Leathshúil ag na cúigí ar an Eoraip

Beidh cluiche crua idir cúige Mumhan agus cúige Uladh i Luimneach amárach ach is ag ullmhú do na comórtais Eorpacha a bheidh na cúigí ar fad an deireadh seachtaine seo

Cúige Uladh in aghaidh Chúige Mumhan. ©INPHO/Billy Stickland
Cúige Uladh in aghaidh Chúige Mumhan.
©INPHO/Billy Stickland

Bhí an lámh in uachtar ag an gceithre chúige agus iad ag imirt sa gcomórtas Pro 12 an deireadh seachtaine seo caite, rud nach dtarlóidh agus babhta a 9  anois againn. Tá dhá Chúige as Éirinn, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh ag tabhairt faoina chéile i Luimneach an Aoine bheag seo.

Cé go bhfuil toradh an chluiche tábhachtach ó thaobh pointí an Pro 12, is tábhachtaí i bhfad ná sin an ócáid mar réiteach do bhabhta a 3 de Chorn na gCuradh atá le himirt an deireadh seachtaine seo chugainn.

Agus an t-alt seo á scríobh, ní raibh fáil ar liostaí na bhfoirne a bheas Cúige Mumhan ná Cúige Uladh ag cur chun páirce, ach is cinnte go mbeidh an bheirt bhainisteoirí breá sásta go bhfuil fáil acu arís ar na ‘gunnaí móra’,  don aon tástáil cheart amháin a bheas acu roimh imirt sa gcomórtas sinsearach.

I gcás na Muimhneach, beidh Anthony Foley ag réiteach do chuairt Clermont Auvergne, tánaistí an chomórtais le dhá shéasúr anuas, agus beidh leathshúil freisin ag na hUltaigh ar chuairt Scarlets Llanelli ar Bhéal Feirste sa gcomórtas céanna.

Fágann sin nach mbeidh aon rogha ag Cúige Mumhan ach leithéidí O’Connell, Zebo, O’Mahony agus Murray a úsáid, den chuid is mó den chluiche ar aon chaoi.

Is ionann an cás maidir le Best agus Bowe Chúige Uladh.

Tabharfaidh cluiche an Aoine seo ar Pháirc Thuamhan deis iontach do chaon fhoireann patrúin imeartha, idir shean agus nua, a chleachtadh san imirt chrua a bhíonn againn i gconaí idir an dá fhoireann seo.

Is mar a chéile an scéal ag Cúige Laighean a bheas ag réiteach dá gcuairt féin ar an “Stoop” i Londain, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar Harlequins i mbabhta a 3 de Chorn na gCuradh faoi cheann seachtaine.

Tá an t-ádh orthu go mbeidh tástáil cheart á fáil acu sa bPro 12 an deireach seachtaine seo agus Ospreys, atá sa dára háit ar an tábla, ar cuairt ag an RDS.

Bhí an t-uafás d’imreoirí Chúige Laighean ar dualgas idirnáisiúnta le trí seachtaine anuas agus seans go raibh baint aige sin leis an drochimirt san Iodáil an deireadh seachtaine seo caite, áit nár éirigh leo ach dhá phointe a aimsiú as baile i gcoinne Treviso.

Fágann sin go bhfuil cúpla cinneadh mór le déanamh ag Matt O’Connor agus a fhoireann á roghnú aige.

Tá cúpla imreoir ó phainéal na hÉireann ag filleadh ar Chúige Chonnacht freisin agus iad siúd ag tabhairt faoi na Scarlets.

Beidh leathshúil ag bainisteoir Chonnacht Pat Lam freisin ar an gcluiche i gcoinne Bayonne na Fraince i gCorn an Dúshláin, cluiche a bheidh ar siúl ar an mBóthar Beag faoi cheann seachtaine.

Cinnte beidh na cúigí ar fad ag iarraidh cluichí babhta 9 den Pro 12 a bhuachan, ach seachas tada eile beidh siad ar a míle dícheall gortuithe a sheachaint roimh chluichí na gcomórtas Eorpach.

Fág freagra ar 'Leathshúil ag na cúigí ar an Eoraip'