Gné íogair, chigilteach, dheighilteach de stair na hÉireann is ea Constáblacht Ríoga na hÉireann. Fórsa faoi arm ba ea an RIC a chur dlí na Ríochta Aontaithe i bhfeidhm in Éirinn. Bhíodar páirteach i gcur faoi chois Éirí Amach na nÉireannach Óg,
Chogadh na Talún, Éirí Amach na bhFíníní agus gan amhras bhíodar i gcroílár an aicsin i rith Chogadh na Saoirse is iad taobh leis na Dúchrónaigh agus na Póilíní Cúnta. Ag an am céanna ba Chaitlicigh Éireannacha formhór an fhórsa. Cosmhuintir na hÉireann a chinn dul sa bhfórsa de bharr an bhochtanais agus easpa deiseanna.
Maireann an míshuaimhneas faoin bhfórsa go dtí an lá atá inniu ann. Bhí cad é fothragadh ann in 2020 faoi chomóradh a bhí beartaithe don bhfórsa agus b’éigean é a chur ar ceal. Tá cnuasach breá saothar curtha ar fáil ag RTÉ mar chuid de chomóradh céad bliain ar thréimhse réabhlóideach na hÉireann agus sa chlár Tony Connelly: A Hidden History (RTÉ1, Dé Luain) chuaigh iriseoir RTÉ i ngleic leis an ngné achrannach seo de stair na hÉireann trí scéal a sheanathar a chíoradh.
Tá aithne ag an saol Fódlach ar Tony mar eagarthóir Eorpach RTÉ; é luite amach air féin le blianta beaga anuas ag iarraidh cíor thuathail an Bhreatimeachta a mhíniú dúinn. Tógadh é i dtraidisiún Náisiúnach i dTuaisceart na hÉireann. Chuimhin leis ina óige ná labhraítí puinn faoina sheanathair agus ba iad na comórthaí céad bliain a spreag chun tochailte é.
Bhuail Tony an bóthar le himeacht chuig na háiteanna difriúla a raibh a sheanathair buailte faoi i rith a shaoil eachtrúil. Thug sé a aghaidh ar dtús ar Chill Chonaill na Gaillimhe mar ar rugadh Michael Connelly in 1887; duine de thriúr déag clainne.
Ní nach ionadh do dhuine ó theaghlach bocht bhí mealltacht ag baint le post buan agus pá maith an RIC. Chuaigh sé leis an bhfórsa i 1908 agus cúpla mí ina dhiaidh sin seoladh chuig Caisleán Ghriaire i gCiarraí é. Ba ansin a bhuail sé leis an mbean a phós sé, Norah Flynn.
Bhí saol sócúil go maith aige go dtí 1916. Go deimhin Nollaig na bliana sin shábháil sé féin agus comhghleacaí leis bean ó thigh a bhí trí thine. Bronnadh bonn aitheantais orthu de bharr a laochais, gradam a bhí neamhghnách go maith. Ní nach ionadh bhí rudaí ana-shuaite do Mhichael i rith Chogadh na Saoirse.
Maraíodh breis agus cúig chéad ball den RIC; feallmharaíodh cuid acu os comhair a leanaí. Is cortha an cur síos a fuaireamar ar an tslí go mba dhóbair gur tharla an rud céanna do Michael. Ceann de bhuaicphointí an chláir ná an cuntas a tugadh ar chuimhní cinn Thomas Babbington.
Chuir Michael aithne air nuair a bhí sé lonnaithe i gCarraig na Siúire. Dhiúltaigh Thomas léine a dhíol leis mar chuid den bhagchat a bhí coitianta ag an am. Bhí Thomas gníomhach san IRA agus nuair a ghabh na saighdiúirí é ar thaobh an bhóthair bhí sé i mbaol a bháis. Dar leis gurbh é Michael ba chúis gur éalaigh sé lena anam. Déanann Tony dreas cainte le mac Thomas, Séamas, agus is ceann de bhuaicphointí an chláir é.
Turas pearsanta é seo do Tony agus cé go bhfuil sé báúil lena sheanathair dhein sé an-iarracht an scéal a chíoradh go hoibiachtúil. Fuaireamar pictiúr de dhuine a bhí ag iarraidh a chrústa a thuilleamh, a theaghlach a thógaint agus teacht slán ón anachain. Níor chuaigh rudaí i bhfeabhas do Michael agus a theaghlach tar éis an chogaidh. Ní raibh aon fháilte rompu sa Saorstát agus thug sé aghaidh ar Thuaisceart Éireann agus post san RUC. Imeacht ón tine chun na gríosaí ba ea é agus seicteachas diamhair roimhe.
Bheadh mórán den tuairim go raibh lucht an RIC ar an taobh mícheart de stair na hÉireann ach ag an am céanna mheabhraigh an clár seo dúinn go raibh gnáthdhaoine calma gafa sna heachtraí staire seo.
Fág freagra ar 'Léargas teaghlaigh ar an saol san RIC agus gné íogair de stair na hÉireann'