Léargas tugtha ar an laghdú tubaisteach a thiocfadh ar lucht féachana TG4 d’uireasa an spóirt

Dá gcaillfeadh TG4 na cearta craolta atá acu do chluichí CLG thiocfadh laghdú 32% ar an sciar náisiúnta den lucht féachana atá ag an stáisiún

Léargas tugtha ar an laghdú tubaisteach a thiocfadh ar lucht féachana TG4 d’uireasa an spóirt

Tá léargas tugtha i dtuarascáil nua ar cé chomh mór is atá TG4 ag brath ar an spórt agus ar na himpleachtaí tromchúiseacha a bheadh ann don stáisiún dá gcaillfeadh siad na cearta atá acu do chluichí CLG agus rugbaí.

Tá cur síos sa tuarascáil nuafhoilsithe, Public Funding Review of Public Service Broadcasters, a rinne Indecon don BAI, ar an laghdú tubaisteach a thiocfadh ar lucht féachana TG4 dá gcaillfeadh an stáisiún fiú cuid de na cearta atá acu do chluichí CLG agus rugbaí.

Deirtear sa tuarascáil dá gcaillfeadh TG4 na cearta craolta atá acu do chluichí CLG go dtiocfadh laghdú 32% ar an sciar náisiúnta den lucht féachana atá ag an stáisiún, 1.7%,  rud a d’fhágfadh nach mbeadh ach beagán os cionn 1% den sciar náisiúnta acu.

Fágann an méid sin go mbeadh an sciar den phobal féachana ag TG4 i bhfad níos lú ná 1% mura mbeadh na cearta do chluichí CLG agus rugbaí a bheith acu. Maítear i dtuarascáil an BAI go bhfuil íosmhéid lucht féachana de dhíth chun go mbeadh TG4 ag comhlíonadh a chuid dualgas mar chraoltóir seirbhíse poiblí.

Ba iad TG4 féin a chuir na figiúirí seo faoin spórt ar fáil nuair a iarradh orthu meastachán a dhéanamh ar na himpleachtaí a bhainfeadh le haon laghdú ar mhaoiniú an stáisiúin.

Sa chás go mbeadh laghdú 10% i gceist, deir lucht an stáisiúin go mbeadh an baol ann nach n-éireodh leo na cearta a fháil do na cluichí. Dá dtarlódh a leithéid, bheadh impleachtaí móra i gceist don fhostaíocht a chuireann an stáisiún ar fáil agus don mhaoiniú a fhaigheann sé.

Faoi láthair, craoltar 85 cluiche CLG ar TG4 in aghaidh na bliana, na sraitheanna náisiúnta peile agus iomána, craobhacha na gclubanna, na craobhacha faoi aois agus a thuilleadh.

Rinne Indecon an t-athbhreithniú seo ar TG4 sular fógraíodh go raibh na cearta craolta atá ag TG4 do na cluichí CLG coinnithe ag an stáisiún don tréimhse 2017-2022.

Cuirtear fáilte i dtuarascáil an BAI roimh an ardú a tháinig ar an méid spóirt a craoladh ar an stáisiún in 2015, ach deirtear leis nár cheart go mbeadh seánraí eile thíos leis an bhfás sin.

Deirtear chomh maith gur cheart súil ghéar a choinneáil ar an mbéim a bhíonn ag TG4 ar an spórt chun lucht féachana a mhealladh, go háirithe i gcomparáid le seánraí eile.

“TG4 consider sport a good attraction for non-Irish audiences and maintaining audience shares. The strong growth in sport is welcomed, however consideration should be taken to ensure this growth is not at the expense of other genres,” a deirtear.

Craoladh 658 uair an chloig de spórt ar TG4 in 2015, níos mó ná aon seánra eile agus beagnach 200 uair an chloig níos mó ná mar a craoladh sa seánra a bhí sa dara háit – cláracha do dhaoine óga.

Tháinig laghdú 35% agus 8% faoin gcaiteachas a rinneadh in 2015 ar an gcaiteachas ar chláracha siamsaíochta agus drámaíochta, faoi seach.

Deir an tuarascáil gur éirigh le TG4 ar an mórgóir a spriocanna maidir le caiteachas ar chláracha a bhaint amach, ach gur cheart “monatóireacht” a dhéanamh ar an mbéim níos mó atá á leagan ar an spórt agus ar an gceol “to ensure positive gains are not at the detriment of other genres”.

Aithníonn lucht na tuarascála, áfach, an tábhacht a shamhlaíonn TG4 leis an spórt agus an ceol “for attracting strong audience numbers and in particular non-fluent Irish speakers”.

Deirtear in Public Funding Review of Public Service Broadcasters gur ‘údar imní’ an laghdú atá tagtha ar lucht féachana TG4.

De réir na tuarascála, a rinne an comhlacht comhairleoireachta Indecon don BAI, tá “dúshlán mór” roimh TG4 más faoi a sciar den lucht féachana “a choimeád mar atá nó a mhéadú” agus cur lena ioncam tráchtála.

Dúirt urlabhraí ó TG4 go raibh straitéis nua seolta ag Ard-Stiúrthóir nua TG4, Alan Esslemont, chun dul i gleic leis na dúshláin atá roimh an stáisiún agus go bhfuil an earnáil léiriúcháin curtha ar an eolas faoin gcur chuige coimisiúnaithe nua seo.

Dúirt urlabhraí TG4 gur dírithe “ar mhéadú agus ar mhealladh lucht féachana nua” atá straitéis nua féachana TG4 dírithe.