Léiriú físiúil ar scaipeadh an víris sna contaetha Gaeltachta curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Tá léarscáileanna Gaeilge a léiríonn ráta scaipthe an ghalair sna contaetha Gaeltachta ó mhí Lúnasa seo caite curtha ar fáil ag an CSO

Léiriú físiúil ar scaipeadh an víris sna contaetha Gaeltachta curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Tá mapaí nua i nGaeilge curtha ar fáil ag Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann a thugann léiriú físiúil ar scaipeadh an Covid-19 sna contaetha Gaeltachta

Tugann na léarscáileanna nua léargas ar na hathruithe a tháinig ar ráta coicíse an ghalair ó sheachtain go seachtain idir an 10 Lúnasa 2020 agus an 25 Eanáir 2021.

Roinn Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann na léarscáileanna de na contaetha Gaeltachta (seachas contae na Mí) ar a gcuntas Twitter.

Tá na léarscáileanna bunaithe ar ráta scaipthe an ghalair sna toghcheantair ar fud na tíre.

Léirigh an t-eolas is deireanaí gur thit ráta an ghalair beagnach faoina leath go náisiúnta in achar seachtaine agus bhí titim shuntasach i gceist i ngach ceann de na ceantair Ghaeltachta chomh maith.

Tá an ráta scaipthe is airde sa tír i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead go fóill, cé go bhfuil laghdú ollmhór tagtha ar líon na gcásanna nua sa cheantar le tamall anuas.

An Stát

Dún na nGall

Maigh Eo

Gaillimh

Ciarraí

Corcaigh

Port Láirge

Fág freagra ar 'Léiriú físiúil ar scaipeadh an víris sna contaetha Gaeltachta curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh'