Leathlámh ag an maestro Cate Blanchett ar dhuais Oscar

An taispeántas is fearr riamh ó Cate Blanchett sa saothar aigneolaíoch Tár

Leathlámh ag an maestro Cate Blanchett ar dhuais Oscar

Tár
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Todd Field
Cliar: Cate Blanchett, Noémie Merlant, Nina Hoss, Olga Kauer, Mark Strong, Allan Corduner, Julian Glover

Saothar aigneolaíoch, dúnéaltach atá againn anseo ó Todd Field, an té a bhí ar an stiúir do shaothair thathagacha amhail In the Bedroom (2001) agus Little Children (2006).  Ba é a sholáthair an script scannáin do na saothair thuas agus an babhta seo téann sé i mbun pinn le scéal a gineadh i scioból a shamhlaíochta féin a reic. Ach oiread leis na saothair thuas tugann Field fé ábhar achrannach, cigilteach, conspóideach, coiscthe fiú.

Ag tosach an scannáin seo címid agallamh stáitse á chur ar an gcumadóir agus stiúrthóir ceoil ficseanúil Lydia Tár (Blanchett). Cuirtear abhaile orainn gur duine fíorchumasach í atá i mbarr a réime. Gaisce i ndiaidh gaisce déanta aici. Duine de chúigear déag a bhfuil Emmy, Grammy, Oscar agus Tony gnóthaithe acu. Bean aerach atá tar éis an bheart a dhéanamh go buaic shaol na ceolfhoirne siansaí. I láthair na huaire tá sí le ceolfhoireann ghramadúil Bheirlín agus taispeántas mór ar na bacáin. Lena chois sin ar fad tá a dírbheathaisnéis le foilsiú go luath.

Bhean fhíorchumasach, fhíoréirimiúil agus bean dhian, fhuarchúiseach lena chois sin. Mí-ádh agus tabhartas in éineacht is ea a cumas. Ní hé gach duine a mbeidh glacadh acu le scríbhneoir fireann ag cruthú carachtair dá leithéid sin. Ina dhiaidh sin féin is iomaí cló a bhí ar an ngránnacht. Is duine gránna í Lydia. Tugann sí íde na muc agus na madraí do scoláire saonta, ceartaiseach, neamhurchóideach agus í ar cuairt ar scoil cheoil Juilliard. Ruthag deisbhéalach, tarcaisniúil, eolgaiseach, lán le drochmhianach. I radharc cumhachtach eile deir sí le cailín óg go mbainfidh sí díoltas amach uirthi mura stopann sí ag piocadh ar a hiníon féin. Deir páirtí Lydia, Sharon (Hoss), nach raibh aon ghaol aici le héinne riamh, seachas a hiníon, nach raibh “transactional”. Í de shíor ag tarraingt uisce ar a muileann féin go santach; í dallta ag a cumas agus a cumhacht.

Déantar trácht ar an gcealchultúr, dinimic na cumhachta, cultúr na dúiseachta agus an argóint gur cheart saothar an ealaíontóra a scaradh ó thréithe an ealaíontóra mar dhuine. Déantar sin a bhá i mionsonraí agus béarlagair na ceolfhoirne siansaí. Bhí seo deacair go maith don léirmheastóir seo ná feadar an difríocht idir ceolfhoireann aireagail agus ceolfhoireann shiansach. Nuair a bhris an fhoighne ormsa chaitheas dul i muinín Google le fáil amach cad é an difríocht idir stiúrthóir ceolfhoirne agus treoraí ceolfhoirne. Ní trom an t-ualach é an t-eolas.

Is de réir a chéile go dtosaíonn an tóin ag titim as a saol. Líomhaintí ag teacht chun cinn go raibh garaíochtaí gnéis á lorg ag Lydia ó cheoltóirí/stiúrthóirí óga. Ní thugtar le fios dúinn go díreach cad a tharla ach tá saint agus fuarchúis Lydia soiléir. Is de réir a chéile a chímid ísliú céime Tár ag tarlú. Gean, meas is aird an phobail á cailliúint aici. Tosaíonn na cúrsaí ag bagairt ar shláinte mheabhrach Lydia go dtí go dtiteann an lug ar an lag uirthi sa deireadh. Tá Blanchett le feiscint i ngach radharc den saothar seo atá tuairim is dhá uair an chloig go leith ar fad.

Téann sí go feirc sa charachtar seo agus tugann sí taispeántas thar bearta uaithi.

Tá leathlámh aici ar dhuais Oscar cheana féin.

Fág freagra ar 'Leathlámh ag an maestro Cate Blanchett ar dhuais Oscar'