Leasú le déanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge agus tús á chur le próiseas comhairliúcháin

Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais tús a chur ‘sna seachtainí amach romhainn’ le próiseas chun leasú a dhéanamh ar na socruithe atá i bhfeidhm le fada maidir le ceadú díolúine ón nGaeilge do dhaltaí scoile

Leasú le déanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge agus tús á chur le próiseas comhairliúcháin

Cuirfear tús sna seachtainí amach romhainn le próiseas comhairliúcháin poiblí maidir le socruithe nua a thabhairt isteach i dtaobh an chórais faoina gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge do dhaltaí scoile.

Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie go bhfuil bailchríoch á cur ag an Roinn Oideachais ar dhá dhréachtchiorclán nua maidir leis an gcóras faoina gceadaítear díolúine ón nGaeilge agus go bhfuil sé i gceist na ciorcláin sin agus tuarascáil dar teideal ‘Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Chleachtais na Díolúine ón Ghaeilge’  a fhoilsiú an mhí seo chugainn.

Beidh an próiseas comhairliúcháin poiblí faoi cheist chonspóideach dhíolúine na Gaeilge bunaithe ar na ciorcláin agus an tuarascáil sin.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais agus Scileanna le Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh sé i gceist leasú a dhéanamh ar na socruithe atá i bhfeidhm le fada maidir le díolúine na Gaeilge.

“Bainfear leas as toradh an phróisis comhairliúcháin phoiblí seo chun socruithe leasuithe a chur i gcrích maidir le ceadú díolúine ón nGaeilge,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite a thosaigh an chaint faoi athbhreithniú a dhéanamh ar cheist dhíolúine na Gaeilge, is beag dul chun cinn a deineadh ar feadh blianta fada.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2014 ar aon taifid a bhain leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl dúinn nárbh ann do cháipéisí ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Tá líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ón nGaeilge don Ardteist de bharr deacrachtaí foghlama ina ábhar conspóide le fada agus conspóid go háirithe faoi líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ar an mbonn sin ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile.

Tá méadú beagnach 100% tagtha le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla.

Tháinig ardú nach mór 8% ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana i gcomparáid le scrúdú na bliana seo caite.

Bhí díolúine ón nGaeilge ag 6,416 dalta do scrúduithe na bliana seo le hais 5,954 dalta anuraidh.

De réir na bhfigiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, bhí díolúine ó scrúduithe Gaeilge na hArdteiste ag 3,977 dalta i mbliana de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu. Rinne 58% acu sin, 2,338 duine, scrúdú Ardteistiméireachta i dteanga Eorpach eile, is é sin sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis. 

Deacrachtaí foghlama ba chúis le díolúine ón nGaeilge a bheith ag 62% de na daltaí a raibh a leithéid acu.

Ar an iomlán, tugadh díolúine ó scrúduithe Ardteistiméireachta na Gaeilge 2018 do 6,416 dalta. Chláraigh 64% de na daltaí sin, nó 4,114 duine, le scrúdú a dhéanamh i dteanga Eorpach eile.

Is ceadmhach do dhalta díolúine ón nGaeilge san Ardteist a fháil má chruthaítear go bhfuil deacrachtaí foghlama aige. Tá cead díolúine a fháil chomh maith ag daltaí as tíortha eile, ag daltaí a fuair a gcuid bunoideachais, go dtí 11 bliain d’aois, sa Tuaisceart nó thar lear agus ag daltaí Éireannacha a d’fhág a dtír dhúchais ar feadh tréimhse trí bliana nó níos faide ach a d’fhill ar an oideachas in Éirinn ina dhiaidh sin.

 

Fág freagra ar 'Leasú le déanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge agus tús á chur le próiseas comhairliúcháin'