Léargas suaite ar chóras coinneála na hAstráile

Is é an córas coinneála an bithiúnach i Stateless agus níl sna carachtair ach lúba beaga i slabhra mór

Léargas suaite ar chóras coinneála na hAstráile

Stateless
Stiúrthóir: Emma Freeman agus Jocelyn Moorhouse
Cliar: Yvonne Strahovski, Fayssal Bazzi, Asher Keddie, Jai Courtney, Cate Blanchett, Dominic West

Ní bhíonn scéalta agus conspóidí faoi chúrsaí is polasaithe inimirce i bhfad ós na ceannlínte ar an saolta seo, fiú má tá Covid tar éis iad a ghuailleáil go leataobh ar feadh scaithimh.

Sa mhionsraith is déanaí ó Netflix déantar cíoradh ar chóras coinneála na n-inimirceach san Astráil agus faoi cheathrar éagsúla a leaindeálann ar dhá thaobh den sconsa in ionad coinneála i ndeisceart na tíre. Sna chéad chúpla gála déanta conair na bpríomhcharachtar chuig an ionad sin a rianú.

Tá an saothar Astrálach seo bunaithe cuid mhaith ar scéal Cornelia Rau (Sofie Werner sa saothar), Astrálach de bhunadh na Gearmáine, a coinníodh go mídhleathach in ionad coinneála san Astráil ar feadh deich mí idir 2004 agus 2005. I dtosach na sraithe címid go bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte ag Sofie (Strahovski) agus cuireann eagraíocht fhéinchabhrach ar geall le cultas é an tsúil ribe uirthi.

Téann staid mheabhrach na mná in olcas agus trí thionóisc is bréaga cuirtear san ionad coinneála í.

Is é Ameer (Bazzi) a insíonn scéal an ghnáth-theifigh, más ann dá leithéid.

Tá siad siúd tar éis éalú ón Afganastáin chuig cósta na hIndinéise agus iad ag brath ar gháinneálaí gan mhaith iad a thabhairt ar bhád chuig an Astráil. Tagann an chúbláil agus an tragóid sa mhullach orthu fan na slí.

Astrálaigh an bheirt eile. Tá Cam Sandford (Courtney) ar a chroí díchill ag iarraidh a chrústa a thuilleamh agus meallann an pá breá é chuig post san ionad. Oifigeach de chuid Roinn na nInimirceach í Clare Kowitz (Keddie) a thagann chuig an ionad go drogallach le caoi a chur ar chúrsaí caidreamh poiblí óir go bhfuil na meáin ag bolathaíl timpeall agus beirt de bhunadh Tamil ag diúltú tuirlingt de dhíon an ionaid.

Is den chine geal triúr den cheathrar seo agus dá bharr is trí shúile an chine ghil is mó a chítear an córas seo, rud nach rabhas chomh tógtha sin ar fad leis. Ar uairibh, go mórmhór sna chéad ghálaí, mheasas go ndein scéal Sofie na scéalta eile a slogadh.

‘Unlawful non-citizens’ a bhaisteann na húdaráis orthu siúd atá i ngéibheann. Is príosún é cé nach dteastaíonn uathu príosún a thabhairt air. Frustrachas ar na daoine atá faoi ghabháil mar nach ndéantar a gcásanna a phróiseáil. An córas marbhánta agus éiginnte ann féin.

Den chuid is mó ní bithiúnaigh iad na daoine atá ag obair san ionad, sé an córas an bithiúnach. Níl sna daoine ach lúba beaga i slabhra mór.

Tá cliar breá anseo agus róil thánaisteacha ag West agus Blanchett. Sí Strahovski a dhéanann cuid mhaith den saothar a iompar, cúram a dhéanann sí go paiteanta. Léiríonn Courtney a mhianach aisteoireachta chomh maith.

Saothar tathagach é seo a thugann léiriú ar conas mar a chaitheann an státchóras le daoine a thagann thar teorainn isteach go mídhleathach. Más aon chomharthaí imeachtaí ar fud an domhain, agus abhus go deimhin, níl mórán athraithe le cúig bliana déag anuas.

Fág freagra ar 'Léargas suaite ar chóras coinneála na hAstráile'