteangaigh (ar éigean) atá fial flaithiúil ….DEAS. Mórtas cine siar go heireaball!

  • Cluain Sceach

    Thaitn sé liom agus chuir sé uaigneas orm…

  • Gael Bhleá Cliath

    Cúis gháire dom gearáin Jimí a léamh. Is cainteoir Gaeilge mise a tógadh i mBaile Átha Cliath, ach is as ceantar Gaeltachta do mo mhuintir. Is í Gaeilge an chéad teanga a labhraíodh liom ariamh agus tá aithne mhaith agam ar neart daoine óga a d’fhás aníos le Gaeilge mar a d’fhás mé féin mórthimpeall na cathrach- tá náire orm a rá gur as an nGaeltacht do mo chlann nuair a chloisim a leithéid de chaint ó dhaoine mar Jimí faoi lucht “Bhleá Cliath”. Tá scata maith cainteoirí Gaeilge anseo sa chathair a bhfuil Gaeilge bhinn bhlasta acu agus ní chuirimid aon fháilte roimh ionsaí den chineál sin. Táimid bródúil as an nGaeilge atá againn. Tuigimse an méid a bhí Bláthnaid a rá faoi bheith imeallaithe agus uaigneach anseo. Tá sé an-deacair go deo go mbíonn ort a mhíniú do lucht an Bhéarla cén fáth go n-úsáideann tú Gaeilge agus nach ábhar scoile amháin é, agus bíonn sé níos measa amanna seasamh ós comhair daoine áirithe ó na ceantair Ghaeltachta agus a rá gur í an Ghaeilge an chéad teanga a bhí agat ón gcliabhán, is minic nach nglactar leat mar chainteoir Gaeilge- is Gaeilgeoir atá ionat.

    Go bunúsach, is éard a bhí uaim a rá ná, níl tada mícheart le lucht cainte Gaeilge “Bhleá Cliath”. agus ba cheart do Jimí a shúile a oscailt agus ligint linn ar dteanga a labhairt. Mura bhfuil aon cheo dearfach le rá aige faoi mhuintir meán-aicmeach “Bhleá Cliath” (cé gur ann lucht oibre Bhleá Cliath chomh maith céanna), ba cheart dó srian a chur lena theanga.

    Agus mar fhocal scoir, níl tada ceart le foghlaimeoirí Gaeilge ach an oiread, beidh botúin sa Ghaeilge, cinnte, ach tá i bhfad níos mó le foghlaim i nGaeilge do Bhéarlóir mar is teanga níos simplí an Béarla. Mar a deir an seanfhocal “is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste”.

  • Pól Ó Braoin

    Chuir an clár sin díomá agus paisín bean den uaigneas orm féin. Clár den scoth atá ann agus is mór an trua é nár taispeánadh ar an Player i dTuaisceart na hÉireann é mar baineann an t-ábhar sin le muintir an tuaiscirt gach pioc chomh maith linne anseo abhus. Aontaím le tuairimí “Gael Bhleá Cliath” agus is fíor scaití nach nglactar linn mar lucht labhartha na Gaeilge “ceart” i measc cuid de mhuintir na gaeltachta. Go dtarrthaí mac dílis Dé sinn mura seasfaidh muid le chéile ar ábhar seo na teanga agus mura labhróidh muid í seachas a bheith ag géilleadh do thuairimí cuid de na daoine úd a raibh Bláthnaid a chaint fúthu ar an gclár.