Léargas nua le tabhairt ar staid na Gaeilge i bhfigiúirí daonáirimh

Beifear ag súil le scéal níos fearr don teanga sna torthaí ó Dhaonáireamh 2022 atá le foilsiú inniu ná mar a bhí i bhfigiúirí an daonáirimh dheireanaigh

Léargas nua le tabhairt ar staid na Gaeilge i bhfigiúirí daonáirimh

Gheofar léargas inniu ar staid na Gaeilge nuair a fhógrófar torthaí Dhaonáireamh 2022.

Beifear ag súil le scéal níos fearr don teanga ná mar a bhí i bhfigiúirí an daonáirimh dheireanaigh.

Drochscéal amach is amach don Ghaeilge a bhí i nDaonáireamh 2016 a léirigh gur tháinig laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht.

Laghdú 11% a bhí i gceist ar líon na gcainteoirí laethúla i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016 agus laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht.

Bhí laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, ach amháin Port Láirge.

Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí (-18%) agus Dún na nGall (-15.8%) a bhí an laghdú is mó.

I nDaonáireamh 2022, a bhí in ainm is a bheith déanta in 2021 ach ar cuireadh siar é de dheasca na paindéime, bhí focheist eile ann faoi labhairt na Gaeilge – “cé chomh maith is a labhraíonn tú í?”. Bhí trí rogha ag duine mar fhreagra ar an gceist sin – ‘an-mhaith’, ‘go maith’ nó ‘ar éigean’.

Beidh léargas nua ar fáil ansin ar an líofacht sa teanga a mheasann daoine atá acu. 1,761,420 duine a mhaígh i nDaonáireamh 2016 go raibh Gaeilge éigin acu agus díol suime a bheidh ann fáil amach cén leibhéal líofachta a mheasann na daoine sin atá acu.

Ach is ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla lasmuigh den chóras oideachais is mó a bheidh aird daoine inniu óir go meastar gurb é sin an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga.

73,803 duine a thug le fios i nDaonáireamh 2016 go labhraíonn siad an Ghaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 3,382 duine, nó 4.4%, ar an 77,185 duine a dúirt amhlaidh in 2011.

Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ó 23,175 go 20,586, laghdú 11%.

Tabharfaidh torthaí an lae inniu éachtaint do dhaoine chomh maith ar conas mar atá ag éirí leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gan fágtha ach seacht mbliana go leith dá tréimhse fheidhmithe.

Tá sé mar sprioc ag an straitéis go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais ann faoi 2030 agus go mbeadh ardú 25% ar ‘líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá’ faoin mbliain chéanna.

Spriocanna iad sin a bhfuiltear in amhras fúthu le fada, bunaithe ar dhaonáirimh agus ar fhianaise eile faoi mheath na teanga.

Fág freagra ar 'Léargas nua le tabhairt ar staid na Gaeilge i bhfigiúirí daonáirimh'

  • Seán ÓM

    Sea – is cuimhin liom nuair a d’fhógair an Rialtas FF-Glas an straitéis 20-B nuair a bhí cónaí orm in Éirinn i 2011 – ardú go 250,000 mar sprioc, cé go raibh an rialtas céanna sin agus an rialtas ina dhiadh ag cúr polasaithe i bhfeidhm a sheol na scórtha míle duine óg – as an nGaeltacht agus as Éirinn er fad – agus i dtreo an bháid imirce. Caithfear daoine a choinneáil in Éirinn chun iad a cur ag Gaeilgeoireacht.
    Agus níl síad ag tógáil Gaelcholáistí ach oiread.

    Sprioc gan aon chur cúige córasach atá i gceist.