Leatrom stáit ar phobal na Sámach le fiosrú san Iorua agus san Fhionlainn

Tá coimisiúin um fhírinne agus athmhuintearas le bunú san Iorua agus san Fhionlainn a fhiosróidh leatrom an stáit ar phobal na Sámach sa dá thír sin

Leatrom stáit ar phobal na Sámach le fiosrú san Iorua agus san Fhionlainn

Dea-scéala do na Sámaigh, pobal bundúchasach thuaisceart Chríoch Lochlann. 

An tseachtain seo caite, chinn parlaimint na hIorua coimisiún um fhírinne agus athmhuintearas a bhunú chun an chos ar bolg a imríodh ar na Sámaigh sa tír sin le breis agus céad bliain anuas a fhiosrú, agus féachaint céard is féidir a dhéanamh chun an leatrom stairiúil sin a chur ina cheart.

Tá cónaí ar níos mó ná leath den phobal Sámach san Iorua. Tá cónaí ar an gcuid eile den phobal sa tSualainn, san Fhionlainn agus sa Rúis. Ach tír amháin iad críocha na Sámach ina dteanga féin: Sápmi, nó Tír na Sámach. 

Is iad na Sámaigh an t-aon phobal (leath-)fháin atá fágtha san Eoraip. Cé go bhfuil cónaí ar a bhformhór i ngnáth-thithe den chuid is mó den bhliain, tá tuairim is duine as gach deichniúr fós ag brath ar earnáil na réinfhianna, rud a chiallaíonn tréimhse fánaíochta i lár na bliana agus na réinfhianna ag tabhairt aghaidh ar bhuailte an tsamhraidh. 

Ar an bpolasaí conspóideach a bhí i bhfeidhm san Iorua go dtí na 1980í agus a raibh sé mar aidhm aige Ioruaigh a dhéanamh de na Sámaigh a dhíreoidh an coimisiún nuabhunaithe san Iorua go háirithe. Mar chuid den pholasaí stáit seo, cuireadh páistí isteach i scoileanna cónaithe inar tugadh le tuiscint dóibh nárbh fhiú cac an diabhail iad a dteanga ná a gcultúr féin. Bhí cosc ar theangacha na Sámach sa seomra ranga agus i gclós na scoile. Ní nach ionadh, tá fadhbanna síceolaíocha ag cur as do mhórchuid Sámach a d’fhreastail ar na scoileanna sin inniu, agus ar a sliocht.

Cuireadh an polasaí céanna i bhfeidhm chun Ioruaigh a dhéanamh den phobal beag Kven, sliocht inimirceach as an bhFionlainn a bhfuil cónaí orthu i dtuaisceart na hIorua, agus díreoidh an coimisiún nua ar an leatrom a rinneadh ar an bpobal sin freisin.

Tá tuairim is deich faoin gcéad den phobal Sámach ina gcónaí san Fhionlainn. Níor imríodh cos ar bolg chomh brúidiúil céanna orthu sin agus a imríodh ar a ngaolta san Iorua, ach mar sin féin, chinn rialtas na Fionlainne an mhí seo caite coimisiún a bhunú a fhiosróidh polasaithe an stáit i leith na Sámach sa tír sin.

Tá a mhacasamhail de choimisiún á éileamh le tamall de bhlianta anuas ag na Sámaigh sa tSualainn, mar a bhfuil cónaí ar an gceathrú cuid den phobal Sámach. Níl radharc ar a leithéid go fóill, ach cá bhfios nach leanfaidh Stócólm sampla Heilsincí agus Osló amach anseo. 

Tá cónaí ar dhornán beag Sámach sa Rúis, ach an chaoi a bhfuil rudaí sa tír sin, is baolach go mbeidh fanacht fada orthu sin go dtí go bhfiosrófar an leatrom stáit a rinneadh orthu.

Fág freagra ar 'Leatrom stáit ar phobal na Sámach le fiosrú san Iorua agus san Fhionlainn'