Leasú ar fhógra conartha do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann agus tairiscintí Gaeilge ceadaithe anois ann

San fhógra don chonradh aersheirbhíse, a foilsíodh Dé hAoine seo caite, dúradh nár cheadmhach d’iarrthóirí ach tairiscint nó iarratas a dhéanamh i mBéarla

aerarann15-0063

Tá leasú déanta ar an bhfógra conartha do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann tar éis do Tuairisc.ie ceisteanna a chur ar Roinn na Gaeltachta, ceisteanna a chaith amhras ar bhailíocht an fhógra inar tugadh le fios gur i mBéarla amháin a ghlacfaí le tairiscintí.

San fhógra sin don chonradh aersheirbhíse, a foilsíodh Dé hAoine seo caite, dúradh nár cheadmhach d’iarrthóirí ach tairiscint nó iarratas a dhéanamh i mBéarla.

Language

Tá an méid sin leasaithe anois agus an téacs seo a leanas curtha leis an bhfógra conartha ar an suíomh etenders.gov.ie:

“Tenders may be submitted in either the English or Irish language“ as per the Request for Tender Document.”

Ba í an Oifig um Sholáthar Rialtais ‘thar ceann’ an Aire Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta, a thug an cuireadh chun tairiscintí don chonradh nua ar an suíomh etenders.ie Dé hAoine seo caite.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie gur “chóir ceisteanna a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana a chur chuig an Oifig um Sholáthar Rialtais”.

Nuair a cheistigh Tuairisc.ie an Oifig um Sholáthar Rialtais faoin scéal dúradh gur cheart ár gceisteanna a chur ar Roinn na Gaeltachta.

Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag ball den phobal go dtabharfadh comhlacht poiblí freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach a dhéantar sa teanga sin.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie nach béas lena oifig tagairt do chásanna nach bhfuil gearán ón bpobal faighte ina dtaobh, ach dheimhnigh sé nach bhfuil cead ag comhlacht poiblí a éileamh gur i dteanga oifigiúil amháin a dhéanfaí cumarsáid leis.

“Ní féidir le comhlacht poiblí aon chonstaic ná caiteachas breise a leagan ar bhall den phobal de thoradh gur roghnaigh siad comhfhreagras a dhéanamh i dteanga oifigiúil de chuid na tíre seo.

“Is ar an gcomhlacht poiblí féin a thiteann an dualgas a chinntiú go bhfuil córais chuí in áit acu chun aistriúchán cruinn a dhéanamh sa chás go dteastódh sin uathu.  Leagadh síos an bunphrionsabal seo in imscrúdú a rinne an Oifig [Oifig an Choimisinéara] le linn na bliana 2008,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Fág freagra ar 'Leasú ar fhógra conartha do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann agus tairiscintí Gaeilge ceadaithe anois ann'