Léigh an leabhar seo agus beidh tú in ann píosa Béarla a chur i nGaeilge níos soiléire agus níos snoite

Acmhainn iontach é ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ a bhféadfadh aistritheoirí, státseirbhísigh, iriseoirí agus go leor eile tairbhe a bhaint aisti

Léigh an leabhar seo agus beidh tú in ann píosa Béarla a chur i nGaeilge níos soiléire agus níos snoite

Ó Bhéarla go Gaeilge le Antain Mac Lochlainn

Cois Life 2018 €18

Is beag lá na laethanta seo nach bhfógraítear cúrsa nua san aistriúchán agus bíonn dúrúch ar institiúidí ardléinn ag mealladh mac léinn chucu féin. Mar sin féin tá eagraíochtaí fós ag maíomh go bhfuil ganntanas mór aistritheoirí maithe ann agus folúntais le líonadh in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Tagtha chugainn anois ón saineolaí ar phraitic agus ar léann an aistriúcháin tá cúrsa praiticiúil idir dhá chlúdach leabhair le treoir a chur orainn agus misneach a thabhairt dúinn, an leabhar cúnta ar mhaith leis an údar agus an t-aistritheoir a bheith ar fáil dó féin nuair a thosaigh sé ag aistriú agus ag oiliúint.

D’fhéadfaí an leabhar seo a úsáid mar théacsleabhar ar chúrsa léinn ach é chomh héasca céanna é a úsáid as do stuaim féin sa mbaile le feabhas agus snas a chur ar do chumas aistriúcháin agus le cuidiú a fháil agus tú sáinnithe i gcathair ghríobháin fhoclach an Bhéarla. 

Thaitin an leagan amach go mór liom féin – céimeanna tomhaiste, miontreoracha samplacha faoin gcur chuige ó thaobh réamhullmhúcháin agus taighde, ceachtanna bunaithe ar gach céim agus iad le déanamh agat féin. Aguisíní le fáil ar chúl an leabhair le deis a thabhairt duit leagan an údair de na píosaí aistriúchán sin a bhreithniú ina dhiaidh sin agus níos tairbhí ná sin, mionanailís uaidh ar na tuislí agus an caochphoill a bhí le cur de aige féin sna sleachta. 

Ní leabhar don fhoghlaimeoir Gaeilge é seo mar go nglactar leis nach dtabharfadh faoin aistriúchán ón mBéarla go dtí an Ghaeilge ach an té a mbeadh ardchumas Gaeilge aige cheana féin.

Mínítear go soiléir simplí na coincheapa is bunúsaí faoin aistriúchán agus na dúshláin is minice a bhíonn le sárú ag aistritheoir – téarmaíocht, réim, ciall, easpa an ailt éiginnte agus a lán eile. Faighimid léamh ar a ndúirt saineolaithe idirnáisiúnta ar an gceird seo agus na dúshláin a bhíonn le sárú chun an aistriúcháinis dhothuigthe aduain a sheachaint.

Sibhse ar gean libh an t-ardléann gheobhaidh sibh anseo an mheititheanga uile a bhaineann leis an réimse staidéir sin ach na téarmaí acadúla ar fad mínithe go gonta stuama agus neart samplaí ar fáil le haon mhistéir a ruaigeadh den choibhéis agus den pharafrásáil.

Tugann an t-údar eolas sa leabhar chomh maith faoi na hacmhainní iomadúla atá ar fáil ar líne anois agus na buanna éagsúla a bhaineann leo go léir, ina measc ar ndóigh aistear.ie mar a bhfaighidh tú comhairle, ceachtanna agus saineolas an údair.

Bua eile atá ag an leabhar seo don aistritheoir gur as foilseacháin a roghnaíodh na samplaí agus gur tháinig bunús na dtéacsanna atá le haistriú ó pháipéir scrúdaithe an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí Gaeilge. Cuirtear neart seánraí éagsúla ábhair ar fáil dúinn agus is mór an cúnamh é sin don té a mbeadh spéis aige sa gcáilíocht áirithe sin a bhaint amach.

Déanann an t-údar freastal freisin ar theagascóirí agus tugtar comhairle agus treoracha don oide faoi chur chuige agus oideolaíocht na ceirde, comhairle fhiúntach amháin a thuiscint i gcónaí nach cúrsa cruinnis é seo ach cúrsa aistriúcháin.

Is dóigh nach bhféadfaí leabhar faoin aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a fhoilsiú agus ceist anacrach an Chaighdeáin Oifigiúil a sheachaint ar fad, go háirithe agus an Ginideach mí-ásach siúd ag séideadh fúinn nuair a bhíonn péire ainmfhocal  i gceist. B’fhiú an t-údar seo a sheoladh ar mhisean an athmhuintearais i Stormont más aon teist ar a stuaim an chaoi ar láimhseáil sé an t-arracht sin, cumas cainteoir dúchais ag coraíocht le cumas cainteora dúchais.

Deir an t-údar deisbhéalach seo linn: ‘Feictear domsa go bhfuil an treoir sin ag teacht salach ar an Ghaeilge bheo agus is cosúil go bhfuil a lán scríbhneoirí Gaeilge ar aon aigne liom’. Tá agus an scríbhneoir seo ina measc.

Fágann Antain an scéal mar sin agus mo bheannacht dó! Ar ndóigh an t-aistritheoir ar mian leis malairt tuairime a fháil tá an Caighdeán Oifigiúil ar fáil ar www.oireachtas.ie.

Téacsleabhar don aistritheoir agus don oide atá sa leabhar seo atá leagtha amach go soiléir snasta agus ná bí ag súil le haon chaitheamh aimsire ná aon phápaireacht acadúil ann. Beidh tú in ann píosa Béarla a chur i nGaeilge a bheidh níos soiléire agus níos snoite ag a dheireadh, éacht nach ndéantar rómhinic.

Acmhainn iontach é an leabhar seo a bhféadfadh léitheoirí nuachta, iriseoirí, státseirbhísigh, oifigigh Ghaeilge agus chaidreamh poiblí, scríbhneoirí scripte agus téacsleabhar, múinteoirí agus aistritheoirí tairbhe a bhaint aisti.

Fág freagra ar 'Léigh an leabhar seo agus beidh tú in ann píosa Béarla a chur i nGaeilge níos soiléire agus níos snoite'