Léiríonn cruinniú an G7 a laige is atá an grúpa

Tá leisce ar thíortha na hEorpa iad féin a cheangal go hiomlán le straitéisí i gcoinne na Síne is na Rúise

Léiríonn cruinniú an G7 a laige is atá an grúpa

Le linn an deireadh seachtaine i gCorn na Breataine rinne Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, iarracht na tíortha rachmasacha is mó a thabhairt le chéile faoi cheannas Mheiriceá. Bhíothas ag iarraidh seasamh i gcoinne chomórtas na Síne agus diúltú thíortha eile géilleadh don fhorlámhas Meiriceánach seo.

Seacht dtír atá mór láidir ó thaobh an gheilleagair thionsclaithe a tháinig le chéile mar an G7. Bhíodh an Rúis páirteach sa G8, ach cuireadh amach í nuair a thug siad an Chrimé ar ais sa Rúis in 2014.

Taobh amuigh den Rúis, níl aon suíochán ag an mbord ach an oiread ag mór-gheilleagair ar nós na Síne, na Brasaíle agus na hIndia.

Ar ndóigh, cén ceart atá ag tíortha móra an G7 an cúram seo a ghlacadh orthu féin agus a gcuid rialacha féin a bhrú ar thíortha eile, idir bheag is mhór?

Is cosúil go bhfuil sé níos éasca sprioc an fhorlámhais Mheiriceánaigh a fhógairt ná a bhaint amach, mar tá tíortha an Aontais Eorpaigh ag lorg níos mó solúbthachta ó thaobh a leas náisiúnta féin.

Mar chuid den iarracht sin, tá dhá mhórthionscadal ar bun ag an G7.

Ar dtús táthar ag iarraidh ráta coitinn cánach a ghearradh ar chomhlachtaí. Táthar á dhíol seo amhail is go bhfuil fonn orthu dul i ngleic leis na mórchomhlachtaí go léir a bhfuil ag éirí leo gan aon cháin a íoc aon áit, ach i ndáiríre tá na tíortha móra ag iarraidh féachaint chuige nach mbeadh sé níos tarraingtí infheistíocht a dhéanamh i dtír bheag – cosúil le hÉirinn – ná mar a bheadh i gceann de na mórthíortha.

Creideann an Roinn Airgeadais anseo go bhféadfadh muid dhá bhilliún a chailliúint má thagann an córas nua i bhfeidhm. Tá an Ungáir agus an Pholainn ag fógairt go dtroidfidh siad i gcoinne an phlean seo mura ndéantar eisceacht  do thíortha atá ag forbairt (cé go bhfuil an ráta cánach a ghearrtar ar chomhlachtaí sa Pholainn níos airde ná an figiúr a luann an G7 – 19% i gcoinne 15%).

Ar ndóigh níl aon fhonn troda ar an rialtas seo againne; tá muid róchleachtaithe ar bheith inár ngiollaí maithe.

Sé an dara mórthionscadal atá idir lámha ag an G7 ná clár vacsaínithe do na tíortha is boichte sa domhan. Ach in ainneoin na dea-chainte go léir, níl sonraí an phlean seo róshoiléir. Is léir gur freagra é ar na cláracha atá ag an tSín agus ag an Rúis dáileoga a thabhairt saor in aisce do na tíortha sin.

Taidhleoireacht na vacsaíní a thugann an G7 ar a leithéid, amhail is nach leor gurb é an rud ceart sibhialta é le déanamh.

Maidir leis an troid chun forlámhas a bhaint amach i gcúrsaí idirnáisiúnta, sí an uirlis is coitianta a mbaintear leas aisti ná na smachtbhannaí. Tá smachtbhannaí i bhfeidhm i gcoinne na Rúise agus na hIaráine, chomh maith le tíortha beaga amhail Cúba, Veiniséala, an Bhealarúis agus an Chóiré Thuaidh, agus comhlachtaí áirithe sa tSín.

Mar fhreagra air sin tá na Sínigh le pionós dlí a chur ar aon chomhlacht a thacaíonn leis na smachtbhannaí sin. Tá an Rúis ag glacadh leis go mbeidh na smachtbhannaí ann go deo!

Dúirt Alexander Pankin, leas-aire gnóthaí eachtracha na Rúis, le Parlaimint na Rúise go gcaithfeadh cláracha forbartha eacnamaíochta na Rúise a bheith bunaithe feasta ar an tuiscint go mbeidh na smachtbhannaí ann.

Ag an am céanna tá Nordstream 2 – a sholáthraíonn gás ón Rúis don Ghearmáin – ag dul ar aghaidh. Tionscadal eile é a léiríonn cé chomh deacair is atá sé aontú a fháil i measc an G7 féin, fiú nuair a bhíonn leas náisiúnta i gceist.

Ní bheidh aon ghéilleadh do na smachtbhannaí, sa Rúis ná, is cosúil, in aon stát eile. Go deimhin níl de thoradh orthu i ndáiríre ach an domhan a dheighilt idir an G7, a naimhde sa Rúis agus sa tSín, agus na tíortha sa lár, ar nós na hIndia is na Malaeisia.

Ag deireadh thiar tá leisce ar thíortha na hEorpa iad féin a cheangal go hiomlán leis na straitéisí seo i gcoinne na Síne is na Rúise, mar cé go bhfuil Donald Trump imithe ón ardán is é polasaí Trump atá á chur chun cinn i gcónaí ag Biden.

Troid in aisce measaim atá san iarracht seo ag Biden, ach bhí gné ghreannmhar ag baint leis an scéal freisin nuair a thug Biden faoi Boris Johnston maidir le Prótacal an Tuaiscirt.

Is léir gur thug Biden cic sa tóin do Boris dána, ach níor chuir sé aon mhairg ar Phríomh-Aire na Breataine. Shílfeá gur ag maíomh go bródúil gur thaitin an cic sa tóin céanna go mór leis a bhí sé.

Seans maith go bhfuil tuilleadh ar an mbealach!

Fág freagra ar 'Léiríonn cruinniú an G7 a laige is atá an grúpa'

  • Seán Ó Neachtain

    Dár m’anam nach lag atá dream ar bith a thugann cic sa tóin do Bhojo.

  • An Teanga Bheo

    Airgead amú agus ceannairí ag caint+ caint is mná le gunaí gallanta ar an trá? agus spás maith idir na cinniocha ar fad idirdhealú idir saibhir is bocht !

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Bhíodh an Rúis páirteach sa G8, ach cuireadh amach í nuair a thug siad an Chrimé ar ais sa Rúis in 2014.”

    Gur thóg siad an Chrimé le lámh láidir ón Ucráin. Léirigh tú do dhathanna aríst leis an abairt thuas!