Léiriú cumasach eile ar choiriúlacht Baltimore ó dhraoi The Wire

Scéal áiféiseach ach fíor atá i ‘We Own This City’ ina gcuirtear tascfhórsa gunnaí Baltimore os ár gcomhair go snasta

Léiriú cumasach eile ar choiriúlacht Baltimore ó dhraoi The Wire

Áirítear The Wire (2002-2008) ar cheann de na saothair theilifíse ab fhearr riamh, murab é an bas ar fad acu. É féin agus The Sopranos (1999 – 2007) á fhéachaint lena chéile de shíor. Níor cuireadh aon fhiacail sa chíoradh ilghnéitheach a deineadh ar choiriúlacht drugaí Baltimore, Maryland. Má bhí turas le tabhairt arís ar an gcathair shuaite sin níl sárú David Simon ann le tabhairt faoin gcúram.

Bhí tuiscintí agus smaointe Simon don Wire bunaithe ar a thaithí mar iriseoir sa gcathair. Leis an mionsraith sé chlár We Own This City tá scéal fíor á leanúint againn agus cuntas á thabhairt ar chaimiléireacht agus coiriúlacht thascfhórsa gunnaí póilíní.

Bíonn an saothar seo siar is aniar tréimhse cúig bliana déag nó mar sin ach tá formhór na n-eachtraí lonnaithe in 2015-2017. Faoi 2017 tá an bhuíon cham gafa ag an FBI agus iad á gceistiú faoina ngníomhartha fill.

Gan amhras tá mórán athruithe sa tsochaí agus sa phóilíneacht ó thús na mílaoise. Tá an ghluaiseacht Black Lives Matter ag tarraingt aird ar bhrúidiúlacht na bpóilíní i leith daoine den chine dubh, tá míleatú as cuimse déanta ar fhórsaí póilíní agus scaipeann an teicneolaíocht eachtraí ar luas lasrach. Tagraítear do Freddie Gray cúpla babhta, an fear dubh a cailleadh in Baltimore in 2015 agus é faoi choimeád ag na póilíní. 

Déantar na téamaí sin thuas ar fad a chíoradh anseo. An téama is láidre, áfach ná go bhfuil an gaol idir na póilíní agus muintir Baltimore go hiomlán briste. Níl aon mhuinín acu as a chéile. Mothaíonn an pobal, an cine dubh go príomha, go bhfuilid faoi léigear ag fórsa brúidiúil, cam, ciníoch. Na póilíní den tuairim go bhfuilid de shíor i mbaol, nach dtuigeann éinne a gcúram agus gur cuma le héinne fúthu. Dá bharr níl aon leisce orthu a bpócaí féin a líonadh. 

Níl aon dabht ach gur leis an bpobal atá bá an lucht féachana.

Ag pointe amháin deirtear linn go bhfuil tuairim is 620,000 duine ag maireachtaint in Baltimore agus gur stop na póilíní daoine 300,000 babhta thar thréimhse cúig blianta. Cuirtear ina luí orainn cúpla babhta go bhfuil tionchar nach beag ag an léigear seo ar an gcóras dlí agus cirt. Ní labhraíonn daoine leis na póilíní agus tá sé dodhéanta nach mór giúiré a chur le chéile nach bhfuil claonta ó thaobh na bpóilíní. Ní haon iontas go ndúirt Gobharnóir Maryland, Larry Hogan an méid seo in 2014: “Baltimore is a poster child for the basic failure to stop lawlessness.” 

Is trí shúile Nicole Steele (Wunmi Mosaku), dlíodóir cearta sibhialta a dhéantar tochailt ar na scéalta daonna agus is iad na gníomhairí FBI John Sieracki (Don Harvey) agus Erika Jensen (Dagmara Dominczyk) a dhéanann cíoradh ar an gcaimiléireacht ar fad. Cuirtear meascán mearaí de phóilíní cama os ár gcomhair, ciníoch á léiriú ag Josh Charles ina measc. Aisteoireacht bhreá agus script shnoite le sonrú síos tríd an saothar.

Sé Wayne Jenkins (Jon Bernthal) a bheireann leis mórán radharcanna. É postúil, cróga, dílis agus ar nós is cuma liom faoi na daoine neamhchiontacha a ndéanann sé éagóir orthu. É go hiomlán cam agus beagán as a mheabhair. Is measa é ná mórán de na coirpigh a bhfuil sé sa tóir orthu. 

Saothar cumasach eile ó Simon a chuireann scéal áiféiseach, ach fíor, os ár gcomhair go snasta.

Fág freagra ar 'Léiriú cumasach eile ar choiriúlacht Baltimore ó dhraoi The Wire'