Léas beag dóchais do dhaoine a d’fhulaing drochíde mar pháistí

I gcruthúnas ar an bpráinn atá le cabhair a chur ar fáil gan mhoill, tá ochtar de na daoine a d’fhreastail ar an bhFiosrú faoin drochíde a rinneadh ar pháistí tar éis bás a fháil ó shin

Léas beag dóchais do dhaoine a d’fhulaing drochíde mar pháistí

Breis agus trí bliana ó d’ordaigh Fiosrú Poiblí cúiteamh agus cabhair do dhaoine a d’fhulaing drochíde mar pháistí i dTuaisceart Éireann, tá léas beag dóchais faighte acu. Ar an lá deiridh de mhí an Mhárta, Dé Luain seo caite, cuireadh tús le próiseas chun glacadh le hiarratais ar chúiteamh. Dea-scéala ar deireadh thiar thall ach fearacht gach gné eile dár saol faoi láthair, d’fhéadfadh géarchéim an choróinvíris cur isteach air. Is é Feidhmeannas Stormont a bheidh freagrach as cúiteamh a íoc agus cóir leighis agus tacaíocht a sholáthar.

Dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster go raibh an Feidhmeannas diongbháilte go ndéanfaí gach arbh fhéidir ar mhaithe le híobartaigh ach “i bhfianaise ghéarchéim Covid-19 go dtógfadh sé níos faide ná mar a ceapadh roimhe seo”.

Shuigh an Fiosrú Neamhspleách ar Mhí-úsáid Stairiúil in Institiúidí i dTuaisceart Éireann i nDroichead na Banna ó Eanáir 2014 go dtí mí Iúil 2016 faoi chathaoirleacht an bhreithimh, Sir Anthony Hart.

Bhí dhá chúram ar an mbinse, fóram a sholáthar do dhaoine a bhí in 22 institiúid idir 1922 agus 1995 chun a scéal a insint do phainéal agus aitheantas a fháil; agus an fiosrú reachtúil. Bhí na hinstitiúidí cónaithe do dhílleachtaí nó páistí nach raibh éinne le haire a thabhairt dóibh faoi cheannas an stáit agus údaráis áitiúla, an Eaglais Chaitliceach, Eaglais na hÉireann agus Barnardos. Ba é gnó an fhiosraithe scrúdú a dhéanamh ar an iompar sa 22 institiúid, na coinníollacha faoinar seoladh páistí ar deoraíocht chun na hAstráile agus cás an tsagairt mhíchlúitigh Brendan Smyth.

Bhainfeadh cuid de na scéalta a chuala an Binse le linn na n-éisteachtaí i nDroichead na Banna deor as croí cloiche. Rinneadh dochar chomh mór sin do roinnt daoine nach raibh ar a gcumas déileáil leis an saol, chuir daoine lámh ina mbás féin, bhí meabhairghalar ar roinnt díobh, alcólachas agus fadhbanna sláinte eile ag a thuilleadh. Bhisigh daoine eile, go leor acu gníomhach thar ceann na muintire ar fad.

Chuaigh foireann an fhiosraithe chun na hAstráile le scéalta na bpáistí a seoladh ansin a fhoghlaim. Cuireadh 131 páiste as an Tuaisceart go dtí an Astráil agus bhailigh an fiosrú fianaise ó leathchéad acu.

Léiríodh gur fhulaing go leor acu cruatan agus mí-úsáid ghnéis agus chorpartha in institiúidí san Astráil. Ní raibh an t-údarás ag Fiosrú Hart na coireanna sin, a tharla thar lear a scrúdú ach seoladh an t-eolas chuig fiosrú a bhí ar siúl sa tír sin. Ina fhianaise dúirt fear (a bhí básaithe faoin am ar éisteadh modúl na hAstráile) gur fhulaing sé drochíde ansin, gur chaith sé a shaol ag déanamh iontais cé mar a bheadh sé daoine muinteartha a bheith aige.

Bhí sé 75 bliain d’aois agus dúirt go dtagadh tromluí air gach oíche faoina óige.

Mhol an Breitheamh Hart cúiteamh agus cóir leighis dóibh ina thuarascáil i mí Eanáir 2017. Faoin tráth sin bhí Stormont ina chíor thuathail agus thit an Feidhmeannas agus gan tada déanta faoi fhaoiseamh a thabhairt do na híobartaigh/marthanóirí a bhí scaipthe, cuid acu sa Phoblacht, sa mBreatain Mhór, san Astráil agus go leor abhus i dTuaisceart Éireann. Ba mhór an náire é nach ndearna an bheirt Státrúnaithe a bhí in ainm is a bheith ag déileáil leis an scéal, James Brokenshire agus Karen Bradley, tada.

A bhuíochas don fhear a tháinig i gcomharbacht orthu, Julian Smyth, tá moltaí an Fhiosraithe ar bhonn reachtúil anois agus seans ag an méid a mhaireann, nó ag muintir na ndaoine a bhásaigh, a gcearta a fháil. Rith an Státrúnaí Smith reachtaíocht in Westminster i mí na Samhna. Bhuail sé go minic leis na feachtasóirí éagsúla ar son na marthanóirí agus ba léir go raibh bá aige leo.

Bhí fáiltiú aige dóibh san áras in Hillsborough i mí Eanáir sular bhris Boris Johnson as a phost é. Nuair a fógraíodh Dé Luain go raibh an próiseas iarratais oscailte ag an mBreitheamh Adrian Colton, cathaoirleach an Bhoird Sásaimh, ghlaoigh Julian Smith ar Savia (Survivors and Victims of Institutional Abuse) chun tréaslú leo. Dúirt Margaret McGuckian, urlabhraí agus ceann feadhna SAVIA, gur ródhócha nach mbeadh an seans seo acu dá uireasa.

Moltar d’éinne atá ag dréim le cúiteamh dlíodóir a fháil chun an t-iarratas a dhéanamh. Beidh saorchúnamh dlí le fáil. Is fearr an t-iarratas a dhéanamh ar líne i ngeall ar na srianta a bhaineann leis an ngéarchéim sláinte. Tá an fhoirm iarratais ar fáil ag www.hiaredressni.uk nó is féidir ceann a iarraidh ar ríomhphost admin@hiaredressni.uk. Tá freagraí ar cheisteanna coitianta anseo.

Beidh daoine i dteideal buníocaíocht £10,000 nó suim bhreise suas go £80,000. I gcás na bpáistí a ruaigeadh mar eisimircigh chun na hAstráile ceadófar buníocaíocht £20,000 agus is £100,000 an uasmhéid a íocfar.

Tá an t-airgead tábhachtach ar ndóigh, nár bhreá an rud é do dhaoine atá beo bocht a bheith cinnte go mbeadh praghas an dinnéir acu amárach, ní áirím ollmhaitheas.

Ach ní leigheasfaidh airgead an damáiste ata déanta do chorp agus d’intinn, tá an-chuid de na daoine seo leochaileach. Seans go bhfuil cóir leighis chomh tábhachtach leis an gcúiteamh. Tá an córas sláinte ar fad gafa leis an gcoróinvíreas faoi láthair agus cá bhfios cén fhad eile a bheidh sé mar sin.

I gcruthúnas ar an bpráinn atá le cabhair a chur ar fáil gan mhoill, tá ochtar de na daoine a d’fhreastail ar an bhFiosrú tar éis bás a fháil ó shin. Dúshlán é don bhFeidhmeannas in Stormont agus don Roinn Sláinte fóint ar na marthanóirí gan a thuilleadh moille, d’ainneoin na héigeandála sláinte agus eacnamaíochta de bharr Covid-19

Fág freagra ar 'Léas beag dóchais do dhaoine a d’fhulaing drochíde mar pháistí'