Leas á bhaint ag an DUP as cleas na mairtíreachta

Is léir gur theastaigh ó Bhreitheamh Ard-Chúirte a theacht salach ar theaictic pholaitiúil san achrann faoin bPrótacal iarBhreatimeachta

Leas á bhaint ag an DUP as cleas na mairtíreachta

Fainic an ndéanfadh sibh iarracht mí-úsáid a bhaint as an gcúirt chun a mhaíomh gur mairtírigh sibh ar mhaithe le buntáiste polaitiúil a bhaint.

An Breitheamh Scoffield a dúirt ina bhreithiúnas san Ard-Chúirt i mBéal Feirste go raibh baghcat an DUP ar chruinnithe trasteorann ag sárú an dlí agus a ndualgais mar Airí in Stormont.

Údar iontais ab ea an foláireamh faoin mairtíreacht sa bhreithiúnas.

Ba léir áfach gur theastaigh ón mBreitheamh a theacht salach ar theaictic pholaitiúil a tharraingeodh na cúirteanna agus na breithiúna isteach san achrann faoin bPrótacal iarBhreatimeachta.

Bhíodh go leor cainte i dTuaisceart Éireann faoi choimpléasc na mairtíreachta le linn na dtrioblóidí. Ba mhinic a cuireadh i leith na ngrúpaí paraimíleatacha gur bhain siad leas as an mairtíreacht mar sheift chun tacaíocht a fháil ina gceantair féin. Ní taobh le mairtíreacht sa gciall gur thug duine a bheatha ar son cúise a bhíodh i gceist ach fulaingt – téarma príosúin nó éagóir éigin eile mar shampla.

‘Ba bhocht an feic é dá mbeadh ar an gcúirt orduithe a thabhairt agus iad a chur i bhfeidhm,’ a dúirt an breitheamh ina rialú go raibh baghcat an DUP ar chruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas mídhleathach. Cor millteanach a bheadh ann dá ndéanfaí neamhaird dá chinneadh dar leis.

Bhí an Breitheamh ag déanamh talamh slán de go ndéanfadh an cúigear airí de chuid an DUP i bhFeidhmeannas Stormont beart de réir rialú na cúirte agus go n-éireodh siad as an mbaghcat. Níor eisigh sé ordú mar gurb é ionchas na cúirte go ndéanfadh na hAirí a ndualgas faoin dlí.

Dá leanfadh siad leis an iompar mídhleathach, áfach, bheadh sé de cheart ag an ngearánaí filleadh ar an gcúirt chun ordú a éileamh. Ina theannta sin dúirt an Breitheamh Scoffield go bhfuil an t-údarás ag an gCúirt orduithe a eisiúint maille le treoracha faoina bhfeidhmiú. Chomh maith leis an bhfainic faoi mhí-úsáid pholaitiúil dúirt an Breitheamh Scoffield gur chuir na hairí airgead poiblí amú ar chás nach raibh aon chosaint acu ina aghaidh.

An raibh an ceart ag an mBreitheamh a bheith ag súil go gcomhlíonfadh an DUP a ndualgais? Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, agus an Chéad-Aire Paul Givan go raibh siad ag cloí lena bpolasaí i dtaobh an bhaghcait.

Ní raibh fadhb ar bith faoin gcruinniú den CATT ar an Déardaoin ós le sláinte a bhain sé. Ghlac Robin Swann UUP páirt ann. Bhí a fhios roimh ré gur ar an Aoine a thiocfadh an crú ar an tairne ó bhí aire ón DUP in ainm is a bheith páirteach. Edwin Poots an tAire a bhí i gceist ach bhí seisean agus an Chéad-Aire diongbháilte nár ghá dó a bheith páirteach mar nach raibh an cruinniú faofa ag oifig an Chéad agus an LeasChéad-Aire. Ba é ba chiall leis sin nach raibh na cáipéisí riachtanacha sínithe ag Paul Givan.

Ní mé ar léigh an DUP an chuid de rialú an Bhreithimh Scoffield a bhain le dualgais na nAirí aonair agus Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire. Bhí sé soiléir gur cheart na cáipéisí a bheith ullamh agus sínithe deich lá roimh chruinniú CATT. Mura mbeadh Aire chun freastal ar chruinniú ba cheart dó/di ionadaí a cheapadh. Mura ndéanfaí sin thitfeadh an dualgas ar Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire chun rannpháirtí a ainmniú.

Cúlstad a thug an Breitheamh ar na forálacha a chuir dualgas ar an gCéad-Aire agus LeasChéad-Aire bearna nó neamhfhreastal a sheachaint. Níor chuir cleasaíocht faoi ‘níl aon rud sínithe – dá bhrí sin níl aon chruinniú ar siúl le freastal nó neamhfhreastal air’ an chluain air. Chinn sé go raibh dualgas sin an Chéad-Aire á shárú mar chuid den bhfeachtas aontaithe a raibh na cúig aire páirteach ann agus iad go léir ag teip ar a ngealltanas oifige agus ag briseadh an dlí.

Ní léir fós cad í an chéad chéim eile. Dúradh go ngabhfadh an gearánaí Seán Napier ar ais chun na hArd-Chúirte. Mhaígh roinnt mhaith daoine go bhfeilfeadh sé go maith don DUP dá ngearrfaí dianphionós ar dhuine den chúigear nó orthu go léir – Paul Givan, Edwin Poots, Michelle McIlveen, Gordon Lyons agus Gary Middleton.

Dá ngabhfadh an chonspóid i bhfad tharlódh gur díspeagadh cúirte a bheadh sa bhaghcat amach anseo – agus príosúnacht seans. An mairtíreacht úsáideach a bheadh ansin a mheallfadh ar ais ón TUV na vótóirí a bhí á dtréigean? Ní cor nua i saol an DUP a bheadh ansin, bhí a mbunaitheoir, an tUrramach Paisley, ealaíonta i mbun na gcleas chun leas a bhaint as mairtíreacht, mar a rinne sé tar éis seal i bpríosún i 1969, chun dlús a chur lena shaol fada mar pholaiteoir.

Fág freagra ar 'Leas á bhaint ag an DUP as cleas na mairtíreachta'