Leigheas faighte ar dheacrachtaí Iarnród Éireann leis an ‘síneadh fada’ tar éis dhá bhliain

Leasú déanta ar chóras leictreonach a bhí ina ábhar gearáin ag pobal na Gaeilge a chuireadh suíocháin traenach in áirithe

Leigheas faighte ar dheacrachtaí Iarnród Éireann leis an ‘síneadh fada’ tar éis dhá bhliain

Tá deimhnithe ag Iarnród Éireann do Tuairisc.ie go mbeidh formhór na dtraenacha acu in ann sínte fada a thaispeáint ar chomharthaí áirithinte leictreonacha as seo amach.

Ní raibh an córas a bhí in úsáid ag Iarnród Éireann go dtí seo in ann ainmneacha a raibh síneadh fada iontu a léiriú go cruinn ar na comharthaí digiteacha a thaispeánann go bhfuil suíochán curtha in áirithe ag duine.

Bhí an fhadhb seo ina cúis ghearáin ag baill den phobal le hOifig an Choimisinéara Teanga agus tugadh le fios i dtuarascáil faireacháin de chuid na hOifige sin a foilsíodh an tseachtain seo caite gur ábhar “imní” a bhí ann nach raibh an cás réitithe fós.

Tugadh suntas do thuairisc an Choimisinéara ar an ábhar in  eagarfhocal a foilsíodh san Irish Times Dé hAoine seo caite, áit ar dúradh go raibh sé “áiféiseach” nach raibh an córas curtha ina cheart ag Iarnród Éireann.

“This is hardly rocket science: English is the only major European language without diacritics; every other big train operator can manage it,” a dúradh san eagarfhocal.

Ag an chruinniú is deireanaí idir an Coimisinéir Teanga agus Iarnród Éireann i mí Feabhra na bliana seo, thug Iarnród Éireann le fios go raibh a gcóras in ann glacadh le sínte fada ar litreacha beaga ach nach n-oibreodh sínte fada ar cheannlitreacha.

Tá deimhnithe ag an gcomhlacht anois do Tuairisc.ie go bhfuil uasghrádú déanta acu ar an gcóras agus go mbeidh sé in ann glacadh le sínte fada ar fhormhór a línte traenach.

Dúradh nach féidir sínte fada a thaispeáint i gceart go fóill ar an tseirbhís idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, áfach. Is iad Translink, an comhlacht iompar poiblí i dTuaisceart Éireann, a dhéanann soláthar do na traenacha ar an líne sin ach deir Iarnród Éireann go bhfuil siad ag obair leosan chun an fhadhb a réiteach “chomh luath agus is féidir”.

Dúirt urlabhraí ó Iarnród Éireann nach bhfuil na comharthaí áirithinte leictreonacha le feiceáil ar thraenacha faoi láthair mar gheall ar na beartais atá curtha i bhfeidhm acu de bharr Covid-19 ach go mbeidh sínte fada le feiceáil i gceart nuair a thabharfar na comharthaí ar ais amach anseo.

Agus é ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur maith an rud é go mbeadh na sínte fada le feiceáil feasta, ach dúirt sé nár cheart go dtógfadh sé chomh fada seo teacht ar réiteach.

“Léiríonn sé an gá nuair a bhíonn córais nua idirghníomhacha á dtabhairt isteach go mbíonn siad i gceart ón tús agus in ann déileáil le sínte fada seachas a bheith ag iarraidh an córas a cheartú ina dhiaidh sin,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill.

Chinn an Coimisinéir Teanga anuraidh gur sárú ar an dlí é ag Iarnród Éireann gan ainmneacha a bhfuil síneadh fada iontu a léiriú go cruinn. Gheall Iarnród Éireann go mbeadh an fhadhb réitithe faoi mhí Iúil anuraidh agus arís luath san athbhliain i mbliana ach theip orthu na spriocanna sin ar fad a bhaint amach go dtí anois.

Fág freagra ar 'Leigheas faighte ar dheacrachtaí Iarnród Éireann leis an ‘síneadh fada’ tar éis dhá bhliain'