Léiriú cumasach ar Oscar Wilde, idir chraiceann agus chnámha

Díríonn The Happy Prince ar laethanta deireanacha Oscar Wilde agus ní hamháin go bhfuil Rupert Everett sa phríomhról ach is é a sholáthraigh an scríbhinn mar aon le bheith i gcathaoir an stiúrthóra

Léiriú cumasach ar Oscar Wilde, idir chraiceann agus chnámha

The Happy Prince
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Rupert Everett
Cliar: Rupert Everett, Colin Firth, Emily Watson, Colin Morgan, Edwin Thomas, Tom Wilkinson

Is ó chroí Rupert Everett amach a tháinig an saothar seo, scannán a bhfuil sé ar gor air le breis agus deich mbliana. Díríonn The Happy Prince ar laethanta deireanacha Oscar Wilde agus ní hamháin go bhfuil Everett sa phríomhról ach ’sé a sholáthraigh an scríbhinn mar aon le bheith i gcathaoir an stiúrthóra.  Go deimhin seo an chéad uair aige an dá ról deireanacha sin a tharraingt chuige féin.

Gan amhras baineann scannán ar an ábhar seo macalla nach beag as saol Everett féin; fear a d’fhógair go raibh sé aerach tarrac ar fiche bliain ó shin, tráth a bhféadfadh a leithéid tionchar mór a imirt ar a shaol aisteoireachta.

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil scéal Oscar Wilde i ngar dá chroí. Ag tús an scannáin tugtar achoimre gonta i bhfoirm scríofa ar an gcás clúmhillte a thóg Wilde nuair a scríobh an Marquess of Queensberry cárta inar tagraíodh dó mar ‘posing somdomite’ (déantar an botún litrithe a cheartú don scáileán). Bhí an marcas le ceangail nuair a fuair sé amach go raibh caidreamh collaí ag a mhac Alfred Bosie Douglas le Wilde. Chaill Wilde an cás úd, ciontaíodh é as ‘gross indecency’ agus b’éigean dó dhá bhliain a chaitheamh i bpríosún. Mhill an scannal sin é go proifisiúnta, go sóisialta, go pearsanta agus fé mar a léiríonn an scannán seo, go síceolaíoch.

Cuirtear abhaile orainn arís agus arís eile gur mhór an bhéim síos a bhí ann don scríbhneoir deisbhéalach a bhí ar dhuine de na pearsana ba cháiliúla i Londain, agus níos faide i gcéin go deimhin, ag an am.

Nuair a chímid ar dtús é, tá sé ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal i bPáras agus drochbhail cheart air. Tá a fhios againn go bhfuil sé sna croití deireanacha agus is i bhfoirm iardhearcthaí a thugtar cuntas ar an méid a tharla dó tar éis é a scaoileadh saor ón bpríosún.

É dóchasach ar dtús go n-éireodh leis a bheith ar a sheanléim arís agus a chairde dílse Robbie Ross (Thomas) agus Reggie Turner (Firth) ag tabhairt lámh chúnta dó. Léimeann sé ón tine chun na gríosaí nuair a eascraíonn caidreamh idir é agus Bosie in athuair. Buaileann siad fúthu in Naples ar feadh scaithimh agus iad ag imeacht le haer an tsaoil. Sin buille maraithe na muice do bhean Wilde, Constance (Watson) agus cuireann sí deireadh lena liúntas. Déanann máthair Bosie an rud céanna.

Tagann an nimh agus an suarachas go barr uisce ansin. Liúdramán baoth atá go hiomlán gafa leis féin é Bosie agus ní léiríonn sé tuiscint ná dílseacht ar bith do Wilde, murab ionann is Ross atá in mhadra lathaí aige nach mór.

‘Níl aon ní níos mínáirí ná bochtán Éireannach,’ a deir Wilde is é ar leaba a bháis. B’fhíor dó agus is carachtar débhríoch, cigilteach é. Téann Everett go smúsach ann agus tugann sé léiriú cumasach ar Wilde, idir chraiceann agus chnámha. Trua agus bá againn dó as an éagóir chruálach a deineadh air ach déistin orainn maidir leis an tslí ar thréig sé a chlann mhac agus an tslí a chaitheann sé lena chairde.

Fág freagra ar 'Léiriú cumasach ar Oscar Wilde, idir chraiceann agus chnámha'

  • Emer Ni Ronáin.

    Ag súil go mór leis.