Léargas pléisiúrtha ar shaol is ar ghaiscí Alex Ferguson

Bhí smacht iomlán ag muintir Ferguson ar shruth agus ar théamaí ‘Never Give In’ agus d’fhág sin go rabhthas bog go maith ar an Albanach

Léargas pléisiúrtha ar shaol is ar ghaiscí Alex Ferguson

Is mó focal scríofa agus craolta faoin mbainisteoir sacair cáiliúil Alex Ferguson. Ba dhóigh leat ná fuil aon ní eile le rá faoi fhear na hAlban agus laoch Mhanchain Aontaithe faoin tráth seo.

Mar sin féin seo chugainn clár faisnéise eile faoin bhfear a meabhraítear dúinn go minic i rith an chláir a bhí ar an mbainisteoir ab fhearr agus ba rathúla i stair Shasana. Sé a mhac Jason atá ar an stiúir agus ina agallóir do Never Give In Netflix).

Chinntigh sin go raibh teacht éasca ar an bhfear é féin agus gur cuireadh comhrá pléisiúrtha, measúil sa tsiúl le fear a bhíonn ciotrúnta go maith go minic.  Sé an cur chuige céanna a chinntigh go raibh smacht iomlán ag muintir Ferguson ar shruth agus ar théamaí an chláir; an fócas bog mar a déarfadh fear an Bhéarla.

A chomharthaí sin ná gur tagairt fhánach a dhéantar do Roy seo againne. Faoi mar is eol do lucht sacair agus andúiligh Man U bhí an Corcaíoch mar chaptaen ag Ferguson agus ar thosach cadhnaíochta sna gaiscí ar pháirc na himeartha. Labhraítear le Cantona agus Giggs agus táid moltach, milis. An t-aon bhreac sa bhainne ná Jim Leighton, an báideoir a bhí taobh leis in Aberdeen agus a thug sé leis ó dheas go Manchain.

I ndiaidh dó trí bháide a scaoileadh isteach i gcluiche ceannais an FA Cup d’fhág Fergie ar an mbinse é don athimirt agus b’in an buille marfach dá gcaidreamh fad a bhí Leighton le Manchain. Is léir ó agallaimh (a deineadh le daoine eile ach a athchraoladh anseo) go bhfuil an chloch sa mhuinchille dó ag Jim i gcónaí. Díríodh ar an scéal sin le léiriú a thabhairt, mar dhea, ar na cinntí crua a bhí le déanamh ag Alex, agus gur gá olc a chur ar dhaoine aonair ar mhaithe leis an bhfoireann. Táim cinnte go bhfuil imreoirí eile amuigh ansin a mbeadh an port céanna acu le Jim, dá mbeadh an uain is an misneach acu labhairt.

De bharr iomadúlacht na ngaiscí níor mhór sraith (cosúil le The Last Dance le Michael Jordan) le cuntas críochnúil a thabhairt ar gach ceann. Mar thoradh ar shrathair an ama tagann an clár chun críche ó thaobh an spóirt de i 1999 nuair a d’éirigh le Manchain Aontaithe Léig na Seaimpíní a thabhairt leo; an gaisce is mó is ansa le Alex féin. Dá bharr ní dhéantar aon chíoradh ar thréimhse Rooney is Ronaldo, ach ní chuirfeadh sin stop leo a bheith rannpháirteach sa chlár.

Bhaineas an-taitneamh as an léiriú a deineadh ar chúlra agus óige Ferguson i nGlaschú, a laethanta imeartha agus a thréimhse bainistíochta le Aberdeen. Shlog seo ar fad breis is leath an chláir. Gné shuntasach den chlár ná an léargas a tugadh ar an lá a raibh rith fola san inchinn aige agus a aistear chun téarnaimh.

Bhaineas taitneamh as an gclár seo agus chinntigh an nasc teaghlaigh léargais ar leith. Ina dhiaidh sin féin ba bhreá liom saothar a fheiscint a dhéanfadh na fiacla a dhrannadh ábhar.

Fág freagra ar 'Léargas pléisiúrtha ar shaol is ar ghaiscí Alex Ferguson'

  • An Teanga Bheo

    Laoch ar leith é Alex