“Tráthnóna Dé Sathairn roimh dhul faoi don ghréin,
Chonaic mé lánúin i ngarraí leo fhéin,
Bhí an bhean is í ag casaoid, ag cur síos ar an tae,
Is níor mhaith leis an bhfear í a bheith ag trácht air.”
– Amhrán an Tae
Corrach go maith a bhí an saol idir an bhean agus an fear in Amhrán an Tae. Ach go sílfeá gur mó dúil a bhí ag an bhfear sa tobac dá leanfá na véarsaí go deireadh. Go deimhin, sa dara véarsa den amhrán bagraíonn sé feac na láí ar an mbean bhocht mura bhfaighidh sí an tobac dó. Ní dóigh go mbeadh an sórt sin cainte ceart ná cuibhiúil in amhráin na linne seo. Níl a fhios againn cén deireadh a bhí ag an mbeirt ach tá a fhios againn sa véarsa deiridh go raibh réiteach éigin le déanamh sa Spidéal “ar maidin Déardaoin”.
Ar ndóigh, bhí an tobac agus an tae coitianta ag muintir na tuaithe in Éirinn i bhfad sular cluineadh caint ar Darina Allen ná ar an Celebrity Chef. Tá scéalta sa saol i gcónaí faoin anó a bhí ar dhaoine sa tír seo cheal tae agus tobac in aimsir na ciondála nó an ‘ration’ le linn an Dara Cogadh Mór agus sna blianta beaga ina dhiaidh sin. Bhítí ag triail ar chuile bhealach leathphunt tae no píosa tobac a fháil sna siopaí agus daoine spíonta san intinn d’uireasa an dá dhruga sin.
Tá an dá dhruga gafa ar mhalairt slí ó shin. Tá an tobac caite sna fataí lofa ag lucht leighis agus ag lucht an eolais. Ní clú ná cáil ar dhuine ar bith anois a rá go mbíonn sé nó sí ag caitheamh tobac agus tá an druga luaite le cuimse cineálacha lagan colainne agus leis an ailse. Is dual dó a bheith curtha sna fataí lofa.
Ach, tá an tae tagtha chun cinn.
An tseachtain seo féin a mhol ceann d’institiúidí móra na Stát Aontaithe, an Harvard Medical School, an muga tae. De réir an staidéir atá déanta ar an tae, tá an bua ag baint leis go gcoinníonn sé uait an lagan ar an gcuimhne a bhuaileann roinnt mhaith daoine agus iad ag teannadh amach sna blianta.
Is cosúil go bhfuil fianaise ann freisin go gcuidíonn an tae le daoine atá i mbaol, ón dúchas, go gclisfeadh an chuimhne orthu de réir mar a bheidís ag éirí níos sine – mianach a thugann daoine thar a chéile leo ón mbroinn. Lúb ar lár éigin sa gcuid sin den ghéineolaíocht ar a dtugtar an APOE4 is siocair leis seo, a deir na saineolaithe leighis.
Roghnaíodh beagnach 1000 duine atá páirteach sa staidéar fadaimseartha ar a dtugtar an Singapore Longitudinal Aging Study lena fháil an raibh aon tionchar ag an tae ar bhuaine na cuimhne. Tar éis cúig bliana den staidéar, léiríodh go raibh an baol go gclisfeadh an chuimhne laghdaithe 50% ar dhaoine a d’ól tae go rialta. Bhí an toradh ab fhearr acu siúd a d’ól tae chuile lá.
Cén leas atá sa tae?
Níl na saineolaithe leighis in ann an cheist sin a fhreagairt. Ach, creideann siad go bhfuil ábhair sa tae a choinníonn roinnt smachta ar ionsaithe nimhneacha orgánacha sa gcolainn.
Ar ndóigh, is údar bróin agus éalang thromchúiseach é cliseadh na cuimhne agus galair amhail an galar alzheimer. Tá os cionn 30,000 duine in Éirinn buailte ag an donas seo anois agus is cosúil go bhfuil sé ag éirí níos coitianta. Tá tuairimí éagsúla ann faoin gcúis atá leis. Tá daoine ag maireachtáil cuid mhaith níos sine anois ná mar a bhíodh agus d’fhéadfadh sé go bhfuil baint mhór aige sin leis an scéal.
Rud ar bith a chuirfeadh bac ar an gcliseadh cuimhne, bheadh fáilte roimhe. Mar sin, is díol spéise agus dóchais an scéal seo faoin tae – agus tá sé ag teacht freisin le nós breá a bhíodh sa tír seo i gcónaí, muga tae.
Fág freagra ar 'Leigheas ar an díchuimhne an tae'