‘Leasuithe chun an Bille Teanga a láidriú le cur faoi bhráid an Rialtais’ – An Taoiseach

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil inniu go gcuirfí leasuithe ar an reachtaíocht teanga faoi bhráid an rialtais tseachtain seo chugainn

‘Leasuithe chun an Bille Teanga a láidriú le cur faoi bhráid an Rialtais’ – An Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach go bhfuil sé i gceist ag an rialtas an bille teanga nua a dhéanamh níos láidre sula bhfoilseofar é an mhí seo chugainn.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh na leasuithe atá le déanamh ar an mbille le cur faoi bhráid an rialtais an tseachtain seo chugainn chun é “a threisiú”. Chuirfí an bille faoi bhráid na Dála faoi cheann coicíse, a dúirt an Taoiseach.

Táthar ag fanacht breis is ocht mbliana ar an mbille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha. Bhí an bille le tabhairt os comhair na Dála ag tús na bliana ach chuir an t-olltoghchán moill ar chúrsaí.

An Teachta Dála Catherine Connolly, iarchathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, a chuir ceist ar an Taoiseach faoin scéal sa Dáil tráthnóna.

“Admhaím don Teachta go bhfuil an-chuid geallúintí tugtha maidir leis an mbille seo,” a dúirt an Taoiseach. “An tuiscint atá agam ná go mbeidh leasuithe ag teacht os comhair an rialtais an tseachtain seo chugainn, i gcomhthéacs an bhille seo.

“Ba mhaith linn sa rialtas an bille a threisiú agus, le cúnamh Dé, as seo go ceann coicíse, beidh muid in ann an bille a fhoilsiú agus a thabhairt os comhair na Dála.”

Níos luaithe an mhí seo, gheall Aire na Gaeltachta go mbeadh bille teanga “níos láidre” achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Dúirt an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaín, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, go raibh “níos mó oibre le déanamh” ar an mbille teanga agus go raibh sé “fíorthábhachtach go bhfaighimid i gceart é”.

Bhí easaontas mór idir an Rialtas deireanach agus an freasúra faoi fhiúntas na reachtaíochta nua nuair a foilsíodh í roimh an olltoghchán.

Mhaígh an Rialtas deireanach gur “ré úr don Ghaeilge” a bhí sa bhille atá le leasú a dhéanamh ar an acht teanga, ach dúirt an freasúra gur údar mór “díomá” a bhí ann.

Thug polaiteoirí an fhreasúra le fios an uair sin go dtacóidís leis an mbille ag an dara céim sa Dáil agus go bhfanfaidís go dtí céim an choiste sula gcuirfí an scian ag obair air, ach chuir toghchán tobann deireadh le haistear na reachtaíochta i dTithe an Oireachtais.

Fág freagra ar '‘Leasuithe chun an Bille Teanga a láidriú le cur faoi bhráid an Rialtais’ – An Taoiseach'