Leathanbhanda riachtanach don tuath ach is plean scannalach an plean seo

Mhaíodh Fine Gael i gcónaí go raibh siad stuama agus airgead á chaitheamh acu i gcomparáid leis na ‘bithiúnaigh’ sin i bhFianna Fáil…

Leathanbhanda riachtanach don tuath ach is plean scannalach an plean seo

Mhaíodh Fine Gael i gcónaí go bhféadfadh muinín a bheith ag an bpobal astu i dtaobh riaradh agus bainistiú airgid an stáit. Mhaíodh siad go raibh siad cúramach faoi airgead a chaitheamh, i gcomparáid leis na ‘bithiúnaigh’ sin i bhFianna Fáil, a bhí, dar leo, sásta airgead poiblí a chaitheamh go meargánta ar mhaithe le fabhar an phobail a mhealladh.

Tá sé deacair éinne a fháil faoi láthair a chreidfeadh an maíomh sin i bhfianaise na praisí atá déanta acu de chás Ospidéal na Leanaí (costas imithe ó leathbhilliún go dtí os cionn €2 billiún) agus de chás an phlean náisiúnta leathanbhanda.

Tá costas an fhiontair seo le bheith a shé oiread níos mó ná mar a síleadh, ach in ainneoin go bhfuil an stát le €3 billiún a chaitheamh air ní i seilbh an stáit a bheas an córas agus na háiseanna ar deireadh thiar. Airgead poiblí le haghaidh brabach príobháideach.

Sampla eile é an scannal seo den chaoi go gcuireann an rialtas idé-eolaíocht an rachmais phríobháidigh chun tosaigh ar leas an phobail, agus iad ar a ndícheall gach uair is féidir an stát a choinneáil amach as soláthar seirbhísí.

Mar shampla, thiar in 2004 shínigh eircom agus Vodafone comhaontú maidir le comhfhiontair chun leathanbhanda a thabhairt do na ceantair thuaithe – ar chostas €500 milliún. Lig an rialtas an comhaontú sin i ndearmad.

Agus is léir anois nach ndeachaigh an rialtas amach ag cuardach comhlachtaí a d’fhéadfadh dul i gcomhfhiontar leis an stát. Ní dhearna siad aon iarracht dul i dteagmháil le Huawei, an comhlacht teileachumarsáide is forbartha sa domhan, ar fhaitíos go gcuirfeadh a leithéid olc ar na Meiriceánaigh.

Ar ndóigh, dá mba rud é go raibh eircom fós i seilbh an Stáit d’fhéadfaimis an córas a bhunú le comhlacht stáit, nó in éineacht leis an ESB. Ach dhíol Fianna Fáil an comhlacht sin is fágadh sa deireadh ag na creach-chistí é.

Agus tá sé curtha as an áireamh ag an Rialtas go smaoineofaí fiú faoi eircom a thabhairt ar ais i seilbh an stáit, in ainneoin na mbuntáistí a leanfadh a leithéid.

Sampla eile den idé-eolaíocht.

Mar is eol dúinn, cháin an Roinn Caiteachais Phoiblí an plean leathanbhanda ar ghlac an Rialtas leis an tseachtain seo caite. Dúradh nach mbeadh luach ar airgead le fáil as. Ach cén réiteach a bhí ag Robert Watt, Ard-Rúnaí na roinne sin ar an scéal ach leathanbhanda a chur ar fáil céim ar chéim, nó go hincriminteach.

Tuigeann muintir na tuaithe go maith cad is brí le caint mar sin dáiríre – an scéal a chur ar an méar fhada agus an tuath a fhágáil gan seirbhísí leathanbhanda.

Bíodh rud amháin soiléir. Ní féidir dul chun cinn a dhéanamh mar thír gan plean cuimsitheach a bheith ann le leathanbhanda a chur ar fáil ar fud na tíre, agus ar fud an iarthair go háirithe.

Má chuirtear, ní hamháin go gcruthódh sé deiseanna oibre go háitiúil faoin tuath, ach laghdódh sé cuid den bhrú ar chúrsaí tithíochta sna mórchathracha. Dá bhféadfadh daoine fanacht ag obair ina gceantair dhúchais ní bheadh sé riachtanach dóibh dul go Baile Átha Cliath ag lorg oibre is lóistín.

Deirtear go bhfuil Fine Gael ag iarraidh vótaí a cheannach leis an bplean seo, ach táimid ag caint faoi cheart mhuintir na tuaithe agus faoi leas an náisiúin ar fad. Ní mór do pháirtithe an fhreasúra cuimhneamh air sin.

Ní shin le rá go gcaithfidh muid glacadh leis an bplean seo a chuirfidh an t-ualach ar an stát €3 billiún a chaitheamh ar chóras a bheidh i seilbh comhlacht príobháideach agus a d’fhéadfaí a dhíol sa todhchaí le creach-chiste.

Cuirimis an conradh lochtach seo ar ceal agus bainimis leas láithreach as an ESB, in éineacht le comhlacht idirnáisiúnta a bhfuil a gcumas cruthaithe acu, ar nós Huawei, agus córas a thógáil a bheadh i seilbh an phobail agus a chuirfeadh leathanbhanda fiúntach ar fáil don tír ar fad.

An mbeidh Fianna Fáil sásta vótáil ar son a leithéid nó an leor dóibh bheith ag gearán faoi dhrochphlean a bhfuil siad ag tacú lena chur i bhfeidhm

Agus an leor i gcónaí an leithscéal bréagach sin go gcaithfear Fine Gael a choinneáil i gcumhacht mar gheall ar an mBreatimeacht agus an éiginnteacht faoina bhfuil i ndán dúinn?

Is cosúil gurb é an scéal céanna é i gcúrsaí tithíochta, cúrsaí sláinte, cúrsaí pá agus cúrsaí forbartha: bíonn muid sásta clamhsán a dhéanamh ach níl an misneach againn gníomh a dhéanamh.

Beidh tuilleadh scannal idé-eolaíochta ann ma fhanann muid ciúin faoin scéal seo – scéal a fhágann go bhfuil amhras mór anois ann an bhfuil seans dáiríre go mbeidh leathanbhanda ar fáil faoin tuath, i ndiaidh na cainte uilig agus an cur amú airgid uilig.

Fág freagra ar 'Leathanbhanda riachtanach don tuath ach is plean scannalach an plean seo'