Léiriú cumhachtach ar allagar agus diongbháilteacht na mban in ‘Women Talking’

Saothar cumhachtach, coscrach a thugann fogha faoi thiorántacht na bhfear atá i scannán nua Sarah Polley

Léiriú cumhachtach ar allagar agus diongbháilteacht na mban in ‘Women Talking’

Women Talking
Stiúrthóir: Sarah Polley
Cliar: Rooney Mara, Claire Foy, Jessie Buckley, Frances McDormand, Judith Ivey, Sheila McCarthy, Ben Whishaw

Tá an saothar cumhachtach, coscrach seo bunaithe ar úrscéal den teideal céanna a tháinig ó pheann Miriam Toews in 2018.

Bhí an leabhar úd bunaithe ar eachtraí a tharla i gcoilíneacht Manitoba sa Bholaiv idir 2005 agus 2009.

Pobal de chuid na Meinniníteach a bhí buailte fúthu san áit iargúlta sin agus tháinig sé chun solais in 2009 go raibh buíon fear ag tabhairt drugaí do mhná an phobail agus ag déanamh ionsaithe gnéis orthu fad is a bhí siad gan aithne gan urlabhra.

Thug Toews le fios gurbh é a bhí i gceist lena saothar ná  “freagra samhalta” ar na heachtraí foréigneacha sin, is amhlaidh atá sa léamh scáileáin freisin. Deirtear linn ag tús an scannáin seo gur as scioból samhlaíochta na mban a tháinig an scéal; tagairt shearbhasach, sheanbhlastúil do sheanóirí an phobail a mhaígh gur diabhail, púcaí nó samhlaíocht fhiáin na mban ba chúis le tuiscintí na mban gur deineadh ionsaithe orthu.

Ní thugtar le fios cá bhfuilimid cé go bhfuil na carachtair ag labhairt i mBéarla ach tugann daonáireamh le fios go bhfuilimid sa bhliain 2010. Sí Autje (Kate Hallett), iníon óg le duine de na príomhcharachtair, Mariche (Buckley) atá mar thráchtaire againn agus a cuid cainte dírithe ar iníon le Ona (Rooney) nach raibh saolaithe nuair a tharla na heachtraí. “Ní raibh againn ach 24 uair an chloig leis an domhan ina saolófaí tú a shamhlú,” a deir sí.

Deir sí é sin mar go bhfuil gníomhartha fill na bhfear díreach tagtha chun solais,  tá cuid de na hionsaitheoirí gafa ag na póilíní agus tá an chuid eile de na fearaibh imithe chun na cathrach le dul i mbannaí orthu.

Tá ar na mná cinneadh a dhéanamh faoina dtodhchaí agus trí rogha acu; an éagóir a scaoileadh tharstu, an fód a sheasamh nó teitheadh. Caitheann siad vóta; an chéad uair acu a leithéid a dhéanamh agus an páipéar ballóide bunaithe ar phictiúir óir nach bhfuil léamh ná scríobh acu. Tá an toradh cothrom agus fágtar faoi bhuíon bheag ban an cinneadh a dhéanamh.

Tá Ona fealsúnach, ciúinbhriathrach ach diongbháilte is uaillmhianach faoin méid a d’fhéadfadh siad a bhaint amach. Tá an ghoimh ar a deirfiúr Salome (Foy) agus í meáite ag dhul i muinín an fhoréigin. Eagla agus drogall ar leithéidí Scarface Janz (McDormand) agus Mariche cur i gcoinne fhorlámhas na bhfear.

Sé an siar is aniar sin idir na mná máithreacha an scannáin. Is annamh go bhfágaimid an scioból ina bhfuil an plé ar siúl agus ní fhaightear ach seatanna is nodanna beaga anseo is ansiúd den fhoréigean. Ní fheictear éinne dos na fearaibh seachas August (Whishaw), an múinteoir géilliúil a tháinig ar ais chuig an bpobal le déanaí i ndiaidh dá mhuintir a bheith díbeartha blianta roimhe sin.

Is gaisce scríbhneoireachta agus aisteoireachta atá sna babhtaí allagair seo. Ní haon ionadh go bhfuil ainmniúchán Oscar faighte aige don scríbhneoireacht agus do ghradam an scannáin is fearr. Cíortar drochstaid na mban, a gcreideamh, a ndílseacht dá muintir, a ngoimh, a n-uaillmhianta, a n-ábhar buartha agus a mearbhall. Cén tslí ar féidir maithiúnas a thabhairt dos na fearaibh, an maithiúnas é má tá iachall ort é a dhéanamh. I mír chinniúnach amháin deirtear go mb’fhéidir go samhlófaí an maithiúnas mar chead a gcinn.

Is fada roimhe seo ó chonac a leithéid de mheitheal bailithe le chéile. Aisteoireacht foirne den scoth atá anseo ach dar liom go bhfuil moladh faoi leith ag dul do Rooney a chuireann anam faoi leith ina carachtar.

Fág freagra ar 'Léiriú cumhachtach ar allagar agus diongbháilteacht na mban in ‘Women Talking’'