Leas á bhaint as scéal na hÉireann fad is atá aird na Gearmáine ar cheisteanna eile

Ní féidir linn todhchaí na tíre seo a fhágáil faoi eachtrannaigh, is cuma cé chomh binn is a bhíonn siad agus iad ag caint linn

Leas á bhaint as scéal na hÉireann fad is atá aird na Gearmáine ar cheisteanna eile

Angela Merkel

D’fhéadfadh impleachtaí an-mhór ar fad a bheith ag teip na gcainteanna rialtais sa nGearmáin ar pholaitíocht na hEorpa – agus ar pholaitíocht na hÉireann freisin.

Shiúil na liobrálaigh den FDP amach as na cainteanna mar gheall, a dúirt siad, ar an easpa muiníne a bhí ag na páirtithe as a chéile.  Agus thar rud ar bith eile bhí easpa muiníne ann faoina bhfuil i ndán don Aontas Eorpach.

Tá na liobrálaigh an-mhíshásta faoi aon chaint mar gheall ar aisling úr do thodhchaí an Aontais, agus iad den tuairim go bhfuil an baol ann go bhféadfaí an Ghearmáin a cheangal le polasaithe eacnamaíochta i dtíortha eile nach n-éireoidh leo.

Seasann na liobrálaigh go daingean leis an saormhargadh agus le forlámhas an mhargaidh agus ní theastaíonn uathu go n-úsáidfí aon chuid den fharasbarr airgeadais atá ag an nGearmáin le freastal ar riachtanais tíortha eile. Bheadh a leithéid ag teacht salach ar an idé-eolaíocht atá acu.

Buille mór d’Angela Merkel is ea teip na gcainteanna agus tá a bhfuil i ndán di mar cheannaire ar an nGearmáin faoi amhras anois. Bheadh na daonlathaigh shóisialta sa SPD sásta filleadh ar an gcomhrialtas i bhfianaise chomh hainnis is a d’éirigh leo san olltoghchán. 20% den vóta a fuair siad agus is é sin an toradh is measa a fuair an páirtí ó dheireadh an dara cogadh domhanda.

Ach tá sé ionann is cinnte anois go mbeidh toghchán eile ann agus an baol ann gur i dtreise a rachaidh an AfD, páirtí ciníoch den eite dheis atá naimhdeach don Aontas Eorpach, agus na Linke, páirtí den eite chlé nach bhfuil róshásta leis an Aontas ach an

oiread.

Fágfaidh na deacrachtaí seo gur ar éigean a bheidh an Ghearmáin in ann aon ról dearfach a imirt i bpolaitíocht an Aontais go ceann tamaill.

Anuas air sin, tá lucht gnó na Gearmáine ag éirí buartha gurb iad féin a bheidh thíos leis mura ndéanfar réiteach sásúil leis an mBreatain maidir leis an mBreatimeacht. Is í an Bhreatain an tríú tír is tábhachtaí don Ghearmáin ó thaobh trádála, agus an tír is mó ó thaobh sochar trádála. Díolann an Ghearmáin luach €50 billiún níos mó leis an mBreatain ná mar a cheannaíonn siad uaithi.

Ach má bhíonn polaiteoirí na Gearmáine gafa le fadhbanna inmheánacha ina dtír féin, cé a labhróidh thar ceann lucht gnó na Gearmáine is cé chomh hard is a bheas a nglór sin?

Fiú sular theip faoi dheireadh ar na cainteanna rialtais, bhí siad i sáinn. Thapaigh Michel Barnier, Francach agus príomh-idirbheartaí an Aontais sna cainteanna faoin mBreatimeacht, an deis seasamh níos daingne a ghlacadh in aghaidh na Breataine.

Ba mhaith leis go gcuirfí iachall ar an mBreatain fanacht sa Mhargadh Aonair agus san Aontas Custaim nó ba mhaith leis go ndíolfadh siad praghas an-daor as imeacht mar rabhadh d’aon stát eile a leanfadh a sampla.

Tá caint láidir ann mar sin go gcaithfidh na Sasanaigh réiteach cuimsitheach a fháil faoi chás na teorann ar an oileán seo.  Ach céard a tharlóidh mura dtiocfar ar réiteach? Cé a bheadh thíos le teip na hidirbheartaíochta ach muide?

Tá foláireamh faoina leithéid tugtha ag foinse nach mbeifí ag súil lena leithéid d’fholáireamh uaidh, an t-iar-aire Alan Shatter. I litir a foilsíodh san Irish Times dúirt sé nach bhféadfaí an cheist sin a réiteach ach i gcomhthéacs cibé socrú a d’aontófaí maidir le cúrsaí trádála, agus thug an t-iar-aire foláireamh don rialtas gur chóir dóibh a bheith cúramach ina gcuid cainte faoin teorainn ar fhaitíos go bhfágfaí ag luascadh sa ngaoth muid.

Rachainnse níos faide ná sin, mar táim cinnte go bhfuil cleas á imirt ag Barnier orainn, agus go bhfuil sé ag baint leas as scéal na hÉireann lena chlár féin a chur chun cinn fad is atá aird na Gearmáine ar cheisteanna eile.

Cúpla seachtain ó shin, bhí an Taoiseach féin ag tabhairt le tuiscint nach gcuirfeadh cás na hÉireann stop leis na cainteanna. Ach is maith leis féin agus leis an rialtas a shamhlú go bhfuil ról lárnach ag leas na tíre seo sa scéal agus creidtear gur léiriú ar thábhacht na tíre seo ciúnas na Gearmáine agus a láidre is atá caint Barnier.

Ach ní chun leas na hÉireann na rudaí sin, maidir leis an teorainn ná maidir le socrú trádála a dhéanamh leis an mBreatain, go háirithe i dtaobh bia is earraí talmhaíochta. Agus ní chun ár leas ach oiread an Breatimeacht crua.

Tá ciall leis an tseanfhírinne i gcónaí: ba chóir dúinn idirbheartaíocht dhíreach a dhéanamh muid féin leis na Sasanaigh agus leis an Eoraip.  Agus má chiallaíonn sé sin go mbeidh ceangal difriúil againn leis an Aontas amach anseo, mar bhall comhlach mar shampla, cén dochar sin?

Ach ní féidir linn todhchaí na tíre seo a fhágáil faoi eachtrannaigh, is cuma cé chomh binn is a bhíonn siad agus iad ag caint linn.

Fág freagra ar 'Leas á bhaint as scéal na hÉireann fad is atá aird na Gearmáine ar cheisteanna eile'

  • Eoin Ó Murchú

    Athrú beag ar an scéal seo mar is cosúil go mbeidh na SóisialDaonlathaigh sásta tacú le Merkel anois (chun leas na tire, ar ndóigh) is cuma cén dochar a dhéanfaidh sé dóibh féin. Ach san idirlinn fanann an Ghearmáin gafa lena cuid fadbanna féin.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Ach ní chun leas na hÉireann na rudaí sin, maidir leis an teorainn ná maidir le socrú trádála a dhéanamh leis an mBreatain, go háirithe i dtaobh bia is earraí talmhaíochta. Agus ní chun ár leas ach oiread an Breatimeacht crua.”

    Is brea liom faoi dheireadh, Eoin, go bhfuil tú tagaithe ar an dtuiscint sin, sé sin nach chun leas na tíre seo, thuaidh ná theas, an Breatimeacht. Thóg sé píosa ort, ach b’fhiú fanacht.