Tá an leabhar Cré na Cille á craoladh aríst ar Raidió na Gaeltachta. Is ceart agus is cóir sin, go deimhin is cuí agus is tairbheach. Tá daoine ag baint sásaimh as an gcraoladh seo nach ndrannfadh leis an leabhar féin ar ór ná ar airgead.
Don chluais seachas don tsúil a fheileann Cré na Cille. An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, a dúirt an Cadhnach.
Uirlis a bhí inti ar bhain sé leas go cumasach aisti sa leabhar seo. Cé is moite de na headarlúidí is caint ar fad atá inti, caint chraicneach, caint chréúil, sciolladh agus feannadh.
Tá aithne agam ar bhean Ghaeltachta a bhí ag déanamh cúrsa ollscoile. Ní bheadh sé de mhisneach aici Cré na Cille a léamh ach oiread agus a thabharfadh sí faoi Ulysses ná faoi Finnegans Wake.
Lá amháin casadh craoladh de Chré na Cille sa leabharlann léi. Thuig sí an comhrá go breá.
Tuigeadh an leabhar i gCois Fharraige nuair a tháinig sí amach i dtosach ar ndóigh. Dúirt an Cadhnach go mbítí á léamh ar na portaigh agus sna tithe cuarta.
Bhí Gaeilge na ndaoine chomh saibhir ag an am go mbídís ag cur a gcuid leaganacha féin leis na leaganacha cainte a bhí inti.
Is mór an slabhcadh a tháinig ar an nGaeilge ó shin, ach mar sin féin ba léir gur thuig cuid mhaith daoine an leagan a chuir Macdara Ó Fátharta ar an stáitse sa Taibhdhearc agus an scannán breá a rinne Robert Quinn.
Ní raibh Raidió na Gaeltachta i bhfad ar an aer nuair a craoladh Cré na Cille i dtosach. B’iontach misniúil an beart ag lucht ceannais an stáisiúin é. Ní raibh na háiseanna chomh maith an uair sin agus atá anois.
Ba throm an dualgas a cuireadh ar Johnny Chóil Mhaidhc a chóirigh an script agus ar Mhaidhc P Ó Conaola a léirigh an tsraith.
Aisteoirí amaitéaracha ar fad beagnach a frítheadh leis na páirteanna a dhéanamh. Bhí páirt bheag agam féin sa gcraoladh.
Maidin amháin tháinig mé isteach sa stáisiún agus mé breoite go leor tar éis ragairne na hoíche roimhe sin. “Tá mé aisteoir gann,” a dúirt Maidhc P. “déanfaidh tusa an pháirt.”
Ordú seachas achainí ba mhinice ag Maidhc P. Fear a bhí ann a raibh sé deacair é a dhiúltú.
In aghaidh mo thola a thug mé m’aghaidh ar an stiúideo. Dúirt daoine ina dhiaidh sin nach ndearna mé ródhona. Sin cé nach aisteoir ar bith a bhí ionam.
“Tá marach amháin ortsa, a Mhic Uí Chuaig,” a dúirt Bob Quinn liom lá agus muid ag réiteach clár teilifíse, “níl tú in ann aisteoireacht ar bith a dhéanamh.”
“Nach ag aisteoireacht atá sé i gcaitheamh a shaoil,” a dúirt dailtín a chuala an breithiúnas.
Is minic a fhiafraíonn acadúlaithe cén fhealsúnacht a bhí ag Máirtín Ó Cadhain nuair a scríobh sé Cré na Cille. Tarraingíonn siad anuas fealsúnaithe móra an domhain.
Níl aon scil agam sna cúrsaí sin ach creidim go daingean go raibh an Cadhnach ag iarraidh a léiriú nach naoimh ná aingle a bhí i muintir na Gaeltachta.
Bhí an gadaí agus an bradaí ann freisin, a dúirt sé.
Léiriú é seo a thuigeann pobail tuaithe ar fud an domhain. Tabhair faoi deara an tóir atá ar na haistriúcháin atá déanta ar an leabhar. Díoladh an t-aistriúchán Rúisise ar an bpointe.
An duine a chaith saoire faoin tuath sa Rúis thuigfeadh sé Cré na Cille, a dúirt an té a rinne an t-aistriúchán Rúisise, Yuri Andreichuk.
Níor chuir sin iontas ar bith ormsa. Blianta ó shin léigh mé And Quiet Flows the Don leis an scríbhneoir mór Rúiseach Mikhail Sholokhov. Bhí cur síos ansin ar na cruinnithe a bhí i hallaí beaga faoin tuath sa Rúis nuair a bhí an chomhsheilbhíocht á cur i bhfeidhm.
Shílfeá gur i halla beag i gConamara a bheifeá. Ba í an chaint chéanna í, agus an meon céanna freisin.
D’fhéadfá an chaint sin a aistriú lom díreach go Gaeilge.
Seán Mac Bhriain
Bheadh sé spéisiúil a fháil amach cé mhéad cóip de Cré na Cille a díoladh i nGaillimh nuair a foilsíodh é – seachas talamh slán a dhéanamh de mhaíomh an údair. Ar ndóigh, ceann de na cúiseanna a bhí lena léamh ag an am ná a fháil amach an raibh aon duine de na “carachtair” le n-aitheachtáil.