Léim an dá bhruach tugtha ag Leo Varadkar, an Botúnator

DIALANN UÍ MHUIRÍ: Leo á chosaint ag Micheál; vótaí Trump; agus shenanigans na marbh

Léim an dá bhruach tugtha ag Leo Varadkar, an Botúnator

Leo an dá bhruach

Seans mór go raibh dearmad déanta ag cuid mhór daoine go raibh Sinn Féin i dTeach Laighean agus iad in ainm is a bheith ann mar fhreasúra. Seans mór go raibh dearmad déanta ag cuid mhór daoine gur tháinig an páirtí faoi chúpla suíochán den olltoghchán dheireanach a bhaint agus – a Thiarna! – Cúba a dhéanamh d’Éirinn.

Thug an teip ar éigean ar lucht Fhine Gael agus Fhianna Fáil margadh gránna a dhéanamh le chéile ionas nach bhfaigheadh páirtí neamhscrupallach amháin an lámh in uachtar ar a bpáirtithe neamhscrupllacha féin.

Seans gur bhain sé preab as daoine go raibh vóta mímhuiníne ag Sinn Féin sa Dáil arú inné, Dé Máirt, mar, bíodh is go bhfuil Sinn Féin ina bhfreasúra, bhraithfeá go raibh dearmad déanta acu de sin iad féin. Cinnte, tugann polaiteoirí de chuid an pháirtí amach faoi nithe a dhéanann nó nach ndéanann an Rialtas ach ní bhraithfeá go raibh éifeacht mhór leis an pháirtí mar fhreasúra, mar rogha eile rialtais.

Mar a tharla, níor tháinig lá Shinn Féin leis an vóta agus thug Varadkar léim an dá bhruach. Mar sin féin, seans nach raibh Micheál Martin róshásta le Varadkar as leithscéal a thabhairt do Shinn Féin an vóta mímhuiníne a rith agus deis a thabhairt dóibh cur i gcuimhne don phobal go raibh Sinn Féin sa Dáil mar fhreasúra. Seans, dá mba bhall d’Fhianna Fáil é Varadkar go gcuirfeadh Martin smacht air as an “bhotún” a rinne sé agus conradh faoi rún a sheoladh amach chuig cara.

Ach ní thig leis. Ina ionad sin, caithfidh sé ceannaire páirtí eile a chosaint agus, ar ball, amach anseo, nuair a thiocfas an dara holltogchán, an fear atá á chosaint faoi láthair aige a cháineadh.

Sea, plean maith.

Tréaslú agus teip

Chroch an Botúnator Leo Varadkar teachtaireacht ar líne inar thréaslaigh sé a bhua le Joe Biden. Thuigfeá go mbeadh faoiseamh ar Varadkar go raibh deireadh le ré Trump. I ndeireadh an lae, b’éifeachtaí Trump mar pholaiteoir ná Varadkar.

Bhí toil ghnáthbhaill Fhine Gael le Simon Coveney lá den tsaol. Tháinig Varadkar i gcumhacht ar vótaí na n-uaisle agus bronnadh oifig an Taoisigh air. Theip go tubaisteach air san olltoghchán dheireanach, an chéad uair a chuaigh sé chun catha mar cheannaire a pháirtí. (Sad!)

Amharc ar Trump. Chloígh sé uasaicme a pháirtí féin; thug sé gnáthbhaill an pháirtí leis faoi dhó; ghráigh coimeádaigh mar dhuine cultais é (ar nós mar a bhí Obama ag Daonlathaithe), bhuaigh sé olltoghchán 2016 in ainneoin na n-ainneoin, rinneadh uachtarán de de bharr a chumais féin agus tháinig faoi scairt asail d’olltoghchán 2020 a bhaint fosta.

Thairis sin, má chreideann Varadkar go bhfuil seal eile tuillte aige mar Thaoiseach de bharr a theipe, cad chuige nach rachadh Trump sa bhearna bhaoil arís agus breis agus 70 milliún vóta aige? (Dia idir sinn agus an Disruptor.) Dá mbíodh Trump san iomaíocht i gceann ceithre bliana, bheadh sé ar an aois chéanna le Biden anois.

Poblacht agus Poblacht Eile

An Poblachtánachas – éirí amach, troid chun saoirse, cogadh na gcarad, an fhrithréabhlóid. Scéal phoblachtánaigh na hÉireann agus an phoblachtánaigh eile sin, Donald Trump, anois. Sa chás seo, ní raibh an lá leis an tSaorstát ach leis an Domhainstát. Trumpfaidh ár lá!

Shenanigans na marbh

Tá mórán cainte ann faoi Joe Biden agus a bhaint le hÉirinn. Níorbh é an t-aon bhaint amháin a bhí ag Éirinn leis an olltoghchán. A luaithe agus a thosaigh lucht leanúna Trump a chaint ar líomhaintí caimiléireachta, phléasc an focal “shenanigans” ar líne. Rinne lucht tacaíochta DJT a gcuid féin den fhocal, focal Béarla atá ceangailte go dlúth le hÉireannaigh Mheiriceá.

Níor luaithe an focal shenanigans i mbéal an phobail gur tugadh sampla as an stair de na shenanigans Éireannacha chéanna. Thosaigh siad a chaint ar John F. Kennedy agus shenanigans iarmhaor Chicago, Richard J. Daley, le go mbeadh an lá le Kennedy in éadan Nixon sa bhliain 1960.

Lena chois sin, thosaigh vótóirí Trump a thabhairt le fios go raibh na mairbh féin ag vótáil. Ar fhoghlaim Biden ceacht ag an Phiarsach?: “They think that they have foreseen everything, think that they have provided against everything; but the fools, the fools, the fools! – they have left us our Democrat dead, and while Michigan holds these graves, Michigan unfree shall never be at peace.”

An focal scoir ar shenanigans. Bhí láithreoir raidió as Wisconsin ag scríobh ar chúrsaí vótála ina stát féin agus an chonspóid a bhain leo: “Wisconsin clerks may have unlawfully altered thousands of absentee ballots.”

‘Dan O’Donnell’ is ainm dó! Do bharúil, an bhfuil ceol aige?

Fág freagra ar 'Léim an dá bhruach tugtha ag Leo Varadkar, an Botúnator'

  • An Teanga Bheo

    Stil funtach i an chaint seo agus an Botunator ag faire a achievement de shior.

  • PMacF

    An dtuigeann éinne cén saghas screada a ligeann asal níos mó? Nó an amhlaidh go raibh asail Chiarraí níos glóraí ná saghas ar bith eile le linn m’óige?
    Sea, bhí daoine ann nach raghfá i ngiorracht scread asail dóibh! Is amhlaidh a d’fhánfá i bhfad amach uathu.