Leasú ‘míbhunreachtúil’, a deir Varadkar

Pléadh leasú an Teachta Dála Clare Daly sa Dáil deireadh a chur le toircheas go dleathach sa chás go mbeadh éalang ar fhéatas

3/2/2015. Alcohol Bills

“Míbhunreachtúil” atá an leasú atá molta ag Clare Daly, Teachta Dála, ar an mBille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis maidir le héalanga féatais, a dúirt an tAire Sláinte, Leo Varadkar, sa Dáil inniu.

Mhol an Teachta Dála go mbeadh foráil sa Bhille le haghaidh deireadh a chur le toircheas go dleathach sa chás go dtagann sé chun solais go bhfuil éalang ar fhéatas, arb é a shainmhíniú sin ‘féatas a bheith sa riocht is a d’fhágfadh nach mairfeadh sé lasmuigh den bhroinn’.

Dúirt Varadkar nach bhfuil a mbeannacht tugtha ag muintir na hÉireann do Reifreann chun an tOchtú Leasú d’Acht an Bhunreachta a aisghairm, leasú a chreideann sé féin a bheith “róshriantach” mar gheall nach gcuirtear sláinte fhadtéarmach na máthar san áireamh ann agus go mbíonn ar bhean leanbh a thabhairt ar an saol nach mairfidh ach a saolófar é.

Is ag iarraidh dul i ngleic leis an ngné seo den cheist a bhí Bille Daly, a dúirt Varadkar, agus mhol sé an Teachta Dála dá réir, ach dúirt sé ar a shon sin nach bhfuil aon mhandáid ag an Rialtas a leithéid de leasú a chur i bhfeidhm ná reifreann ina thaobh a reáchtáil. Dúirt sé nach mbeifí ar aon tuairim maidir le foclaíocht leasú den sórt sin. Tá gá le díospóireacht shibhialta anois ar an gceist seo, a dúirt sé.

“Barbarach” an focal a d’úsáid an Teachta Dála Daly chun cur síos a dhéanamh ar dhlíthe na hÉireann i dtaca leis an ábhar seo. Dúirt sí freisin go dteastaíonn “cnámh droma” ón Rialtas anois chun déanamh de réir na ngealltanas atá tugtha acu ar bhonn Eorpach breis agus dhá bhliain ó shin.

Ag caint di le comhfhreagraí polaitíochta Raidió na Gaeltachta, Mícheál Ó Leidhin, ar Nuacht a hAon inniu, dúirt an Teachta Dála Maureen O’Sullivan go leanann an Rialtas ar aghaidh le beartais eile in ainneoin nach bhfuil a mbeannacht tugtha ag muintir na hÉireann dóibh agus cheistigh cén fáth a dteastaíonn mandáid anois uathu.

Labhair an Teachta Dála Richard Boyd-Barrett as a thaithí féin agus é ag caint faoin gceist íogair seo.

Saolaíodh marbh leanbh dá bhean is dó féin agus b’éigean dóibh an leanbh a chur cúpla lá ina dhiaidh sin. Dúirt sé go ndéantar gach aon iarracht beatha linbh a shábháil, ach ba é críoch agus deireadh na mbeart nach féidir beatha a chosaint nuair a fhágann bail an linbh sa bhroinn nach mairfeadh sé ina bheatha agus é tagtha ar an saol.

Dúirt sé go raibh sé de chumhacht ag polaiteoirí pian daoine eile a mhaolú agus féachaint chuige nach gcuirfí lena bhfulaingt amach anseo, faoi mar a tharla dó féin agus dá bhean.

Leanfar le tuilleadh plé agus ceisteanna ar an ábhar go luath amach anseo.