Leathchéad míle fáilte romhat, a Uachtaráin Trump…

Caithfear a aithint gur toghadh Donald Trump mar cheannaire ar a thír ach cuireann úinéir an óstáin sa Dún Beag imní agus fearg ar ár bhformhór ar go leor cúiseanna atá réasúnta

Leathchéad míle fáilte romhat, a Uachtaráin Trump…

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Cuirimis fáilte roimh Donald Trump, mar a chuirimid fáilte roimh cheannaire stáit ar bith, ar na cúiseanna simplí seo a leanas: 

Toisc gur toghadh é mar cheannaire ar a thír.

Toisc go n-oireann fáiltiú oifigiúil do leas na hÉireann.

Toisc go bhfuil 300 duine fostaithe ina óstán sa Dún Beag.

Is dlúthchuid de dhualgas gach Taoiseach tosaíocht a thabhairt do leas na tíre agus caidreamh an rialtais le rialtais eile á mheá aige. Níl aon dul as aige ach dul chun cainte uaireanta le ceannairí a rinne nó a dúirt rudaí a chuir múisiam ar mhórán. 

Uaireanta, go háirithe i gcás uachtaráin na Stát Aontaithe, ceapann Taoisigh nach mbíonn aon rogha dháiríre acu ach cuireadh a thabhairt dóibh teacht go hÉirinn. Ní foláir do dhaoine nach n-aontaíonn le cuirí dá leithéid cuimhneamh ar na naisc eacnamaíochta, pholaitíochta agus imirce idir an tír seo agus na Stáit Aontaithe. 

Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, mar shampla, ní foláir cuimhneamh ar a thábhachtaí is a bhí tionchar na Stát Aontaithe ar phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann agus ar an idirbheartaíocht fhada ó thuaidh agus idir rialtais na hÉireann agus na Breataine sular síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Níor léirigh Donald Trump spéis dá laghad i gcúrsaí an Tuaiscirt go dtí seo, ach beidh deireadh lena ré sa Teach Bán in 2020 nó in 2024. Ina dhiaidh sin, nó roimhe sin b’fhéidir, cá bhfios cén chabhair Mheiriceánach a bheadh de dhíth ar an rialtas? Go háirithe más Breatimeacht crua atá romhainn chomh maith le géarchéim ó thuaidh dá thoradh.

Ar na cúiseanna seo uilig mar sin, agus ar mhórán eile nach gá a lua, fáiltíonn an colún seo roimh theacht Donald Trump faoi dhó go hÉirinn (beidh sé ag filleadh anocht ó chomóradh ‘Le Jour J’ nó ‘D-Day’ sa bhFrainc). Ní fáilte chroíúil í, ná fáilte gan choinníoll, ach is fáilte mar sin féin í. Sin ráite, ní cóir na fáthanna gur leathchéad míle fáilte ar a mhéid seachas ‘Céad Míle Fáilte’ atá tuillte aige a ligean i ndearmad. 

Ní raibh ach cruinniú gairid ag an Taoiseach leis an Uachtarán Trump in Aerfort na Sionna inné. Ní haon dochar é mar sin gearrliosta mar atá thíos a chur le chéile, ar a n-áirítear na príomhchúseanna go gcuireann úinéir an óstáin sa Dún Beag imní agus fearg ar ár bhformhór.

1. Insíonn sé bréaga rómhinic. Sampla beag mínáireach óna chuairt ar Shasana: dúirt sé go bhfaca sé na mílte daoine ag fáiltiú roimhe agus gur chuala sé a ngártha molta. Rud nach bhfaca agus nár chuala aon neach beo. Ní bhíonn rath ar chaidreamh idirnáisiúnta murar féidir a bheith muiníneach as ráitis cheannaire.

2.Tharraing sé na Stáit Aontaithe amach as an gcomhaontú ar bheartais chun dul i ngleic le hathrú aeráide a síníodh i bPáras in 2016. Ní leor na beartais sin chun srian éifeachtach a chur ar athrú aeráide ach is laige go mór iad cheal rannpháirtíocht Mheiriceá.

3. Tharraing sé na Stáit Aontaithe amach as an gcomhaontú idirnáisiúnta a chuir bac ar fhorbairt núicléach san Iaráin agus tá a rialtas ag cur brú ar thíortha eile agus ar chomhlachtaí príobháideacha i dtíortha eile gan an comhaontú a chomhlíonadh.

4. D’ordaigh sé go n-aistreofaí ambasáid na Stát Aontaithe in Iosrael ó Tel Aviv go dtí Iarúsailéim – cinneadh a chuaigh glan in aghaidh an chomhdhearcaidh idirnáisiúnta nach dtabharfaí aitheantas d’Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael nó go dtiocfaí ar bhuanréiteach idir na hIosraelaigh agus na Palaistínigh 

5. Léirigh sé ar bhealaí éagsúla eile nach bhfuil meas aige ar eagraíochtaí agus ar chonarthaí idirnáisiúnta – na Náisiúin Aontaithe mar shampla, agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO) – agus go bhfuil sé toilteanach a rialacha a shárú am ar bith.

6. Tá dearcadh ciníoch léirithe go minic agus go mínáireach aige ó d’inis sé bréag faoi Mhoslamaigh in New Jersey a bheith ag ceiliúradh agus iad ag breathnú ar thúir an World Trade Center ag titim tar éis ionsaithe 9/11. Níl fianaise ar bith ann go bhfacthas a leithéid, ach níor tharraing sé siar a ráiteas, mar is gnáth.

7. Maslaíonn sé cine nó tír nó duine de réir mar a oireann masla dá chás. Mhaígh sé sular toghadh é mar uachtarán, agus go minic ó shin, go raibh dúnmharfóirí, éigneoirí agus coirpigh eile “á gcur” thar teorainn ag Meicsiceo. Níl fianaise ar bith ann go raibh aon bhaint ag na húdaráis i Meicsiceo lena leithéid, agus tá ráta coiriúlachta na n-inimirceach ó Mheicsiceo níos ísle ná meánráta an phobail sna Stáit Aontaithe. 

8. Mhaígh sé roimh an toghchán uachtaránachta in 2016 gur sa Chéinia a rugadh an t-iar-uachtarán Barack Obama. Nuair a foilsíodh fianaise a chruthaigh gur sna Stáit Aontaithe a rugadh é, níor ghabh sé leithscéal agus dhiúltaigh sé a ráiteas a tharraingt siar.

9. Ghabh sé leithscéal nuair a tháinig taifeadadh chun solais roimh an toghchán ina raibh sé le cloisteáil go soiléir agus é ag maíomh go raibh sé ábalta ionsaithe gnéasacha a dhéanamh ar mhná, ach tá mná (agus go leor daoine eile) maslaithe go minic aige ó toghadh é.

10. D’ordaigh sé go gcoinneofaí páistí óga ó thíortha eile a tháinig thar teorainn isteach sna Stáit Aontaithe mar phríosúnaigh, ar dhóigh a chinnteodh nach mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí cá raibh siad á gcoinneáil.

Sin ráite, a Uachtaráin, fáilte romhat go hÉirinn!

Fág freagra ar 'Leathchéad míle fáilte romhat, a Uachtaráin Trump…'