Léargas spéisiúil ar ‘Communist Catholic’ Gaeltachta a sheas an fód ar son na tuaithe

Clár suimiúil ab ea ‘Meitheal - Gleann Cholm Cille’ faoi shagairt paróiste arbh fhiontraí sóisialach é nach raibh sásta géilleadh do bhánú na tuaithe

Léargas spéisiúil ar ‘Communist Catholic’ Gaeltachta a sheas an fód ar son na tuaithe

Fiontraí fuinniúil, samhlaíoch agus “communist Catholic” ba ea an tAthair McDyer a dhein obair na gcapall do mhuintir Ghleann Cholm Cille ós na caogaidí ar aghaidh agus ar insíodh a scéal sa chlár Meitheal – Gleann Cholm Cille.

Ach oiread le ceantair Ghaeltachta is tuaithe eile ar fud na tíre is ceantar fíorálainn ó thaobh na timpeallacht é an Gleann ach faoi mar is eol do mhuintir na tuaithe inniu fiú, ní leor tírdhreach álainn le pobal a chothú.

Cúig bliana is fiche tar éis bhunú an Stáit bhí geilleagar na tíre i ngalar na gcás agus daonra na tíre tite go 2.5 milliún.

Bhí muintir Ghleann Cholm Cille ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal agus d’aithin an sagart paróiste gur “ghalar marfach” í an eisimirce. 

Ar mhaithe le pobal inmharthana a chinntiú don dúthaigh mhaígh sé go raibh gá le feabhas i gcúig réimse faoi leith: fostaíocht, aibhléis, soláthar uisce, bóithre agus íoclann. Is éard atá sa chlár faisnéise aon uaire uair an chloig seo ná éachtaint ar an iliomad seifteanna a ceapadh le borradh a chur fé gheilleagar an cheantair.

Tá agallaimh chartlainne leis an bhfear é féin mar aon le sleachta óna dhírbheathaisnéis á léamh ag Stephen Rea mar bhunchloch leis an gclár.

Ba as Béarla na hagallaimh sin agus go deimhin faoi dheireadh an chláir mar dhuine nach raibh aon chur amach agam ar an bhfear roimhe seo ní raibh a fhios agam an raibh Gaeilge aige; glacaim leis go raibh.

Is as Gaeilge a labhraíonn formhór na gcloigne cainte is turas maoithneach á thabhairt siar bóithrín na smaointe acu le trácht a dhéanamh ar thréimhse chinniúnach eachtrúil i stair an pharóiste.

Thosaigh rudaí le tógaint Halla an Phobail agus déantar cur síos seoigh ar an iomaíocht idir fearaibh na mbailte fearainn éagsúla agus iad ag iarraidh níos mó bloc a leagadh ná a gcéilithe comhraic thar claí. Ní haon iontas gur tógadh an halla in dhá sheachtain déag. Ní rabhthas ach ina thús mar cuireadh monarcha éisc, monarcha glasraí, tithe saoire, monarcha fíodóireachta agus monarcha cniotála ar bun i gcaitheamh na mblianta.

Bhí gaiscí an tsagairt is an phobail mar ábhar inspioráide ag pobail tuaithe ar fud na tíre. “If only all of rural Ireland could see this then all would be well,” an bhreith a thug de Valera ar ghaiscí an Ghleanna nuair a thug sé cuairt ar an áit i 1955.

An ghné ba shuimiúla den chlár dar liom ná gur chuir meon sóisialach an tsagairt míshuaimhneas ar na húdaráis agus tháinig seo go barr uisce nuair a dhein sé iarracht feirmeoireacht phobail a chur ar bun agus an fheirm is mó san Eoraip a chruthú.

Níor éirigh leis an tionscnamh áirithe seo ach léirigh sé arís eile gur chreid McDyer go hiomlán i meon traidisiúnta na meithle.

Ba bheag an meas bhí aige ar na bainc, na polaiteoirí agus státseirbhísigh, cé nach mbíodh aon stad air ach ag stocaireacht ar an dá dhream deireanach acu sin. Thuig sé cumhacht na meán agus ba é bhí deas ar iad a láimhseáil. Bhí cumhacht thar na bearta ag an Eaglais ag an am agus d’úsáid sé an bóna lena bha a chur thar abhainn.

B’fhéidir gurbh é an drochmheas céanna ar na bainc nó a dhoicheall géilleadh d’fhórsaí eacnamaíocha ba chúis le hiasachtaí a bheith gan íoc ar ais.

I ndeireadh na dála ghlac na bainc seilbh ar réadmhaoin an phobail. Ina dhiaidh sin féin cuirtear abhaile orainn go bhfuil rian an tsagairt agus a ghluaiseachta le sonrú go láidir sa cheantar go fóill. Theastaigh uaim a thuilleadh a chlos faoi conas mar a tháinig rudaí chun críche agus cad a tharla don sagart ina dhiaidh sin.

Clár suimiúil, snasta é seo a thugann léargas ar fhear faoi leith. Fiontraí sóisialach agus fear nach raibh sásta géilleadh do bhánú na tuaithe. Chreid sé gur i measc an phobail atá slánú an phobail. Ní fios cén bhreith a thabharfadh sé ar shaol na tuaithe sa lá inniu.

Fág freagra ar 'Léargas spéisiúil ar ‘Communist Catholic’ Gaeltachta a sheas an fód ar son na tuaithe'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Chuir mé spéis faoi leith sa gclár aréir, mar gur chaitheas tréimhse le linn an tsamhraidh 1970 ar champa oibre i nGleann Colmcille. Bhíomar ag obair ar thithe Comhairle Chontae a thógáil do chuid de na daoine a bhí ag filleadh ón imirce le dul ag obair sna postanna nua a bhí á chruthú sa gceantar. Bhí Gaeilge mhaith ag James Mc Dyer ach níor léirigh sé mórán spéis sa Ghaeilge. Le bheith faireáilte dhó ní raibh mórán Gaeilge á labhairt i nGleann Colmcille féin ag an am agus is i mBéarla is mó a rinne James Mc Dyer a chuid oibre i measc an phobail.

    Gan aon dabht b’íontach an fear a bhí ann: bhí misneach is clisteacht, náisiúnachas agus sóisialachas ag baint leis cinnte.

    Forbairt Pobail a bhí ar bun aige ACH do réir mar a thuigeas ag an am ní mórán daonlathais a bhí ag baint leis an gcomharchumann a bhunaigh sé. Is aige féin agus glac an bheag daoine gar dhó a bhí na scaranna. Bhí smacht daingean aige ar an gcomharchumann. Ní dóigh liom gur chríochnaigh an scéal ró mhaith agus sé an trua gur seachnaíodh é sin sa gclár aréir.

    Shíl mé go raibh Liam Ó Cuinneagáin an ionraic sa gclár aréir ina léargas ar James Mc Dyer: gur fear íontach charismatic a bhí ann agus nach nglacfadh le diúltachas ó aon duine agus a bhí sásta an ‘roman collar’ a usáid le doirse a oscailt ach nach bainisteoir ró mhaith a bhí ann, le cinntiú go mairfeadh na tionscadail a bhí bunaithe aige.

    Feictear dom go raibh an clár ag braith an iomarca ar leagan an Athair McDyer ina labhair agus nár tugadh dóthain creidiúnt do na daoine a bhí sásta tacaíocht a chur ar fáil do na tionscadail a chuir McDyer ar bun: Gaeltarra Éireann agus Erin Foods mar shampla.

    Dála an scéil maidir len é a bheith ina ‘Catholic Communist’, shíl mé gur seift íontach cliste é sin ag an am, le aird na meáin i mBleá Cliath a fháil: bhí an Irish Times, an Irish Press agus RTÉ lán le iriseoirí óga a bhí ar an eite clé agus d’éirigh le McDyer na iriseoirí sin a mhealladh tré íomhá an ‘Communist Catholic’ a chruthú dhó féin. Agus d’oibrigh sé dhó. Chuir sé an Ghleann ar an mapa cinnte.