Leas-Chathaoirleach an tSeanaid éirithe as oifig mar gheall ar chonspóid faoi ócáid ghailf

Tá sárú treoirlínte sláinte ag ócáid Ghailf ar an Chlochán á fhiosrú anois ag na Gardaí

Leas-Chathaoirleach an tSeanaid éirithe as oifig mar gheall ar chonspóid faoi ócáid ghailf

Jerry Buttimer agus Dara Calleary. Pictiúr: Rollingsnews.ie

Tá an Seanadóir Jerry Buttimer éirithe as a phost mar Leas-Chathaoirleach ar an Seanad mar gur fhreastail sé ar an ócáid shóisialta chonspóideach a reáchtáil Cumann Gailf Thithe an Oireachtais ar an gClochán, contae na Gaillimhe, Dé Céadaoin.

Sáraíodh ag an ócáid treoirlínte Covid-19 an Rialtais faoin uasmhéid daoine a cheadaítear ag imeachtaí.

Bhí 81 duine i láthair, ach de réir threoirlínte an Rialtais ní cheadaítear ag a leithéid d’ócáid ach 50 duine ar a mhéid.

Níos luaithe inniu, d’fhógair an Teachta Dála Dara Calleary as Maigh Eo go raibh seisean éirithe as a phost mar Aire Talmhaíochta agus Mara toisc gur fhreastail sé ar an ócáid chéanna.

Tá sé deimhnithe ag an nGarda Síochána go bhfuil siad i mbun fiosruithe faoi shárú a bheith déanta ar na treoirlínte sláinte ag ócáid an Chlocháin.

Tá sé tugtha le fios ag ceannaire Fhine Gael, an Tánaiste Leo Varadkar, go bhfuil ceangal aoireachta an pháirtí bainte aige de thriúr seanadóirí de chuid an pháirtí a d’fhreastail ar an ócáid, Jerry Buttimer, Paddy Burke agus John Cummins. Dúirt Varadkar gur cheart d’ionadaithe poiblí dea-shampla a thabhairt in am seo na géarchéime.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh sé “mícheart” ag Dara Calleary freastal ar an ócáid agus gur botún a bhí ann ó thaobh breithiúnais de.

Nor cheart go rachfaí chun cinn leis an ócáid sin i bhfianaise chinneadh an Rialtais i leith na srianta ar an Mháirt seo caite, a dúirt an Taoiseach.

Tá cúram na Roinne Talmhaíochta agus Mara tógtha ag an Taoiseach air féin go dtí go bhfillfidh an Dáil arís ar an 15 Meán Fómhair. Cé gur faoin Taoiseach atá sé duine a ainmniú don Uachtarán le ceapadh mar aire caithfidh beannacht na Dála a bheith ag an ainmniúchán sin.

Cheana féin tá baill den fhreasúra ag iarraidh go n-athghairfí an Dáil ó shaoire an tsamhraidh leis an scéal ar fad a phlé.

Bhí an Coimisinéir Eorpach Phil Hogan, an Teachta Dála neamhspleách Noel Grealish agus an t-iarArd-Aighne Séamus Woulfe, a ceapadh le gairid ina bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí, i láthair ag an ócáid freisin. Dúirt an Breitheamh Woulfe i ráiteas go raibh leithscéal ó chroí á ghabháil aige leis an bpobal ach gur thuig sé go raibh socrú déanta ag lucht eagraithe na hócáide go gcloífí go hiomlán leis na rialacháin sláinte. Dúirt sé nach raibh rún aige “rialacháin a shárú” agus go raibh “aiféala” air gur fhreastail sé ar an dinnéar. “Ní thabharfainn neamhaird riamh ar chomhairle ón Rialtas ná ó na húdaráis sláinte ar cheist den chineál seo,” a dúirt an Breitheamh Woulfe.

Dúradh i ráiteas thar ceann an Choimisinéara Phil Hogan gur lean sé na rialacha ar fad atá i bhfeidhm maidir le Covid-19, coraintín agus scoitheadh sóisialta san áireamh, agus é ag freastal ar an ócáid.

Bhí roinnt seanadóirí, iarpholaiteoirí agus aíonna eile ann freisin, ina measc an craoltóir aitheantas Sean O’Rourke a chuaigh ar scor óna phost in RTÉ le gairid. In Óstán an Stáisiúin a tionóladh an ócáid Dé Céadaoin. Bhí beirt iartheachtaí Dála gur dochtúirí teaghlaigh iad orthu sin a bhí i láthair freisin.

Labhair  Dara Calleary leis an Taoiseach agus le ceannaire Fhine Gael agus Leascheannaire an Chomhaontais Ghlais aréir agus ghabh sé leithscéal leo agus leis an bpobal sular chinn sé éirí as a phost inniu. Ní raibh ach 37 lá caite ag Teachta Dála Mhaigh Eo ina aire ó ceapadh ina chomharba é ar Barry Cowen, a briseadh as an aireacht talmhaíochta de bharr conspóide faoi eachtra a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil.

Beidh cruinniú den Chomhaireacht ar siúl ar líne inniu le cúrsaí Covid-19 a phlé.

Fág freagra ar 'Leas-Chathaoirleach an tSeanaid éirithe as oifig mar gheall ar chonspóid faoi ócáid ghailf'