LÉIRMHEAS: Aisteoirí breátha fágtha i dtaobh le saothar patuar in The Belly of the Whale

Tá caighdeán na haisteoireachta le moladh ann, ach téann rudaí chun áiféise ar fad agus sinn ag teannadh ar cheann scríbe i scannán nua Morgan Bushe

LÉIRMHEAS: Aisteoirí breátha fágtha i dtaobh le saothar patuar in The Belly of the Whale

Stiúrthóir: Morgan Bushe

Cliar: Pat Shortt, Lewis MacDougall, Michael Smiley, Peter Coonan

Samhlóidh sciar suntasach den lucht féachana Pat Shortt i gcónaí mar na liúdramáin éagsúla sa tsraith teilifíse nach raibh chomh greannmhar sin Killnaskully (2003-2008). Tá daoine eile ann a mbeidh cuimhne go deo acu ar na gaiscí is geáitsí seoigh a bhí aige féin is Jon Kenny le D’Unbelievables.

I gcaitheamh na mblianta, áfach, tá sé léirithe aige gur aisteoir tréitheach é nuair a thagann an ról/scríbhinn chuí. Thug sé taispeántais chuidsúlacha uaidh in Garage (2007) agus Smalltown (2016). Seo chugainn arís é leis an dtaispeántas is cumasaí uaidh go dtí seo.

I dtosach an scannáin seo tagann Ronald Tanner (Shortt) go Laytown, baile cósta anaithnid in Éirinn timpeall ar chasadh na mílaoise. Taibhsíodh dom gur i nDún na nGall a bhíomar ach bhí an oiread sin de mheascán mearaí sa saothar maidir le tuineacha cainte go bhféadfaimis a bheith in aon áit in iarthar na hÉireann.

Bíodh sin mar atá címid Ronald chugainn ina sheanghliogar de veain champála. Cuma na scríbe air lena ghruaig agus fhéasóg ghiobach. Ní fada go gcuirtear abhaile orainn gur alcólach é atá ar a chroí díchill staonadh den ól. Fear caithiseach, neamhurchóideach é ina shlí féin ach dul amú ceart é. É tagtha ‘on dúthaigh le bréagáin a dhíol leis an sleamhnánaí, fear gnó agus polaiteoir Gits Hegarty (Smiley). Déanann Gits ceap magaidh de agus seolann an doras amach é. Is ansin a thuigeann Ronald go bhfuil a chara ón AA a dhíol na bréagáin leis tar éis bob a bhualadh air. Titeann an lug ar an lag air.

Déanann sé iarracht an oíche a chaitheamh sa láthair champála áitiúil atá ag titim ó chéile. Is ansin a chasann sé le Joey Moody (MacDougall). Tá srathair na hainnise ar an dílleachta Joey chomh maith. D’éalaigh sé ó pé ionad ina raibh sé le filleadh ar an bhfód dúchais agus é mar sprioc aige an láthair champála atá ina or thuathail a chur ar a cosa.

Eascraíonn cairdeas agus comhghuaillíocht idir an bheirt agus iad ag iarraidh an fear maith a fháil ar Gits agus le bithiúnach Peter Coonan. Tá an bheirt acu i ndeireadh na feide agus déanann siad seift amaideach, ghreannmhar, dhainséarach a cheapadh.

Tugann an bheirt cheann feadhna taispeántais bhreátha uathu, Shortt ach go háirithe agus léiriú paiteanta déanta ar charachtar atá i ngalar na gcás. Tá uisce fé thalamh maidir le tinneas bhean Ronald agus bás athair Joey. Ní thagann ceachtar den dá chasadh aniar aduaidh orainn ná ní chuireann siad leis an scéal. Ba chuma ann nó as na carachtair thánaisteacha ar fad, na bithiúnaigh, Coonan agus Smiley san áireamh.

Téann rudaí chun áiféise ar fad agus sinn ag teannadh ar cheann scríbe.  Ar an iomlán ní raibh an scéal teanntásach ná téagartha go leor agus in ainneoin na dtaispeántas breá ón mbeirt cheann feadhna fágadh sinn le saothar patuar.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Aisteoirí breátha fágtha i dtaobh le saothar patuar in The Belly of the Whale'