Leasuithe ar an gcúlstop a bhfuil ‘ceangal dlí’ ag baint leo faighte ag May

Chuaigh Theresa May go dtí Strasbourg aréir chun aon iarracht amháin eile a dhéanamh teacht ar chomhréiteach leis an AE a mheallfadh dóthain feisirí chun go n-éireodh lena margadh imeachta sa pharlaimint faoi dheireadh inniu

Leasuithe ar an gcúlstop a bhfuil ‘ceangal dlí’ ag baint leo faighte ag May

Deir Theresa May go bhfuil athruithe faighte aici ar an socrú maidir leis an gcúlstop agus go bhfuil “ceangal dlí” ag baint leis na hathruithe sin.

Chuaigh Theresa May go dtí Strasbourg aréir chun aon iarracht amháin eile a dhéanamh teacht ar chomhréiteach maidir leis an gcúlstop sula gcaithfear vóta eile inniu i bparlaimint Westminster faoin a margadh imeachta.

Beidh May ag súil anois go ndéanfaidh Ard-Aighne na Breataine Geoffrey Cox, a raibh baint aige leis an mbabhta idirbheartaíochta is déanaí, a chomhairle dlí i leith an chúlstop a leasú roimh vóta an lae inniu.

De réir chomhairle dlí an Ard-Aighne a foilsíodh anuraidh, d’fhéadfadh go bhfágfadh margadh May an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’.

Ach maíonn May anois go bhfuil athruithe déanta ar an socrú maidir leis an gcúlstop a bhfuil an stádas céanna ó thaobh dlí ag baint leo is a bhaineann leis an margadh imeachta féin.

Táthar ag maíomh go bhfágann an socrú nua nach bhféadfadh an tAE an Ríocht Aontaithe a choinneáil ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’.

Tá amhras léirithe cheana féin ag Páirtí an Lucht Oibre agus ag na Breatimeachtóirí is diongbháilte i bpáirtí May féin faoina maíomh go bhfuil gealltanais nua a bhfuil ceangal de réir dlí ag baint leo faighte aici. Dúirt an DUP aréir go mbeadh téacs na ngealltanas nua á scrúdú go mion acu sula ndéanfaí cinneadh faoi thacú nó gan tacú le Rialtas May i vóta an lae inniu.

Bhí cruinniú breise speisialta ag Rialtas na hÉireann aréir i bhfianaise ruathar May go dtí Strasbourg agus an cor is déanaí i scéal fada achrannach an chúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Dúirt Uachtarán Choimisiúin an Aontais Eorpaigh Jean Claude Juncker aréir go raibh an Taoiseach Leo Varadkar sásta glacadh le socrú Strasbourg ar an dtuiscint go dtabharfadh sé deis níos fearr a thabhairt do mhargadh May in Westminster.

Dhiúltaigh an AE roimhe seo do mholtaí go mbeadh dáta éaga luaite leis an gcúlstop nó go mbeadh cead ag an mBreatain deireadh a chur leis an gcúlstop as a stuaim féin.

Tá an cúlstop, an socrú chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta, ar an dris chosáin is mó roimh mhargadh May a mbeidh vóta cinniúnach eile  faoi inniu in Westminster.

Sa vóta ceart deireanach faoi mhargadh May in, vótáil 432 feisire i gcoinne an mhargaidh agus ní raibh ar a shon ach 202, an buille parlaiminte is measa a buaileadh ar aon Phríomh-Aire sa Bhreatain ó cuireadh tús leis an daonlathas parlaiminteach ansin.

Tá sé ráite cheana féin ag Theresa May sa chás go gcaillfí an vóta inniu, Dé Máirt, go mbeidh vóta eile amárach faoi imeacht gan aon mhargadh agus vóta Déardaoin faoi shíneadh ama a lorg ar Alt 50 chun an Breatimeacht a chur siar ar mhaithe le tuilleadh idirbheartaíochta.

 

 

Fág freagra ar 'Leasuithe ar an gcúlstop a bhfuil ‘ceangal dlí’ ag baint leo faighte ag May'