Leathchéad bliain ag éisteacht is ag insint, sé ‘teach na Gaeilge’ i gcónaí é Raidió na Gaeltachta

Cothrom an lae amárach, an 2 Aibreán 1972, a chuaigh Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair. Chuireamar ceist ar roinnt Gael aitheanta a dtuairimí a roinnt linn faoin Raidió…

Leathchéad bliain ag éisteacht is ag insint, sé ‘teach na Gaeilge’ i gcónaí é Raidió na Gaeltachta
Stiúideo Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara

‘Níl againn ach a ndeirtear linn’

Dara Ó Cinnéide

Macallaí ár sinsear mogallaithe ó Chom Dhíneol thiar go Gort na Daibhche thoir. Aithris phaiteanta ar scéalta Mhicil a’ Ghabhair ag an mBab agus Micil na Pinse ag Dónal an tseanchais. Turas go Ráth Airthir na staire i ndúthaigh Tailteann agus saoi na Leataithe ag cnagadh an chéid. Fead an Iolair le clos go binn sa bhriota brothaill gaoithe i dTír na nÓg in Araghleann ar chúlaibh Chnoc Bréanainn. Cuilithe cainte ar shráideanna an Daingin breis is dhá chéad bliain tar éis Lá Maraithe na bhFear. Achrann creidimh is cultúir. Cead cainte ag lucht caillte na himeartha.

Mochean bhur dteacht agus dé bhur mbeatha chughainn go Cnocán an Phaoraigh agus na fáiltí geala sa tSeana-Chill. Tigh Eibhlín le clos go binn agus an tae go tiubh ina dhiaidh sin. Óró mo Bháidín ag snámh amach ó Chósta Cantabria. An Cuan Theas i gCléire ag líonadh maidin cheoidh. Is breá liom radharc ort a dhúthaigh m’athar mara soilseann an ghrian ar na bánta, do sléibhte seascair is do thránna geala atá nite go néata ag an sáile. 

Cór Chúil Aodha ag buanú dúchais, teangan, beatha, beart is béascna – seo dream nár imir ar a sinsir feall.

Cad a bheidh amáireach againn? Nach shin é ár machnamh lae is ár dtaibhreamh oíche. 

Níl againn ach a ndeirtear linn.  

Leathchéad bliain ag éisteacht is ag insint. 

Guthanna ag glaoch aniar chughainn ach ní bheathaíonn an marbh an beo. 

Do phobal na Gaeltachta, beimid dílis go deo. 

Is é bhur n-urraim ár ngradam.   

 

Helen Ní Shé, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Máirín Ní Ghadhra agus Áine Ní Bhreisleáin

‘Sé RnaG guth na Gaeltachta…’

Máirín Nic Eoin

Is cúis cheiliúrtha é do phobal na Gaeilge sa bhaile agus i gcéin go bhfuil caoga bliain slánaithe anois ag Raidió na Gaeltachta. Gineadh Raidió na Gaeltachta as dóchas cultúir agus teanga Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus as cumas agus díograis na ngníomhaithe pobail a chuir ar a súile do lucht polaitíochta gurbh fhiú, gurbh fhéidir agus gur mhithid a leithéid de sheirbhís a bhunú. Tá tírdhreach na craoltóireachta raidió in Éirinn athraithe as éadan ó shin ach tá éirithe le Raidió na Gaeltachta an t-ionad sainiúil a chruthaigh sé dó féin sna blianta tosaigh a choimeád agus an tseirbhís a fhorbairt go leanúnach le freastal ar riachtanais nuachta agus siamsaíochta phobal na teanga.      

Tá feidhmeanna éagsúla cultúir ag Raidió na Gaeltachta i láthair na huaire agus d’áireoinn na feidhmeanna seo a leanas ar na cinn is tábhachtaí ar fad: a ról lárnach mar ghuth na Gaeltachta, mar stáisiún a thugann deis do mhuintir na gceantar Gaeltachta a gcuid ábhar spéise agus imní a phlé le hiriseoirí atá eolach agus tuisceanach ar a gcuid cúinsí agus fadhbanna saoil; a fheidhm mar nasc láidir leis an nGaeltacht do phobal na teanga ar fud na tíre agus ar fud an domhain; agus a luach mar chuid den fhuaimrian laethúil atá de dhíth ar dhaoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus ag iarraidh an teanga a úsáid mar ghnáth-theanga teaghlaigh. 

D’fhéadfaí a áiteamh go raibh lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta ina líonra teanga i bhfad sular cromadh ar an gcoincheap sin a úsáid i gcomhthéacs na pleanála teanga. Go deimhin, músclaíonn scéal Raidió na Gaeltachta – agus é ag feidhmiú mar mhodh teagmhála idir réigiúin, pobail, comhluadair agus daoine aonair – ceisteanna suimiúla faoin ngaol idir fíorphobal agus pobal fíorúil. 

Creidim go bhfuil go leor ábhar maíte ag an stáisiún, agus d’áireoinn na gnéithe seo a leanas mar mhórbhuanna na seirbhíse: an mionchíoradh ar cheisteanna áitiúla, ar léirithe go minic anois iad ar cheisteanna éiceolaíochta náisiúnta agus domhanda; an nuachtanailís agus an mhiontuairiscíocht aimsir thoghcháin; an tráchtaireacht spóirt; cumas na foirne teacht ar Ghaeilgeoirí chun tuairiscí a thabhairt ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain; agus an t-ardán rialta a chuireann an raidió ar fáil d’ealaíona béil na Gaeltachta. 

Ábhar bróid don stáisiúin is ea ardchaighdeán gairmiúil na gcraoltóirí atá fostaithe ann. Ba mhaith liom buanna na gcraoltóirí mná a lua go suntasach mar cuireann sárchumas iriseoireachta agus stíleanna nádúrtha láithreoireachta agus agallóireachta Helen Ní Shé, Ghormlaith Ní Thuairisc, Mháirín Ní Ghadhra agus Áine Ní Bhreisleáin – gan ach cuid acu a lua – gliondar ar mo chroí. Cé nach mbíonn stádas réalta á shantú nó á fháil acu, níl a sárú le fáil, dar liom, ar aon stáisiún raidió eile sa tír. 

Gura fada buan é Raidió na Gaeltachta. 

Bheinn ag súil go rachadh an stáisiún ó neart go neart sna blianta atá amach romhainn agus go dtiocfadh forbairtí breise ar an tseirbhís de réir mar a thiocfaidh craoltóirí cumasacha nua chun cinn. 

 

Éamon de Valera, Tom Hardiman agus Pádraig Ó Raghallaigh (1972).

‘Ní ón spéir anuas a tháinig Raidió na Gaeltachta’

Íte Ní Chionnaith

Chuir bunú Raidió na Gaeltachta tús le réabhlóid chraolacháin in Éirinn.  Ón bpobal aníos a tháinig sé agus thug sé éachtaint leathan dúinne, muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge, ar ár saol agus ár gcultúr féin nach raibh ar fáil ar aon mheán cumarsáide roimhe sin.

Thug sé léargas dúinn ar ár scéalta féin, ar ár gceol féin, ar ár n-amhráin féin, ar ár n-ealaíona féin, ar ár n-imeachtaí spóirt féin, ar ár muintir féin, ar ár nuacht féin idir nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

Chuir RnaG idir eolas agus siamsaíocht ar fáil dúinn ar bhealach nádúrtha, neamhfhoirmeálta agus taitneamhach, a tháinig le nádúr na teanga féin. Thug sé ardán nua agus d’fhorbair sé gnéithe éagsúla dár gcultúr agus dár dteanga.

Ní ón spéir anuas a tháinig Raidió na Gaeltachta

Cosúil le haon ghníomh tábhachtach a rinne an stát ar son na Gaeilge, bunaíodh an stáisiún de bharr brú pobail.

Bhí coincheap na gCearta Sibhialta láidir sna seascaidí – daoine gorma i Meiriceá, mic léinn i bPáras agus an pobal náisiúnach sna sé chontae. I 1969 bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta chun cearta sibhialta mhuintir na Gaeltachta a éileamh.

Clár teilifíse de chuid RTÉ a chuir an lasair sa bharrach. Bhí eagrán den chlár cáiliúil tráth na gceist Quicksilver le taifeadadh i dTeach Furbo i gConamara agus bhíothas spréachta gur i mBéarla a bheadh an clár á dhéanamh i gceantar Gaeltachta. Socraíodh picéad a chur ar an ócáid.

Is as an gconspóid sin a bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Tháinig fás agus forbairt ar an eagraíocht nuabhunaithe. I measc na n-aidhmeanna ba thábhachtaí a bhí aici, bhí go mbunófaí stáisiún raidió don Ghaeltacht. Bhí an polasaí céanna á chur chun cinn ag Conradh na Gaeilge.

Bhí cruinnithe, siúlóidí agus agóidí ag an nGluaiseacht chun a n-aidhmeanna a chur chun cinn. Cuireadh Peadar Mac an Iomaire chun cinn mar iarrthóir toghchánaíochta i 1969 agus fuair sé vóta maith cé nár toghadh é.

Ceann de na nithe ba thábhachtaí agus ba feiceálaí a rinneadh ná stáisiún raidió bradach a bhunú Saor Raidió Chonamara a bhí ag craoladh ar feadh seachtaine (28 Márta – 5 Aibreán 1970) ó Thigh Mhaidhcó i Ros Muc, lena chruthú go bhféadfaí stáisiún raidió Gaeltachta a bhunú agus go n-éireodh leis. Níos déanaí an bhliain chéanna d’fhógair rialtas Fhianna Fáil go mbunófaí stáisiún raidió don Ghaeltacht.

Ba é bunú Raidió na Gaeltachta ceann de na héachtaí ba mhó i gcraoltóireacht agus in iriseoireacht na Gaeilge. Ní raibh ann ag an tús ach beagán le cois dhá uair an chloig (7.00-9.15in.) gach oíche. Ní raibh sé ar fáil ach sna trí phríomhcheantar Gaeltachta go dtí gur cuireadh ar na hardtonnta (VHF) é i 1973 agus go raibh sé ar fáil ar fud na tíre. Tá sé ar fáil anois, ní hamháin ar fud na tíre, ach ar fud an domhain agus tá forbairt ollmhór déanta ar an stáisiún ó shin.

Bhí tréimhsí deacra ag RnaG. Bhí an Raidió ar an ngannchuid i gcónaí. Bhí ciorruithe ann. Le leathchéad bliain, tá na clár-reachtairí ar thuarastal níos ísle agus tá ualach oibre níos troime orthu ná a macasamhail in RTÉ ach thug an fhoireann dílseacht don stáisiún speisialta seo ón gcéad lá.

Tá dúshláin mhóra roimh RnaG sa tréimhse romhainn. Tá an iomaíocht ón teilifís, ó stáisiúin raidió áitiúla agus ó na meáin shóisialta an-ghéar. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh RTÉ níos mó tacaíochta do RnaG. Tá sé tábhachtach go seasfadh an lucht éisteachta leis an stáisiún freisin.

Bheadh sé deacair do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge an saol a shamhlú gan RnaG. Cá mbeimis gan an Nuacht, na cláracha cúrsaí reatha, na hirischláracha, na cláracha ceoil, na hagallaimh…srl?

Go maire RnaG an céad agus breis agus comhghairdeas leo as an méid atá bainte amach le 50 bliain anuas.

 

Cearbhall Ó Dálaigh, le Timlín Ó Cearnaigh (1975)

‘RnaG a chuir pobal na Gaeltachta in aithne dúinn’

Eoghan Ó Néill

B’éigean dom raidió a chur ar bharr cófra i mo sheomra leapa agus an aeróg a bhogadh go rialta le go n-éistfinn le Raidió na Gaeltachta i 1979.

Bíonn meas agat ar rud nuair is gá duit stró a chur ort féin lena éisteacht.

Threisigh mo mheas ar an stáisiún ar ball nuair a thuig mé gur eascair RnaG as stáisiún bradach, Saor-Raidió Chonamara.

Raidió Feirste, stáisiún bradach s’againn féin, a thug Raidió Fáilte chun na beatha.

Íorónta amach é gur mó aithne a chuir mé ar phobal Gaelach na Sé Chontae ar chláir Raidió na Gaeltachta ná ar aon mheán eile.

Ar feadh cuid mhór de mo shaol, ní raibh Gaeil na Sé Chontae le cloisteáil ar aon stáisiún raidió ná teilifíse sna Sé Chontae.

Is é RnaG a chuir pobal na Gaeltachta in aithne dom agus a threisigh ar mo ghaol leo.

Agus an dáimh atá agam leis an cheol traidisiúnta, is é Raidió na Gaeltachta a chothaigh agus a bhuanaigh sin.

Feadh na dTrioblóidí, bhí Alt 31 i bhfeidhm go docht ag RTÉ  – agus ag Raidió na Gaeltachta dá bharr.

Ina ainneoin sin, tugadh faill go rialta do réimse tuairimí agus daoine ó chúlra náisiúnach ar Raidió na Gaeltachta ar bhealach nár tharla in RTÉ.

Tháinig craoltóirí RnaG chuig ócáidí fud fad na Sé Chontae go rialta chun tuairisciú nó chun beochraoladh a dhéanamh.

D’éirigh muid mór leo agus áirím go leor acu ar mo chairde.

Mhothaigh mise, agus go leor eile anseo, déarfainn, gur stáisiún s’againne a bhí in RnaG.

Is iomaí cúis atá leis an aird a dhírítear ar fhás na Gaeilge sna Sé Chontae.

Ach is cinnte gur cuid den scéal sin an gaol a thóg Raidió na Gaeltachta le Gaeil an tuaiscirt agus an t-ardán a thug siad dóibh ar na haerthonnta.

Treise leo.

 

Seán Ó Tuairisg i mbun agallaimh le scoláirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua (1972)

‘Ní bheadh an Ghaeilge chomh láidir gan é’

Muireann Ní Mhóráin

‘Raidió na Gaeltachta, ar fud na tíre!’. Le blianta fada tá an ceoilín sin le cloisteáil agus is ábhar bróid dom féin é sin.

M’athair féin, Dónal Ó Móráin, a bhí ina chéad chathaoirleach ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta idir 1972-6, agus de réir Mhairéad Ní Chinnéide sa leabhar Scéal Ghael-Linn, ba é a fuair an t-airgead chun minicíocht Raidió na Gaeltachta a leathnú ar fud na hÉireann agus murach é sin, dar léi, stáisiún logánta a bheadh ann nuair a bunaíodh é.

Tá an teicneolaíocht forbartha go mór le leathchéad bliain anuas agus RnaG ar fáil anois ar fud na cruinne gach uair den lá, gach lá den bhliain agus is cinnte nach mbeadh staid na Gaeilge chomh láidir gan é. 

Nascann an stáisiún diaspóra na Gaeltachta, pé áit anois iad, lena bpobail dhúchasacha agus leis an teanga agus tugann sé nasc leis an nGaeltacht do dhaoine eile, ar mo nós féin, nár mhair riamh inti ach go mbraithimid níos giorra dár ndúchas dá bharr agus nasctha le tobar na teanga ar bhealach nach bhfuil ar fáil ar aon mheán eile.

Tá ról faoi leith ag RnaG maidir le caomhnú an cheoil thraidisiúnta agus ár dtraidisiúin bhéil ach tá an stáisiún ag coimeád suas le saol an lae inniu, leis an nuálacht agus le beocht na teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus ag mealladh éisteoirí óga le fanacht dílis don teanga nó ag mealladh éisteoirí óga eile i dtreo na teanga le feabhas na gclár agus na láithreoirí.

Gura fada buan Raidió na Gaeltachta!

 

‘Fréamhacha radacacha RnaG’

Eoghan Mac Cormaic

Thiar i 1971 nuair a bhí muintir na Gaeilge ag éisteacht le Saor-Raidió Chonamara bhí muidne ag éisteacht le Radio Free Derry agus Free Belfast. B’ionann an streachailt, is dócha, éileamh lenár gceol is ár bhfealsúnacht féin a chluinstin inár nguthanna féin saor ó smacht an stáit. 

Ar ndóigh tháinig an lá gur bunaíodh Raidió na Gaeltachta ach is beag tionchar nó teagmháil a bheadh agam féin leis go cionn blianta ina dhiaidh sin. Ní raibh Gaeilge agam agus ní raibh an stáisiún ag craoladh sna críocha gafa. Le drochscéal a dhéanamh níos measa, chaith mé trí cheathrú den chéad scór bliain de shaol Raidió na Gaeltachta sna Blocanna H agus cé go raibh Gaeilge sealbhaithe – go pointe – agam faoi 1991 ní raibh fáil ar an stáisiún i Lios na gCearrbhach.

Um Cháisc 1992 chaith mé trí seachtaine ar chúrsa Gaeltachta i Rann na Feirste i ndiaidh mo shaoirse. Bhí an Raidió ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód. Chuir Timlín Ó Cearnaigh (duine de bhunaitheorí RnaG) agallamh orm, agallamh, is cinnte, a sháraigh dlíthe Section 31 a bhí i réim agus i bhfeidhm ag an am. Is dócha gurbh iad fréamhacha radacacha na seirbhíse ba chúis leis an chinneadh cuireadh chun an stiúideo a thabhairt dom. D’imeodh Alt 31 agus d’imeodh cosc aerthonnta na Sé Chontae ar Raidió na Gaeltachta faoi dheireadh na nóchaidí agus síneadh agus rochtain ‘an raidió’ ag fás i gcónaí. 

Ach bhí rud buan ann – ceol agus fealsúnacht a bpobal féin á chraoladh ina nguthanna féin go deo. Go maire siad an céad.

 

Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta (1994)

Sé ‘teach na Gaeilge’ i gcónaí é RnaG

Gearóid Ó Tuathaigh

Tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer beagnach leathchéad bliain tar éis a leithéid de sheirbhís a bheith molta don gcéad uair. Ar ndóigh, b’iomaí beart fóinteach a moladh sa bhliain 1926 (go háirithe i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta) chun an Ghaeltacht a thabhairt slán agus a bunphobal teanga a neartú. 

Níor mhar a chéile, áfach, pobal na Gaeltachta sa bhliain 1972 agus an bunphobal teanga mar a bhí sé ag bunú an tSaorstáit. Mar sin féin, ba chomhartha misnigh agus tuar dóchais é bunú RnaG do go leor – taobh istigh agus taobh amuigh den nGaeltacht. Faoi mar a scríobh an file, Seán Ó Ríordáin, bhí a tigh féin ag an nGaeilge faoi dheireadh, ní raibh sí ina lóistéir níos mó. Teach fáilteach é RnaG le caoga bliain anuas, ag freastal ar na bunphobail Ghaeltachta (sna canúintí éagsúla), agus ag cruthú bunphobail Ghaeilge ‘ar fud na tíre’.

Na craoltóirí a leag dúshraith na seirbhíse nua – na clár-reachtairí agus an fhoireann theicniúil a chuir ar a bonnaibh i gceart í sna seachtóidí – tá a bhformhór díobh ar scor le tamall, cúpla glúin craoltóirí cumasacha tagtha i gcomharbacht orthu anuas tríd na blianta; de réir mar a bhí gach gné den saol in Éirinn ag síor-athrú, cultúr na cumarsáide domhanda athraithe ó bhonn le scór bliain anuas.

’Sé ‘teach na Gaeilge’ i gcónaí é RnaG.   Ach in imeacht na mblianta bíonn gá ag chuile theach le cothabháil agus athchóiriú, cuma cé chomh daingean an dúshraith. Sin an dúshlán do ghlúin craoltóirí an lae inniu in RnaG: féachaint chuige go mbeidh teach na Gaeilge feistithe amach mar ba chóir, agus é ina ábhar mórtais agus ceana ag muintir an tí agus ag na comharsana. 

Fág freagra ar 'Leathchéad bliain ag éisteacht is ag insint, sé ‘teach na Gaeilge’ i gcónaí é Raidió na Gaeltachta'

  • Ruairí Ó Caisleain

    Seod é gan amhras ag léiriú eagsúlacht agus beogacht saol na Gaeltachtaí sa lá atá inniu ann. Ag an am céanna, déanann sé freastal cumasach ar a dhualgaisí mar craoltóir ar chúrsaí reatha náisiúnta is idirnáisiúnta.