Leasú á mholadh ar reachtaíocht teanga chun go mbeadh dualgas ann rabhadh sláinte a bheith i nGaeilge

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go scrúdóidh sé moladh go ndéanfaí leasú ar an mBille Teanga chun go mbeadh an rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla dátheangach

Leasú á mholadh ar reachtaíocht teanga chun go mbeadh dualgas ann rabhadh sláinte a bheith i nGaeilge

Tá sé beartaithe leasú ar reachtaíocht nua a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ionas go mbeadh dualgas feasta ann rabhadh sláinte a chur ar dheochanna meisciúla nó táirgí eile.

Fianna Fáil atá chun an leasú a mholadh ar an mBille Teanga atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana agus tá ráite cheana féin ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go scrúdódh sé an moladh agus go labhródh sé leis an Aire Sláinte Simon Harris faoi.

Thug an tAire Stáit McHugh an méid sin le fios ag cruinniú den choiste Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ach ní raibh sé sásta a rá cé acu ar aontaigh nó nár aontaigh sé le maíomh Harris go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna alcóil mearbhall ar dhaoine.

Dúirt Éamon Ó Cuív, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil, go raibh an leasú á dhréachtú aige agus go raibh dóchas aige go bhfaigheadh sé tacaíocht ó Shinn Féin dá mholadh.

Tharraing Fianna Fáil siar le déanaí leasú ar an mBille Sláinte Poiblí a d’fhágfadh go mbeadh an rabhadh sláinte atá beartaithe do dheochanna meisciúla i nGaeilge agus i mBéarla.

Dhiúltaigh an tAire Sláinte Simon Harris don leasú agus mhaígh sé nach mbeadh an teachtaireacht ar na lipéid chomh soiléir nó chomh héifeachtach céanna dá mbeadh sí i mBéarla agus i nGaeilge.

Mhaígh an tAire chomh maith go mbeadh moill bhreise ar an mBille um Shláinte Phoiblí dá nglacfaí leis an leasú, ach dúirt sé gurb é an “paramount objective” ná a chinntiú go mbeadh an t-eolas ar na lipéid “soiléir” agus “éifeachtach”.

Thug an tAire le fios go raibh taighde aige mar fhianaise dá chinneadh, ach fuair Tuairisc.ie amach nach raibh an ceist na Gaeilge san áireamh sa taighde faoi lipéid ar dheochanna meisciúla

Dar le Ó Cuív gurb é an leigheas atá ar an scéal anois ná leasú a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla, an bille atá geallta le fada chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

De réir Chlár Reachtaíochta an Rialtais foilseofar an Bille Teanga roimh shos Dála na Nollag.

Fág freagra ar 'Leasú á mholadh ar reachtaíocht teanga chun go mbeadh dualgas ann rabhadh sláinte a bheith i nGaeilge'

  • Murchadh

    “…go raibh taighde aige mar fhianaise dá chinneadh”…rud is ná raibh, thug an tAire a éitheach. Áit éithigh is ea Dáil Éireann. Bheir Tuairisc.ie amuigh air. Tá cuid mhaith mhór d’Fhine Gael namhdach don Ghaeilge….cuirtear cath orthu.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    B’fhearr i bhfad do Fhianna Fáil leasú a mholadh a chuirfeadh deireadh leis an gceangal urraíohta idir comhlachtaí a dhíolann deochanna meisciúla agus imeachtaí móra spóirt! Má amhlaidh go bhfuil rabhadh sláinte le dul ar dheochanna meisciúla cén fáth a bhfuil cead ón reachtaíocht ag comhlachtaí ar nós Heinekin agus Guinness usáid a bhaint as imeachtaí spóirt le margaíocht a dhéanamh ar a gcuid táirgí, margaíocht a cheanglaíonn spóirt agus deochanna meisciúla le chéile?

  • Magaoidh

    Is “test case” an Bille Alcóil leichealach seo do ghluaiseacht na Gaeilge. Caithfear brú a choinneáil ar na polaiteoirí. Ní cosnóidh lipéadú le rabhadh sláínte dátheangach ar buidéil agus cannaí alcóil cent rua don cháiníocóir.

    Agus an Bille Alcóil á phlé sa Seanad ar an 15 Nollaig 2017 d’aontaigh Simon Harris go mbeadh an lipéadú sa dá theanga oifigiúil.
    https://www.irishtimes.com/news/politics/oireachtas/alcohol-labels-to-display-cancer-links-under-new-regulations-1.3328638

    Le go mbeidh comhionnas againn in ár dtír féín ní mór Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú freisin le go mbeadh an dá theanga éigeantach ar fógrai oifigiúla stáit.

  • Eoghan o neill

    Fear maith éirimiúil isea an t-Aire Simon Harris atá ag iarraidh laghdú ar ghreim an alchóil ar an phobal agus féar-focs dó. Ach tá dearcadh English-only ann i leith na lipéidí atá ar aon dul lena bhfuil ag tarlú i dTrumplandia. No pasarán!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Má tá Simon Harris ‘ag iarraidh laghdú ar ghreim an alchóil ar an phobal’, ba cheart dhó cosc a chur ar chomhlachtaí a dhíolann deochanna meisciúla a bheith ag baint usáid as ocáidí spóirt len a gcuid margaíochta a dhéanamh. Rinne an CLG é, de bharr brú morálta ar an eagraíocht. Ach seans nach maith le Fine Gael cur as do lucht rugbaí. Sin an feachtas ar fiú a throid.

  • Sibéal Ní Mhórdha

    Nach fiú troid ar son atbheochaint na Gaeilge freisin?